In Focus
Mar 21, 2026

Cnuasach Nua Filíochta Foilsithe ag Éire Ní Fhaoláin, Mac Léinn Tríonóide

Labhraíonn Fachtna Mac Conghail le hÉire Ní Fhaoláin, atá tar éis a dara cnuasach filíochta a fhoilsiú.

Fachtna Mac ConghailEagarthóir Gaeilge
blank
Éire Ní Fhaoláin (pictured)
via Facebook

Is éacht faoi leith é cnuasach filíochta a bheith foilsithe agat agus tú fós i do dhéagóir, gan trácht ar dhá leabhair a bheith curtha i gcló agat faoin staid céanna. Sin atá déanta ag Éire Ní Fhaoláin, scríbhneoir, amhránaí, ceoltóir, agus file ó Loch Garman atá naoi mbliana déag d’aois. Is mac léinn i gColáiste na Tríonóide í Éire, áit a ndéanann sí staidéar ar an nGaeilge agus ar an gCeol. Tá a dara chnuasach filíochta, “Puisín Beag an Diabhail”, anois foilsithe aici agus tá sé ar fáil i siopaí leabhair Loch Gorman, ar líne, agus sa Siopa Leabhar ar Shráid Camden go luath. 

Tuigeann Éire í fhéin gur éacht mór atá bainte amach aici trína cuid filíochta. “Ní chreidim fós gur éirigh liom”, a ndúirt sí leis an University Times. Ní haon ionadh é go bhfuil féith cruthaitheach inti, áfach. Tógadh i gclann cheolmhar, Gaelach í. Is minic go mbíonn sí ag ceol in éineacht lena deartháir agus lena máthair. “Thug mo mham amhránaíocht dúinn beirt”, a deir sí. I measc an cheoil a roineann siad ar an Instagram @eireaguschulainn, tá singil seolta ag Éire lena deartháir freisin. Tháinig cabhair ó ghach ball clainne chun “Puisín Beag an Diabhail” a sheoladh sa domhan mór. Is teach foilseacháin gur bhunaigh máthair Éire, Fóghmhar, a gcuireann a cuid saothair i gcló. Anuas ar sin, is ea Cú Chulainn, deartháir Éire, a dhear clúdach an leabhair. 

Idir na dánta ar fad sa chnuasach nua, is léir téamaí an nadúir agus an béaloidis. Is iad na hamhráin sean-nós go bhfuil sí chomh cleachtaithe orthu a thug ionspráid di, ach go háirithe. “Is dóigh liom go dtéann an ceol traidisiúnta, an béaloideas agus an fhiliócht lámh le lámh”, a deir sí. Tá baint ag roinnt dánta le scéalta an chait dhuibh, le claidhreacht an chait, agus leis an bpiscín ghleoite dubh atá acu sa bhaile. Ach, tháinig na dánta eile chuici sula chum sí dán Puisín Beag an Diabhail. Nuair a tháinig an spreagadh don dán seo, “nasc sé gach rud eile le céile”.

ADVERTISEMENT

Is cuid tábhachtach d’aistear fileata Éire é foilsiú a dara leabhair filíochta. Thosnaigh sí amach leis an bhfilíocht agus í ina páiste agus tá sí tar éis dul ó neart go neart ó shin. “Thosnaigh mé i gceart leis sa triú bhliain sa mheánscoil”, a deir sí, “thosnaigh mé ag smaoineamh go bhféadfainn gairm a bheith agam le seo”. Tá tacaíocht agus cabhair mhór faighte aici leis na blianta óna clann, ón gcoláiste, agus ón eagraíocht Fighting Words, ach go háirithe. Déanann Fighting Words gach iarracht spéis a spreagadh i measc daoine óga sa litríocht, sa scríobh, agus san fhilíocht. “Deireann siad leat gur féidir níos mó a dhéanamh leis ná díreach bheith ina chaitheamh aimsire”. Dar le hÉire, fadhb mhór a mbíonn ag eagraíochtaí cosúil le Fighting Words ná chun dul i ngleic leis an náire a mbíonn ag daoine óga chun bheith ag scríobh. An rud a ndéarfadh sí leis na déagóirí seo ná “má tá suim agat, bí ag scríobh, bain triail as, ach háirithe trí Ghaeilge”. Cinnte, d’Éire ach go háirithe, is léir go bhfuil an Ghaeilge tar éis móráin deiseanna a chur ar fáil di. Craoladh saothar léi ar Raidió na Gaeltacha agus beidh sí ag glacadh páirt in imeacht IMRAM, eagraíocht litríochta gaelach, i bPort Láirge ar ball.

 

Airíonn Éire go bhfuil fadbhanna le dul i ngleic leo leis an dteanga, freisin. In aineoinn an cuma go bhfuil an teanga faoi bhláth sa lá inniu ann, is léir go maireann deacrachtaí don Ghaeilge san oideachas agus sna Gaeltachtaí. “Deirim ‘lean ar aghaidh’ le gach rud ar na meáin shóisialta, ar Tiktok, ar Instagram, tá sé sin ar fheabhas, ach caithfimid freisin an fhadhb níos mó a réiteach”. I gColáiste na Tríonóide, mar shampla, deir Éire go bhfuil “an-chuid oibre le déanamh againn chun go mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí”. Caithfear leanúint ar aghaidh leis an bhfeachtasaíocht gaelach sa choláiste chun deileáil le seo, dar léi.

 

Ar leibhéal pearsanta, áfach, is léir go bhfuil sí sceitimíneach faoi cad atá roimpi. Tá dráma cumtha aici, cé go bhfuil “neart oibre fós le déanamh leis”. Freisin, tá neart deiseanna foghlama aici fós agus í chomh óg, sa choláiste agus i saol na filíochta. “Táimse fós ag foghlaim conas mo fhilíocht a chur i láthair” a deir sí. Níl aon amhras ach go mbeidh todhchaí suntasach roimpi, le tacaíocht óna cairde, óna teaghlach, agus ón bpobal bríomhar liteartha atá sa tír. Agus í ag déanamh tagairt ar leithéidí Nuala Ní Dhomhnaill, Micheal Davitt, agus Colm Breathnach atá mar thionchair uirthi, is léir gur chóir d’Éire Ní Fhaoláin bheith mar ionspráid don dhuine óg atá ag triail ar an bhfilíocht.

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.