Trí bhliain ó shin, dúirt an Propast, Patrick Prendergast, gur mhian leis go ndéanfaí “ollscoil d’oileán na hÉireann ina iomlán” de Choláiste na Tríonóide. Ó shin, cuireadh beartais cinnte i bhfeidhm chun fírinne a dhéanamh den phlean sin – Clár Rannpháirtíochta Thuaisceart Éireann sa bhliain 2013 agus an Stáidéar Indéantachta Iontrálacha do na A-levels sa bhliain 2014. Cúis díreach leis an athrú den ráta tiontúcháin idir A-levels agus pointí CAO i ngach ceann de na seacht n-ollscoil sa Phoblacht a bhí sa staidéar indéantachta, rud a rinne mianta daoine as Tuaisceart Éireann dul ag staidéar anseo níos indéanta ná riamh. I Mí an Mhárta, tar éis méadú de 22 faoin gcéad san uimhir iarratas ón Tuaisceart, “>mhol Bord Eagarthóireachta The University Times Coláiste na Tríonóide – ag béimniú gur chuir sé é féin ar thús cadhnaíochta maidir le dúshlán a chur faoi conas a eagraítear iontrálacha ollscoile do mhic léinn as Tuaisceart Éireann sa tír seo, mar atá déanta aige trína staidéar indéantachta iontrálacha CAO sa bhealach sin.
Déanfaimis neamhaird ar feadh nóiméid amháin ar na hiarmhairtí ginearalta d’imeacht Breataine ón Aontas Eorpach. Agus é ag scríobh i the Guardian inniu, dúirt Fintan O’Toole go gcuirfeadh “Breatimeacht” (nó “Brexit,” chun an focal Béarla atá níos aithnidiúla a úsáid) Tuaisceart Éireann “i gceangal uafásach,” ní hamháin trí í a ligint scartha ó thaobh eile an oileáin le teorainn Eorpach, ach ina theannta sin, trí í a ligint i Ríocht Aontaithe a bheadh ag titim as a céile.
Ach is mic léinn freisin atá ag iarraidh dul ag staidéar in Éirinn a chuirfí “i gceangal uafásach” tar éis Breatimeachta. Leoga, dá bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an Aontas Eorpach, ní bheadh mic léinn ón Tuaisceart i dteideal táillí níos ísle a íocadh de réir critéar an Údaráis um Ardoideachas, agus is leis na critéir sin a ghlacfadh gach ollscoil sa tír, de réir a ndualgas dleathach.
Ar ndóigh, má chinneann an Ríocht Aontaithe é sin an AE a fhágáil An Déardaoin, ní tharlóidh rud ar bith láithreach, agus beidh tréimhse ann chun na socruithe den chaidreamh idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe a chinntiú. Áfach, ní tharlóidh sé sin láithreach ach an oiread, agus cruthódh vótáil ar son Breatimeachta éiginnteacht, rud a chuirfeadh drogall ar dhaoine ó Thuaisceart Éireann roimh iarratas a dhéanamh ar son cúrsaí ollscoile in Éirinn in áit cúrsaí sa Ríocht Aontaithe.
Is beag an tábhacht atá i méadú iarratas de 22 faoin gcéad mura nglacann na hiarrthóirí na tairiscintí a dhéantar dóibh. Dá bharr sin, is éasca an rud é an fáth gur féidir le Breatimeacht blianta oibre a rinne Coláiste na Tríonóide chun daoine ón Tuaisceart a earcú a scriosadh a thuiscint.