Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 15, 2015

Le Cáineadh Athnuaite Maidir le Cothromaíocht Inscne i Saol Acadúil na Tíre, Tá an Deis ag an gColáiste Ceannasaíocht a Ghlacadh

I ndiaidh na gcáintí le déanaí maidir le eagothroime institúide i saol acadúil na tíre, ba cheart don Choláiste díriú le cur leis an dul chun cinn atá ar siúl.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Agus mar a léirítear arís an eagothroime inscne atá ann i bpostanna sinsearacha acadúil ag leibhéal náisiúnta, tá an deis ag Coláiste na Trionóide ceannasaíocht a ghlacadh maidir le cothromaíocht inscne – má thágann sé ar bhealach éifeachtach leis na bacanna atá ann ar dhul chun cinn na mban laistigh den Choláiste a leigheas.

Léiríonn sonraí ón Údarás um Ard-Oideachas (HEA) ó 2014 go bhfuil easpacht faoi leith i líon na mban in bpostanna sinsearach acadúil go náisiúnta – ba mhná iad 35 faoin gcéad de leachtóirí sinsearacha, ag titim go 26 faoin gcéad dóibh siúd gur ollaimh chúnta iad, agus 19 faoin gcéad de ollaimh. Dúirt Leas Rúnaí Ginearálta de Chónaidhm na Múinteoirí Ollscoile in Éirinn, Joan Donegan, gur fadhb “institúide” í seo, agus rinne sí éilimh do thuilleadh iarrachta le leithcheal ar bhonn inscne sa saol acadúil a sheachaint.

Ní asluiteach é an Coláiste ar an ábhar seo. Faoi láthair, níl mná ach mar 14 faoin gcéad de ollaimh shinsearacha na Trionóide. Ag labhairt sa Choláiste an tseachtain seo caite, dúirt céimí ó Choláiste na Trionóide, agus leas-seansailéir nuathofa Oxford, Louise Richardson, go bhfuil an méid acadóir baininscneacha i bpostanna sinsearacha sa Choláiste thar a bheith íseal, agus go bhfuil sé “mar dhualgas ag an gceannasaíocht” an cultúr seo a athrú.

ADVERTISEMENT

Cé gur moladh Coláiste na Trionóide dá iarrachtaí i leith na cothromaíochta inscne in áiteanna faoi leith – i mí Iúil, bhuaigh an Coláiste agus trí dá scoileanna duais cré-umha Athena dá dhul chun cinn maidir le cothromaíocht inscne san eolaíocht – d’éiligh Donegan stráitéis fhad-téarmach, chuimsitheach leis na fadhbanna a réiteach. Dúirt sí – “ag seoladh tograí nua … ní leor sin agus ní thaispeánann sé go bhfuil leigheas ar na fadhbanna”.

Leis an gcóras molta raon tionachta ag teacht isteach, seans go mbeidh slite nua tábhachtacha le saoire mháithreachais a chlúdú, agus le seasamhacht tábhachtach don taighde, á ofráil. Bhí Richardson cainteach, áfach, i leith an chórais, mar a bhí an t-Ollamh Pat O’Connor, saineolaí i gcothromaíocht inscne. Leis an moladh go fóill ag céim luath, áfach, tá sé deacair tuiscint mhaith a fháil ar an mbéim gur cheart a leagan ar na cáintí seo.
Cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an gColáiste maidir leis an éagothroime seo a sheachaint, dul chun cinn gur cheart dúinn a mholadh, ní cheart don Choláiste gan cluais éisteachta a thabhairt do na cáintí seo, nó gan stráitéas fhad-téarmach, chuimsitheach, a thabhairt isteach a d’éascódh dó ceannasaíocht a ghlacadh ar an ábhar.

ollaimh chúntaassistant professor
stráitéas fhad-téarmach chuimsitheachlong term, comprehensive strategy
ceannasaíochtleadership
leithchealdiscrimination
asluiteachoutlier
raon tionachtatenure-track