Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 9, 2018

Caithfidh USI Fanacht Láidir sa Troid in Éadan Táillí

Cé go bhfuil an taoide ag tiontú ó scéim iasacht mhac léinn, tá na hollscoileanna fós gann ar mhaoiniú.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá an cinneadh déanta ag Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) gan Mórshiúil ar son Oideachais a eagrú i mbliana, ach ní seo an chéad uair. I 2015, i ndiaidh mhórbhua an taoibh ar son chomhionannais phósta sa reifrinn sin, agus le hollthoghchán ag bagairt, ghlac an ghluaiseacht mhac léinn sos agus bhí lá chlárúchán na vótálaithe eagraithe in ionad na mairseála.

Is deacair gan an chosúlacht a fheiceáil le cúrsaí reatha. Anois, áfach, cuireadh an Mórshiúil ar son Oideachais (lena mbíonn mic léinn agus lucht déanta polasaithe ag súil go bliantúil anois) ar ceal chun dul leis an mhórshiúil náisiúnta ar son tithíochta ar an 3 Deireadh Fómhair.

Tagann scéalta uafásacha amach faoi ghéarchéim mhillteanach na tithíochta ar bhonn laethúil. Níl teach ná mac léinn in Éirinn nach ndeachaigh sé i bhfeidhm air. Níl sé radacach, mar sin, go mbeadh gluaiseacht na mac léinn ag troid in éadan na géarchéime. Tá gach seans ann, áfach, go mbeidh aiféala uirthi sa todhchaí gur chuir sí troid na dtáillí ar leataobh.

ADVERTISEMENT

Is fíor nach mbeadh an t-am ag an Taoiseach Leo Varadkar córas iasachta a bhraitheann ar ioncam nó mórathrú ar bith eile ar chóras maoinithe an ardoideachais a chur i bhfeidhm roimh an chéad ollthoghchán eile, fiú dá mbeadh sé ag iarraidh. Is cosúil go gceapann na mic léinn gur cúis chéiliúrtha í seo, áfach. Ach tá na hollscoileanna go fóill gann ar mhaoiniú, agus tá siad anois ag éirí baothdhána – agus ní chuirfidh sé seo isteach ach ar oideachas na mac léinn.

Ní sin le rá gurb é an Mórshiúil ar son Oideachais an dóigh amháin le tabhairt isteach na n-iasachtaí a sheacháint, nó go gcinnteodh sé go gcuirfí airgead ar bith san earnáil. Ach tá teachtaireacht shoiléir á cur anois nach é seo an cloch is mó ar phaidrín na mac léinn a thuilleadh.

Tá an taoide pholaitiúil ag tiontú ar shiúil ó na hiasachtaí, agus tuigeann na hollscoileana é sin anois. Ach cé a sheasfaidh in éadan na dtáillí, mura mbeidh gluaiseacht na mac léinn?