Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 23, 2015

Tá Dífheistiú ó Airm agus Breoslaí Iontaise Bainteach leis an bPróiséas Céanna, Seachas a Bheith in Iomaíocht lena Chéile

Ba cheart do mhic léinn an deis a ghlacadh le guth a bheith acu i bpolasaithe an Choláiste.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá an feachtas dífheistithe ag éirí níos láidre i gColáiste na Tríonóide. Tá The University Times tar éis tuairsciú forleathan a dhéanamh ar an ábhar le déanaí, agus tá an Bord Eagarthóireachta tar éis a seasamh a mhaíomh cheana féin ar na fáthanna gur cheart don Choláiste dífheistiú a dhéanamh. Cé nach bhfuil cumhacht dhíreach ag an gColáiste faoi láthair maidir leis an áit go bhfuil infheistiú á dhéanamh lena airgead, tá an chumhacht aici teachtaireacht a sheoladh trí dhiúltú le cistí a dhéanann infheistiú i mbreoslaí iontaise.

An chéad cheist eile, mar sin, ná conas dífheistiú a dhéanamh. Cén chaighdeán eitice gur cheart don Choláiste a úsáid agus infheistiú a dhéanamh, agus le cén ghnólachtaí agus tionscail a mbaineann na caighdeán chéanna? Tá an chuma ann gur ceist mhaorlathach í seo, ach tá sí ag croílár aon dhúil atá ann le seasamh eitice a thógáil le cistí na hOllscoile.

Is freagra intuigthe í an loighic seo ar bhuairt chómónta a chuirtear chun cinn nuair a d’aimsigh The University Times go bhfuil beagnach €850,000 infheistithe ag an gColáiste sa thionscail airm, an bhuairt go gcaillfear tuiscint ar an tábhacht faoi leith ag baint le dífheistiú ó bhreoslaí iontaise, má mheasctar an t-eolas seo isteach san fheachtas dífheistithe. Ach ní próiséas céim-ar-chéim é an dífheistiú. Is athdháileadh mór é ar acmhainní straitéiseacha an Choláiste, agus is beag seans go ndéanfar athmheas nó méadú air má chuirfear i bhfeidhm é.

ADVERTISEMENT

Ní fhéidir dífheistiú airm a dheighilt ó dhífheistiú bhreoslaí iontaise, toisc gur an bhuairt bhunúsach chéanna atá ann. Mar mhic léinn, ba cheart go mbeadh sé tábhachtach dúinn go dtagann infheistithe an Choláiste le caighdeán eitice faoi leith. D’fhéadfadh an diúltú le tionscail na mbreoslaí iontaise a bheith mar chuid mhór den phróiséas sin, ach ní chiallaíonn sé seo nach bhfuil buairteanna eile bainteach, nó ina mí-bhuntáistí. Is í an tslí is fearr le tuairimí na mac léinn a chur chun cinn ná le carn de mholtaí eitice a thógáil atá éifeachtach agus doshéanta agus iad a thabhairt chun na díospóireachta dhífheistithe.

Seans go n-aontóidh an Coláiste go luath le athmheas a dhéanamh ar a straitéas infheistithe, trí straitéas díreach a thógáil isteach, nó trí bhogadh go ciste “glan” nó “glas”. Má tharlaíonn sé seo, beidh deis aonaránach ag mic léinn, nach raibh ann riamh cheana, lena bhfís don todhchaí a léiriú. Muna bhfuil breoslaí iontaise agus an tionscail airm mar pháirt den fhís sin, is é seo an seans le gníomhú air.Trí ghlacadh leis go bhfuil na fadhbanna i mbun iomaíochtaí dár airde féin, nó airde an Choláiste, seans nach nglacfar i gceart leis an deis atá romhainn.

MaorlathachBureaucratic
TionscailIndustry
AthdháileadhReallocation
AthmheasReconsider
CarnCollection
Breoslaí IontaiseFossil Fuels