Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 24, 2019

Ní hIonann Criosú Lóistín Mac Léinn agus Masla ar Neamhspleáchas Ollscoile

Níl na hollscoileanna gan locht maidir le harduithe cíosa do lóistín mac léinn.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Aontaíonn an Bord Eagarthóireachta seo le hollscoileanna níos minice ná mar a shíleann siad.

Maidir le ceist an mhaoinithe, tá muid  ag cáineadh cinntí rialtais le fada, nach bhfuil ach ag cur le fad an ghéarchéim mhaoinithe le beagnach deich mbliain anuas.

Maidir le neamhspleáchas, tá muid ag cosaint ceart na n-ollscoileanna chun a ngnóthaí féin a bhainistiú gan barraíocht tionchar ón rialtas.

ADVERTISEMENT

Agus an tseachtain seo caite, luaigh muid go bhfuil ceisteanna maoinithe agus neamhspleáchais, go pointe, fite fuaite lena chéile: fiú agus na hinstitiúidí tríú-leibhéal ag fáil níos lú agus níos lú maoiniú stáit, tá an rialtas go fóill ag iarraidh níos mó agus níos mó smachta a bheith acu agus iad ag dul i mbun a ngnó féin.

Is cosúil go bhfuil ionsaí eile á dhéanamh, de réir na n-ollscoileanna, leis an leasúchán ó mhí Bealtaine ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe, a áiríonn foirgnimh ceadúnaithe lóistín mac léinn mar chriosanna brú cíosa – a choisceann arduithe cíosa atá níos mó ná ceathair faoin gcéad in aghaidh na bliana.

I litir chuig an Aire um Tithíochta Eoghan Murphy i mí Márta, mhol Jim Miley, ceannaire Chumann Ollscoileanna Éireann (IUA), gur chóir na hinstitiúidí a n-ionadaíonn seisean a fhágáil as an athrú.

Is  é croí a gcás, is cosúil, ná gurb iad na tiarnaí talúin príobháideacha na fíorbhithiúnaigh, agus nach raibh siadsan riamh ach ar son leas na mic léinn.

Mura bhfuil aird chruinn á tabhairt agat, bheadh sé sin inchreidte – as siocair, ar nós tiarnaí talúin eile, nach bhfógraíonn na hollscoileanna a n-arduithe cíosa go soiléir de ghnáth.

Ach le blianta beaga anuas, tá sé de nós ag an Tríonóid, mar shampla, praghsanna a ardú suas le 10 faoin gcéad, cé nach mbeadh tiarnaí talúin eile na cathrach ábalta é seo a dhéanamh.

Agus chun an tarcaisne a chur i gceann na héagóra, caithfidh mic léínn fanacht go dtí tairiscint seomra ar champas de ghnáth chun fáil amach cá mhéad a bheidh orthu íoc má ghlacann siad léi.

Ní hionann an leasúchán ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe agus an rialtas ag imeacht ó smacht le rialúchán – beart an-chiallmhar atá i gceist leis seo.

Agus den chéad uair, is féidir le mic léinn bheith buíoch go bhfuil an rialtas ag tabhairt cluais bhodhair d’achainí ár n-ollscoileanna.