Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 11, 2016

Beidh Gach Duine Slán Tar Éis Séasúir na Feachtasaíochta de bharr Rialacha Toghcháin Nua

Tairbheoidh leasuithe do thoghcháin na n-oifigeach sabóideach a ghiorróidh an tréimhse feachtasaíochta agus a forfheidmeoidh pionóis níos déine, a chuireadh roimh Chomhairle TCDSU ar an Máirt, idir iarrthóirí agus mic léinn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Ba cheart go mbeadh fáilte curtha roimh thogra a athródh na rialacha toghcháin d’oifigigh shabóideacha, a chuirfear roimh Chomhairle Aontais na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU) ar oíche Máirt, ag iarrthóirí, foirne feachtasaíochta agus go fiú na mic léinn gan suim ar bith sa pholaitíocht. Athróidh na rialacha, a ghiorróidh an tréimhse feachtasaíochta ó dhá sheachtain go naoi lá agus a chuirfidh cosc ar fheachtasaíocht ar feadh sosa lóin áirithe, an taithí atá ag mic léinn de dhaonlathas champais. I measc na leasuithe freisin tá athrú ó chóras pointi, inar chaill iarrthóirí pointí de réir gach sárú rialach go dtí gur chaill siad na pointí go léir agus baineadh iad ón bpáipéar ballóide, go córas “sáruithe,” ina dhícháileofar iarrthóir tar éis trí shárú dena rialacha.

Táthar ag súil go maolóidh na hathruithe sin na gnéithe is iomíche agus is déine den phróiseas toghcháin sin. Cabhróidh le mórán daoine na sosanna éigeantacha agus an tréimhse feachtasaíochta níos giorra. Tá sé sin mar aitheantas ar an bhfírinne go raibh feachtais, le blianta anuas, ina dtaithí fhada agus díblithe d’iarrthóirí. Cé go bhfuil toghcháin tábhachtach chun cinntiú go bhfuil dlisteanacht agus iontaobh na mac léinn ag oifigigh shabóideacha, is i bhfad ó obair laethúil an Uachtaráin TCDSU atá san iomghaoth gleoiréiseach de shéasúr feachtasaíochta. Ní gá dúinn iarrthóirí oiriúnacha a eisiamh de bharr a éagumais dul i ngleic le seachtainí fada stocaireachta.

Tá an t-athrú go córas “sáruithe” dearfach chomh maith mar chinntíonn sé forfheidhmiú éifeachtach dena rialacha sin. Bhí pointí na n-iarrthóirí mar airgeadra a cheannaigh sáruithe na rialacha, rud a rinne straitéis toghcháin réasúnach dena rialacha a bhriseadh agus a sheachaint. De bharr cinnteachta agus soiléire na rialacha, ní dócha go mbeidh móran sáruithe teagmhasacha agus dá bharr sin níl scála comhghluaisteach ag teastail. Cinnteoidh forfheidhmiú níos déine go mbeidh séasúr feachtasaíochta infhulaingthe ann, do mhic léinn agus iarrthóirí, agus is leasú dearfach atá i gceist dá bhrí sin.

ADVERTISEMENT