Comment & Analysis
Apr 15, 2021

Is Mó an Bhagairt ón Tráchtálú ná ón gCoróinvíreas ar Shaol na Mac Léinn

Níl amhras orm gur thacaigh an tráchtálú leis an gColáiste go gearrthéarmach, ach is léir ón gcaoi ar thit na socruithe seo as a chéile go bhfuil sobhristeacht ag baint leis an tráchtálú, dar le Malachi Ó Marcaigh.

Malachi Ó MarcaighEagarthóir Sinsearach
blank
Alex Connolly for The University Times

Bhí cuimhneachán brónach againn an Márta seo. Tá bliain iomlán caite againn ónar tháinig an coróinvíreas go hÉirinn. Bliain iomlán ónar dúnadh an Coláiste den chéad uair agus bliain iomlán ónar cuireadh dianghlasáil i bhfeidhm.

Ábhar mór cainte a tháinig chun cinn de dheasca na dianghlasála ná an éifeacht a bheidh ag an gcoróinvíreas ar an tsochaí i gcoitinne, le barróga agus croití láimhe i measc na n-íobairtí atá déanta againn go dtí seo. Díríodh a lán airde ar an tionchar a bheadh ag an bpaindéim seo ar shaol na mac léinn agus ar an gcultúr atá ann ó thaobh na gcumann de. Le taithí na bliana seo, déarfainn nár cóir dúinn a bheith imníoch roimh thionchar an choróinvíris ar shaol na mac léinn.

Bhí ar na cumainn a gcruinnithe bliantiúla a réachtáil ar líne, agus coistí nua a thoghadh go digiteach. Cé gur sháraigh an seanchoiste ó Lárchoiste na gCumann a bhunreacht féin, tá éacht bainte amach ag na cumainn ar fad i mbliana. Cruthaíodh ardán nua ar líne do na cumainn uilig agus eagraíodh seachtain na bhfreisear iomlán ar líne. Caitheadh níos mó vótaí i dtoghchán Aontas na Mac Leinn i gColáiste na Tríonóide i mbliana ná mar a caitheadh anuraidh – píosa fianaise a léiríonn go bhfuil spéis ag mic léinn an Choláiste i bpobal na mac léinn.

ADVERTISEMENT

Le taithí na bliana seo, déarfainn nár cóir dúinn a bheith imníoch roimh tionchar an choróinvíris ar shaol na mac léinn

Tá pobal Gaelach an Choláiste ina eiseamláir ó thaobh forbairtí a chur chun cinn le linn na paindéime. Réachtáladh Éigse na Tríonóide go hiomlán ar líne den chéad uair riamh i mbliana. Anuas ar sin, seoladh feachtas rochtaineachta do Sheomra na Gaeilge. Is beag an t-athrú a bhí ar líon na n-iarratas don scéim chónaithe anuraidh, in ainneoin na paindéime. Údar dóchais iad na samplaí seo ar fad go mairfidh an pobal, an spiorad agus an dlúthpháirtíocht atá ag mic léinn anseo i gColáiste na Tríonóide.

Ar ndóigh, níl aon cheist faoi ach go bhfuil imeachtaí aghaidh-ar-aghaidh i bhfad níos taitneamhaí ná bheith ag labhairt le daoine tríd scáileán. Ach is í sin an chúis nach bhfuil imní orm faoin tionchar a bheidh ag an gcoróinvíreas ar shaol na mac léinn – tá diongbháilteacht agus neart inchinne léirithe ag mic léinn. Léirigh siad gur féidir leo an fód a sheasamh.

Nocht an phaindéim na laigeachtaí a bhaineann le bheith ag brath ar chomhlachtaí. An samhradh seo caite thuairiscigh an University Times go raibh deireadh ag teacht leis an gcomhpháirtíocht a bhí ag an gColáiste le Banc na hÉireann. Mar chuid den chomhpháirtíocht, dúnadh bialann ar champas agus cuireadh banc ina háit. Rinne Banc na hÉireann urraíocht ar Trinity Sport freisin. Ó shin, tiontaíodh an banc ina áit staidéir do mhic léinn. I sampla mór eile, tháinig deireadh leis an aontas urraíochta a bhí ag an Phil le PwC. Níl amhras orm gur thacaigh an tráchtálú leis an gColáiste go gearrthéarmach, ach is léir ón gcaoi ar thit na socruithe seo as a chéile go bhfuil sobhristeacht ag baint leis an tráchtálú. Is iad mic léinn a bhíonn thíos leis nuair a thiteann an tráchtálú as a chéile.

Ní féidir linn saol na mac léinn agus cultúr na gcumann a chothú má dhíoltar foirgnimh ar champas

Ach is léir nach bhfuil aon cheacht foghlamtha ag lucht riartha an Choláiste faoi na laigeachtaí a bhaineann leis an tráchtálú. I mí na Samhna, thuairiscigh an nuachtán seo ar thuarascáil ón Trinity Futures Group, grúpa a bunaíodh leis na féidearthachtaí a bhaineann leis an gcoróinvíreas a scagadh. I measc na moltaí a bhí ag an grúpa, luaigh siad plean le foirgnimh ar champas a dhíol agus ‘mol’ a bhunú áit éigin eile, lasmuigh de chathair Bhaile Átha Cliath. Tá an cur chuige seo i bhfad níos díobhálaí ó thaobh shaol na mac léinn de. Ní féidir linn saol na mac léinn agus cultúr na gcumann a chothú má dhíoltar foirgnimh ar champas nó má lonnaítear bancanna i seomraí na gcumann.

Seachas an Toghchánaíocht a d’eagraigh Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide, níl na hiarrthóirí i dtoghchán an Phropaist tar éis mórán plé a dhéanamh ar an tráchtálú nó ar shaol na mac léinn go dtí seo. Beidh tionchar ag Linda Doyle, an chéad Phropast eile, ar an treoir agus ar an gcur chuige a bheidh ag an gColáiste ar feadh na mblianta. Ní mór do mhic léinn ceisteanna a chur uirthi faoina pleananna agus ar leibhéal níos fairsinge ó thaobh shaol na mac léinn de.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.