Mar 27, 2026

Éire Aontaithe Arís i mBéal an Phobail: Athrú Tábhachtach ar Bhunreacht Chonradh na Gaeilge

Pléann Saoirse Bhreathnach Ard-fheis Chonradh na Gaeilge agus na rúin difriúla a chuireadh chun cinn

Saoirse BhreathnachEagarthóir Cultúrtha Gaeilge
blank
Photo from the Irish Times

Bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893 chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Ceann dena bealaí a rinneadh seo ná tríd na hArd-Fheiseanna. Bhí Ard-Fheis na bliana seo i mBéal Feirste. Is deis a bhí inti do phobal na Gaeilge cinneadh a dhéanamh a leagfadh amach treo maidir le todhchaí bhunreachtúil na hÉireann, agus chun cinntiú nach mbeidh ár dteanga ná an Ghaeltacht ina smaoineamh sean-fhaiseanta agus sean-caite, ach ina fórsa tiomána, atá chun tosaigh i gcursaí shóisialta, bhunreachtúla agus chultúrtha na tíre.

Beidh sé ina chuspóir oifigiúil feasta ag Conradh na Gaeilge “gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta” i ndiaidh d’Ard-Fheis na heagraíochta in Óstán Europa, Béal Feirste, glacadh le leasú ar an mbunreacht agus le dhá rún ghaolmhara eile ar an ábhar.

Moladh trí rún san iomlán. Bhain rún 1(a), a chuir Coiste Ceantair Bhéal Feirste chun cinn agus ar labhair Conchúr Ó Muadaigh faoi, le hathrú ar bhunreacht na heagraíochta chun an cuspóir nua seo a chur san áireamh. Dúradh nach leor an dul chun cinn i gcearta teanga a cheiliúradh agus gur ghá do Chonradh na Gaeilge súil a choinneáil chun tosaigh, ag fiafraí ar áit na Gaeilge i dtodhchaí na tíre. Mhol sé go mbeadh an Conradh ag tacú le hÉirinn Aontaithe agus ag déanamh stocaireachta i reifreann ar an mbonn gur ar mhaitheas le cearta teanga a bheadh a leithéid.

ADVERTISEMENT

Mhol ceann Chraobh 1916, rún 1(b), ag maíomh go bhfuil leas agus todhchaí na teanga ceangailte le struchtúir pholaitiúla, riaracháin agus oideachais na tíre, agus go bhféadfaí cosaint, normalú agus forbairt níos láidre a bhaint amach don Ghaeilge i gcomhthéacs Éireann Aontaithe. Mhol Róisín Ní Chinnéide ó Chraobh Liú na Laoi an tríú rún, 1(c), ag iarraidh ar an gConradh ról níos lárnaí a imirt i dtreascairt na críochdheighilte.

Spreag na rúin plé fada agus, in amanna, teasaí. Thacaigh uachtarán reatha an Chonartha, Ciarán Mac Giolla Bhéin. Freisin, bhí formhór na dtoscairí i bhfabhar na rún. Dúirt cainteoirí eile go bhfuil cearta teanga agus athaontú na tíre fite fuaite lena chéile, agus go gcaithfidh Conradh na Gaeilge a bheith páirteach sa díospóireacht atá ar siúl cheana féin ar thodhchaí bhunreachtúil na hÉireann.

Cé gur moladh na rúin a tharraingt siar le haghaidh tuilleadh machnaimh, níor glacadh leis sin. Sa deireadh, glacadh leis na trí rún, rud a chuireann athaontú na hÉireann ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcroílár chuspóirí oifigiúla Chonradh na Gaeilge as seo amach.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.