Apr 27, 2026

Géarchéim Timpeallachta Chomh Maith le Dhaonnúil á gCruthú ag an gCogadh san Iaráin

Tá iarmhairtí timpeallachta ag cur leis an bhfulaingt san Iaráin agus go hidirnáisiúnta de bharr an cogadh seo

Ruairí GoodwinEagarthóir Imshaoil
blank
Image via Wikipedia Commons

Ar an ochtú lá is fichead de mhí Feabhra na bliana seo, bhris cogadh lánscála amach nuair a rinne na Stáit Aontaithe Mheiriceá ruathair ar an Iaráin, i gcomhair leis an Iosrael. Tháinig na ruathair seo i ndiaidh tréimhse fada de teannas idir an Iaráin agus tíortha an Iarthair, leis an mbaol go raibh an Iaráin ar tí airm núicléacha a forbairt mar chúis ainmnithe ag ceannairí Meiriceánacha agus Iosráileacha. Ó shin, tá gar le sé míle duine tar éis a bheith maraithe de bharr an coimhlint dar leis an eagraíocht Hengaw, agus sibhialtaigh mar an deichiú chuid dóibh. Anuas ar an gcostas ard daonna seo, tá an coimhlint ag cur le léirscrios timpeallachta, rud a bheas impleachtaí doimhne aige do mhuintir na hIaráine, an Mheán-Oirthir agus an domhan mór go deimhin.

Ar an gcéad dul síos, is léir go bhfuil gníomhaíochtaí míleata an chogaidh ag scaoileadh le líon ollmhór CO2, leis an méid is mó de shin ag teacht ó scriosadh foirgnimh trí bhuamáil. Laistigh den Iaráin, tá fiche míle foirgnimh sibhialta tar éis a bheith scriosta, dar leis an Chorráin Dheirg, chomh maith le cinn scriosta i dtíortha eile i bhfrithionsaithe ón Iaráin. Dár ndóigh, tá méideanna ollmhóra de CO2 á scaoileadh trí bhreosla atá á dhó do ghníomhachtaí míleata, ag eitleáin ach go háirithe. Tá ruathair buamáile Meiriceánacha tar éis teacht ó bhunáit Airm Meiriceá timpeall an cheantair, ach freisin ó níos faide i gcéin, le heitleáin ag taisteal ó chomh fada le cósta iarthar Shasana le hionsaithe a dhéanamh. B’fhéidir an tslí is feiceálaí go bhfuil an cogadh ag cur le scaoileadh gásanna ceaptha teasa ná sna hionsaithe ar scaglanna ola, atá chomh clúiteach sa réigiúin agus atá mar phríomh-uirlis cogaidh sa choimhlint seo. Ag tús mí Márta, rinne an t-Iosrael buamáil ar cheithre áiseanna ola timpeall ar Tehran, príomhchathair na hIaráine, rud a thosaigh dóiteáin ollmhóra a lig amach púireanna de dheatach dubh a chlúdaigh na cathrach agus a chur dath dubh ar an báisteach a thit ar feadh tréimhse, é lán le droch-cheimicigh, gan amhras. Ar an iomlán, i díreach coicís den cogadh, scaoileadh an líon céanna CO2 is a scaoileadh ag an 84 tír is boichte ar domhan thar an tréimhse céanna, dar le anailís déanta ar son an Guardian,

Ní hé amháin go mbíonn éifeacht ag gníomhachtaí cogaidh ar an timpeallacht, ach go deimhin is mór na himpleachtaí atá ag coinníollacha timpeallachta ar chogaidh féin. Tá easpa uisce mar fhadhb mór do thíortha an Meán-Oirthir i gcónaí, leis an Iaráin mar cheann de na tíortha is mó atá i mbaol triomaigh. Tá seo tar éis dul in olcas le blianta beaga anuas de bharr athrú aeráide, leis an tír i ngreim ag triomaí le sé bliana as a chéile. Tá iarmhairtí móra ag cás polaitiúil an Iaráin ar an ngéarchéim seo, úsáidtear thart ar 90% d’uisce na tíre le barraí a fhás agus iad ag iarraidh a bheith neamhthuilleamaíoch ó aon tír eile i dtaobh an bia de, go háirithe leis na smachtbhannaí atá ar an tír a gcuireann bac mór ar thrádáil idirnáisiúnta. Anois agus an cogadh ar siúl, tá imní ann go n-úsáidfear easpa uisce na tíre mar uirlis chogaidh, le hUachtarán SAM Donald Trump ag bagairt go ndéanfaí ionsaí ar bhonneagar criticiúl na tíre, monarcha dhíshalannaithe ina measc. Dá ndéanfaí na háiseanna seo a scriosadh, a chruthaíonn fionnuisce ó sháile, chuirfí an Iaráin i ngéarchéim uisce, le baol gorta chomh maith dá bharr.

ADVERTISEMENT

Leis an Iaráin anois ag coinneáil diansmacht ar Chaolas Hormuz agus laghdú mór ar easpórtáil ola thíortha eile na Murascaille, tá an soláthar de bhreoslaí tar éis laghdú go mór agus an praghas tar éis ardú dá réir. Le rialtais agus tomhaltóirí ag streachailt leis na h-arduithe seo i bpraghas, tá éileamh níos airde ar fhoinsí fuinnimh inbhuanaithe, ar nós cumhacht gaoithe agus griancumhacht. Cé go bhfuil scéimeanna rialtais ar fáil cheana féin a thugann deontaisí le painéal gréine a chur ar thithe agus foirgnimh, tá an grúpa Micro-Renewable Energy Federation ag iarraidh ar an rialtas leis na scéimeanna seo a leathnú lena thuilleadh tacaíochta a thabhairt don earnáil de bharr an géarchéim breosla domhanda. Diúltaíodh le hos cionn 90% d’iarratais do scéim amháin a tacaíonn le feirmeoirí le painéil gréine a chur isteach, rud a chuireann a thuilleadh brú ar cheann de na grúpaí atá is mó buailte ag an gcostas ard d’fhuinneamh. Cé go dtugann an choimhlint seo beocht nua don fheachtas ar son foinsí fuinnimh inathnuaite, is deacair a bheith dearfach faoin deis agus loscadh ar siúl san Iaráin agus timpeall an Meán-Oirthir.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.