Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 4, 2016

Bacfaidh Moilleanna i gClárú do Mhic Léinn Idirnáisiúnta Uaillmhian an Rialtais Féin

Tá an próiseas fada clárúcháin agus athnuachana víosaí a bhacann mic léinn idirnáisiúnta agus iad ag iarraidh dul abhaile um Nollaig thar smacht an Choláiste - agus is ón rialtas atá na leasuithe le teacht.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Nochtann ráitis cásmhaireachta ball pobail an Choláiste i dtreo an rialtais ar son an mhéid mhóir mac léinn idirnáisiúnta nach bhfuil in ann a víosaí a athnuachan gnéithe de thromchúis an mhaorlathais atá a shárú ag mic léinn ó thíortha taobh amuigh den Aontas Eorpach chun a stádas inimirce sa tír a chinntiú. In ainneoin na leasuithe don chóras a chuireann sé ar chumas daoine coinní a eagrú le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Imirce ar líne, leasuithe a fhaigheann réidh leis na scuainí gan críoch ar Cé an Bhúrcaigh , dealraíonn sé go bhfuil moilleanna fós i ngach áit. Tá mic léinn idirnáisiúnta fós ag iarradh a víosaí a a athnuachan don bhliain acadúil nua, agus chun a cead athiontrála a fháil ionas go mbeodís in ann dul abhaile ar feadh aimsire na Nollag.

Tá sé mealltach féach ar an gcorp ollmhór rialacha agus nósanna imeachta atá ina ngnéithe de mhaorlathas Choláiste na Tríonóide mar fhoinse ana héiginnteachta imníoch atá roimh mhic léinn gurb as tíortha taobh amuigh den Aontas Eorpach dóibh. Áfach, is fadhb thar smacht an Choláiste í seo. In ainneoin gach rud gur féidir leo a dhéanamh chun a bpróisis féin a chur chun cinn agsu a dhéanamh níos éifeachtaí, beidh rialú teorainneacha na tíre agus cé atá in ann dul isteach ná amach den tír i gcónaí i láimhe an rialtais.

Is ait an rud é, dá bharr sin, go bhfuil an rialtas ag obair go dian dícheallach chun an tír a chur chun cinn mar cheann scríbe do mhic léinn idirnáisiúnta – b’fhéidir de bharr a róil lárnach agus raiachtanach atá acu chun an bhearna mhillteach i maoiniú ardoideachais na hÉireann. Leoga, dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, i mí Dheireadh Fómhair go raibh sé mar aidhm aige an uimhir mac léinn idirnáisiúnta in ollscoileanna agus coláistí teanga na hÉireann a mhéadú de réir 37,000 roimh an mbliain 2020.

ADVERTISEMENT

Is cúis díomá go bhfuil an rialtas, agus é ag iarraidh níos mó agus níos mó mac léinn chuig an tír agus é ag iarraidh go nglacann ollscoileanna páirt sa phróiseas sin, tar éis faillí mhór a dhéanamh i gcur i bhfeidhm córais éifeachtaigh chun iarratais clárúcháin imirce a chur san áireamh. Ní féidir ag fairsinge na moille atá ag cur isteach ar ghnáth-phleananna mac léinn idirmnáisiúnta ach dul in airde má tá an rialtas fós chun a thionscnamh a chur i gcrích gan cumas a mhaorlathais a leathnú agus a atheagrú.