Radius
Sep 26, 2019

REIC: Dánta, Ceol Agus Seanchas ar Shráid Fhearchair

Ceiliúradh ar an gcruthaíocht é REIC, fillfidh sé ar Chlub Chonradh na Gaeilge an Aoine seo ag 8in.

Jennifer Ni ChiaraScríbhneoir Cúnta

Fiillfidh REIC ar Chonradh na Gaeilge an Aoine seo ag 8in. Oíche fhilíochta spleodrach dhátheangach atá i gceist. Beidh an t-imeacht seo oiriúnach dóibh siúd atá suim acu i gcursaí cultúrtha i dtaca le nascadh an Ghaeilge mar aon leis an mBéarla i spiorad na ndaoine.

Dar leis na heagraitheoirí is ‘spás oscailte’ é REIC do dhaoine dánta, ceol, seanchas agus rapáil nua aimseartha a chur os comhair lucht féachana. Is ócáid é a dhéanann céiliúradh ar an gcruthaíocht idir an dá teanga i mbealach bríomhar agus spreagúil . Deis iontach a bheidh ann do dhaoine tallainn ghaelach a fheiceáil i dteannta leis an mBéarla.

Beidh an file Ciara Ní É, a mar bhean an tí. Bean charasmatach atá inti atá tar éis a cuid oibre a léamh ó Nua Eabhrac, Londain, an Bhruiséil agus dár ndóigh, timpeall na hÉireann.

ADVERTISEMENT

Tabharfar seans do dhaoine ar an oíche atá ag iarraidh dul ar an stáitse chun a gcuid scileanna a léíriú mar chuid den mic oscailte. Tá fáilte roimh chuile dhuine agus fáilte roimh daoine le gach leibhéal Gaeilge

Tháinig an coincheap ar an saol in 2015 chun taispeántas ‘slam’ filíochta a bhunú. Ó shin d’imigh REIC ó neart go neart agus reachtáileadh é cheana ag Body and Soul in 2017 agus i nDoire na bliana céanna.

Is céiliúradh é ar an gcruthaíocht idir an dá teanga, ag nascadh an dá thaobh. Deis iontach a bheidh ann do dhaoine tallann ghaelach a fheiceáil i dteannta an Bhéarla. Ní gá Gaeilge fhoirfe a bheith agat chun sult a bhaint as nó páirt a ghalcadh fiú.
Is maith a bheith ag súil leis an oíche.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.