Mar 27, 2026

Léirscrios á Déanamh ar Pháirc Náisiúnta

uairisc nua ag nochtú na droch-nósanna iascaireachta atá ag scriosadh éiceachóras Páirc Náisiúnta na Mara

Ruairí GoodwinEagarthóir Imshaoil
blank
Photo from Wiki Commons

Tá sé nochtaithe ag tuairisc nua ó Fhoras na Mara go bhfuil droch-nósanna iascaireachta ag déanamh léirscrios ar an éiceachóras laistigh de Pháirc Náisiúnta na Mara. Baineann an léirscrios seo le nós iascaireachta damáisteach a fhágann eangacha amach ar feadh roinnt laethanta le breith ar phiardóg, neach mara atá cosúil le gliomach agus a bhfuil praghas ard le fáil ar sna margaí. Dár leis an tuairisc, maraíodh os cionn míle rón ag na heangacha seo, chomh maith le neart speicis d’éisc. Maraíodh os cionn ochtó de speiceas amháin, an bráthair, atá mar chúis mór imní mar gur speiceas é atá i mbaol criticiúil go domhanda agus in Éirinn. Cheapfaí go dtugfadh an t-aon páirc náisiúnta ar muir sa tír cosaint láidir don speiceas seo agus neart cinn eile, ach níl aon srian ar nósanna iascaireachta scriostach fiú laistigh de limistéir na páirce. Má cheadaítear seo laistigh de pháirc náisiúnta, cad is fiú é a bheith ann in aon chor? Fágann sé gur díreach rud shiombalach atá inár bpáirceanna náisiúnta agus limistéir cosanta eile, gan d’aidhm ach le turasóireacht a chur chun cinn.

Mar chuid de Stráitéis Bhitheagsúlachta do 2030 de chuid an tAontas Eorpach, tá Éire tar éis gealladh go ndéanfar 30% dá críocha a chosaint roimh 2030. Is muid díreach cúpla bliain amach ón spriocdháta sin, is léir go bhfuil rialtas na hÉireann ag cliseadh ar an ngealltanas sin, le níos lú ná deich faoin gcéad de limistéir mara na tíre faoi chosaint, ar pháipéir, agus ó dhearcadh na tuairisce nua ó Fhoras na Mara, gan aon fíor-chosaint i bhfeidhm. An aidhm atá ag stráitéis an AE ná go mbeadh 10% faoin gcéad de na limistéir cosanta faoi cosaint dian, nach ceadófar aon iascaireacht nó tionsclaíocht, agus go mbeadh cosaint faoi leith ag an gcuid eile. Ba chóir go mbeadh Páirc Náisiúnta na Mara, a bunaíodh i 2024 mar an chéad páirc náisiúnta ar muir, sa chéad catagóir sin, ach is léir ón tuairisc nach tugtar fiú an leibhéal íseal de chosaint dó.

Rinne an tuairisc cur síos cruinn ar an damáiste atá á dhéanamh agus na cúiseanna atá leis. Mhínigh siad go bhfuil seachghabháil dosheachtanta nuair a fhágtar amach eangacha mar a dhéanann iascairí piardóga. Mhol siad gur féidir breith ar phiardóga i slí eile, atá díreach chomh éifeachtúil céanna agus nach mbíonn aon seachghabháil bainteach leis. Séard atá i gceist leis an slí eile seo ná úsáid a bhaint as potaí le breith ar na piardóga, in ionad eangacha a úsáid. B’é seo an nós traidisiúnta le breith ar phiardóga, gliomaigh agus portáin, agus ní haon ionadh go bhfuil sé níos inbhuainithe. Dá mbeadh an toil pholaitiúil ann le gnáthóga mara a chosaint agus a caomhnú, ní bheadh sé deacair cosc a chur ar an nós damáisteach d’iascaireacht, chomh maith le scéim a chur i bhfeidhm le tacaíocht a thabhairt d’iascairí leis an nós nua a fhoghlaim agus a chur i bhfeidhm.

ADVERTISEMENT

Cuireadh scéim cosúil i bhfeidhm timpeall an chósta ag tosnú sna nóchaidí le dul i ngleic le titim i líon na ngliomach. Bhí an daonra de ghliomaigh ag titim timpeall na tíre mar gheall ar ró-iascaireacht gan srian, rud a bhí ag déanamh dochar don éiceachóras ach freisin d’iascairí agus pobail mara a bhraith ar an earnáil seo. Cuireadh rialacha i bhfeidhm don íosmhéid gur gá a bheith ar ghliomach len é a ghabhadh, agus cuireadh cosc ar ghliomaigh baineann a thógáil. Thosaigh iascairí ag cur eang i driobaill na gliomaigh nach raibh faofa le baint, mar chomhartha d’iascairí eile, chomh maith le do thomhaltóirí. Bhí an-rath ar an scéim seo, tháinig athfhás ar dhaonra na ngliomach sa tír agus d’fhás an earnáil chomh maith, ag tacú le hiascairí.

Deacracht a luadh sa tuairisc maidir le gníomhachtaí iascairí a mheas ná go ndéantar an chuid is mó d’iascaireacht do phiardóga ó bháid beaga nach gcraolann a suíomh mar a dhéanfadh bád mór. Mar sin, níl aon taifead ar cá mbíonn siad ag iascaireacht, rud a ligeann dóibh gníomhú laistigh de limistéir cosanta. Is gá go mbeadh réitiú ar an bhfadhb seo má tá aon feabhas le teacht ar fhorfheidhmiú na limistéir cosanta.

I gcás na bráithre, is cinnte go mbeidh comhoibriú ó iascairí, chomh maith le toil ón rialtas de dhíth leis an speiceas a chosaint óna dhíothú. Gan ach pobal fíorbheag in uiscí na hÉireann is gá go dtiocfaidh athruithe go mear, sara mbeidh an speiceas seo imithe go deo.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.