Comment & Analysis
Eagarfhocal
Oct 8, 2018

Seans Go dTiocfaidh Vóta na Mac Léinn le Chéile i gCoinne na Tithíochta

Ba léir i dtólamh nárbh leor ceist an mhaoiniú ardoideachais chun na mic léinn a spreagadh chun vótáil d’aon ghuth.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Roimh an ollthoghchán deireanach i 2016, d’fhoilsigh Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) forógra cuimsitheach inár cuireadh cuid mhór taighde agus obair. Bhí sé de rún ag an doiciméad seo, chomh maith le fís don tír a chur chun cinn a bheadh mealltach do mhuintir óg na hÉireann, tionchar a imirt ar fhorógraí na bpairtithe polaitiúla nár fhiolsíodh go fóill, agus an bealach a réiteach do stócaireacht an aontais náisiúnta.

Ar éirigh leis an iarracht seo, áfach, sin scéal eile ar fad. D’iarr an USI ar cibé páirtithe a thiocfadh i gcumhacht idir méaduithe táillí agus scéim iasachta ag brath ar ioncam a dhiúltú.

Cé gur cinnte nach bhfeicfear scéim iasachta dá leithéid curtha i bhfeidhm le linn saolré an rialtais reatha, is fothoradh é sin – mar a d’áitigh an Bord Eagarthóireachta seo le déanaí – ar an ghuagacht pholaitíuil atá lenár rialtas mionlaigh faoi láthair seachas toradh ar thiomántas an USI ar ár son.

ADVERTISEMENT

Níos tábhachtaí fós, áfach, is léargas é seo ar laige na mac léinn mar bhloc vótála, seachas cáineadh ar an aontas náisiúnta. Mar a d’áitigh an t-eolaí polaitiúil Gail McElroy, ní monailit iad na mic léinn. Murab ionann is na haoisghrúpaí eile, ar nós seandaoine, ní minic a vótálaíonn siad le sprioc ná cúis choiteann.

Mar sin de, in ainneoin iarrachtaí USI chun cur ina luí ar na polaiteoirí go ndiúltódh mic léinn na páirtithe nach ndéanfadh gealltanais maidir le maoiniú ardoideachais, tugann fianaise le fios go mbíonn tionchar níos mó ag ceisteanna eile ar dhaoine óga.

Ar ndóigh, tháinig muintir óg na hÉireann amach ina sluaite ar son chomhionannais phósta agus ar son aisghairm an ochtú leasúcháin. Ach ní fhacthas fós fuinneamh dá leithéid ag imirt tionchair ar na huimhreacha sa Dáil.

Tá gach seans ann, áfach, go dtiocfaidh athrú ar an scéal leis an ghéarchéim tithíochta. Gan trácht a dhéanamh ar fhuinneamh an fheachtais i measc an phobail, má chuirtear ceist ar dhuine óg ar bith na laethanta seo maidir leis an imní is mó atá air, is dócha go mbainfidh sé le cíos, le bheith ábalta bogadh amach as a theach, nó le morgáiste a fháil sa todhchaí.

Faoi dheireadh thiar thall, tá an chuma ar an scéal go bhfuil cúis aontaitheach ag mic léinn ardoideachais agus ag daoine óga go ginearálta. Ba chóir do lucht polaitíochta na hÉireann bheith san airdeall.