Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag smaoineamh ar cháin turasóireachta suas le €5 an oíche a ghearradh ar óstáin sa phríomhchathair. Tá cathracha i 21 tír eile san Eoraip tar éis cáin den chineál céanna a thabhairt isteach, a chuirfeadh muirear breise ar turasóirí atá ag fanacht in óstáin agus i lóistín eile sa chathair. Tá an smaoineamh seo mar chuid de phlean chun maoiniú a bhailiú le haghaidh bonneagair agus seirbhísí na cathrach.
Mhínigh Ross Curley, ceannasaí oifig forbartha eacnamaíochta na comhairle, go bhfuil trí phríomhbhealach le muirear a ghearradh: in aghaidh an duine in aghaidh na hoíche, in aghaidh an tseomra in aghaidh na hoíche, nó mar chéatadán de ráta an tseomra. Ceann de na modhanna atá á bhreithniú ná córas céimnithe bunaithe ar chineál an óstáin, ina ngearrfaí €2 in aghaidh na hoíche ar lóistín ar chaighdeán níos ísle agus suas le €5 ar óstáin cúig réalta. D’fhéadfaí ráta cothroma níos simplí a thabhairt isteach freisin, agus thug Curley le fios go bhféadfadh muirear €2 fiú in aghaidh an tseomra in aghaidh na hoíche thart ar €17.5 milliún sa bhliain a ghiniúint don chomhairle. Thagair sé freisin do shamplaí ar fud na hEorpa agus na Ríochta Aontaithe, lena n-áirítear Porto, a ghearrann €3 in aghaidh an duine in aghaidh na hoíche, agus Amstardam, áit ar ghin cáin 12.5% breis is €570 milliún in 2024. Dúirt Curley go léiríonn fianaise idirnáisiúnta nach gcuireann cánacha den chineál seo bac ar chuairteoirí go ginearálta, má chuirtear i bhfeidhm i gceart iad, in ainneoin imní ón earnáil turasóireachta agus fáilteachais. Dúirt sé freisin go raibh Baile Átha Cliath rangaithe mar an ceathrú ceann scríbe cathrach is costasaí in 2023, ach go bhfuil sé fós ina thairiscint ar luach ard do thurasóirí.
Dúirt Cónaidhm Óstán na hÉireann nach bhfuil aon bhunús le cáin turasóireachta bhreise a thabhairt isteach, mar fhreagra ar mholtaí maidir le muirear leaba i mBaile Átha Cliath. Thug an eagraíocht rabhadh go laghdódh muirir bhreise tarraingteacht na hÉireann mar cheann scríbe do chuairteoirí, ag tagairt do chostais atá ag ardú ar fud na hearnála fáilteachais agus d’imní faoi iomaíochas. Míníonn siad, i bhfianaise na méaduithe móra costais atá tagtha ar an dtionscal le blianta beaga anuas, gurb é an rud deireanach ba chóir a bheith á dhéanamh ná cánacha a ardú tuilleadh agus dochar a dhéanamh go tarraingteacht na tíre mar cheann scríbe. Chiallódh cáin ar sheomraí codlata freisin go mbeadh níos lú airgid ag turasóirí le caitheamh i ngnólachtaí turasóireachta eile ina dhiaidh sin, agus níos lú airgid acu agus iad ag tabhairt cuairte ar chodanna eile den tír agus ag fanacht iontu. Thagair an grúpa freisin don ranníocaíocht chánach níos leithne a ghineann an turasóireacht. Gineann gníomhaíocht turasóireachta thart ar 29 cent i gcánacha in aghaidh gach euro a chaitheann cuairteoirí, rud a fhreagraíonn do bhreis is €3 billiún sa bhliain don Chiste Comhchoiteann, a dúradh.
Tá Lorraine Courtney i gcoinne an smaoinimh freisin, ag míniú cé gur le cathracha eile ar fud na hEorpa táille den chineál sin a chosaint, ní sholáthraíonn Baile Átha Cliath luach ard a dhóthain do chuairteoirí chun go mbeadh sé fiúntach, ag deanamh cuir síos ar Baile Átha Cliath mar ‘dirty old town’.
Tá an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Paul McAuliffe, a dhéanann ionadaíocht ar Bhaile Átha Cliath Thiar Thuaidh, i bhfabhar an smaoinimh. Dúirt sé, dá dtabharfaí an muirear seo isteach, go gcuirfeadh sé na milliúin euro ar fáil mar mhaoiniú breise do bhuiséad na gceithre údarás áitiúla sa chathair agus sa chontae. Dúirt sé go bhféadfaí an muirear a úsáid chun tacú le hinfheistíocht i réimsí a n-úsáideann turasóirí go minic agus go mbeadh sé leithdháilte go sonrach chun na críche sin.
Ar an iomlán, tá an díospóireacht faoin gcáin turasóireachta i mBaile Átha Cliath fós oscailte, agus tá tuairimí láidre ann ar an dá thaobh maidir lena tionchar ar iomaíochas, ar mhaoiniú poiblí agus ar earnáil na turasóireachta. Beidh sé le feiceáil sna míonna amach romhainn an dtabharfar an moladh seo chun cinn nó an gcuirfear roghanna eile ina áit chun tacú le bonneagar agus seirbhísí na cathrach.