Radius
Oct 4, 2019

Tugann Art Parkinson Cuairt ar an gCumann Gaelach

Labhair Parkinson faoin tábhacht a bhain leis an nGaeilge agus é mar aisteoir agus faoin gcinéal saoil atá aige i nDún na nGall.

Alannah Ní MhuiriScríbhneoir Cúnta
blank
Róisín Ní Fhallúin for Cumann Gaelach

Bhailigh scata daoine i Seomra na Gaeilge ar tráthnóna Déardaoin le héisteacht le hArt Parkinson, aisteoir ón tsraith cháiliúil Game of Thrones, agus é ag labhairt leis an gCumann Gaelach. Eagraíodh an t-imeacht seo mar chuid de chnuasach imeachtaí a bhí á reachtáil ag an gCumann mar chuid de Lá na Gaeilge.

Is as Bun an Phobail, i gContae Dhún na nGall é Parkinson ó dhúchais, agus is féidir a bhlas a chloisteáil agus é ag labhairt as Gaeilge. Thosaigh sé ag aisteoireacht nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois. Deich mbliana níos déanaí, tá taithí chuimsitheach aige san aisteoireacht, le páirt glactha aige i gcláir agus scannáin éagsúla, San Andreas, Love Rosie agus ar ndóigh an clár cáilúil Game of Thrones ina measc. Ghlac sé an pháirt den deartháir is óige sa chlann Stark, Rickon.

Ach tá Art Parkinson – atá ina chainteoir dúchais – an-tógtha agus buíoch den Ghaeilge. Bhí sé ina ambasadóir ar Sheachtain na Gaeilge le hEnergia sa bhliain 2017. Ag labhairt le seomra lán, dúirt Parkinson: “Ceann de na rudaí i mo shaol atá mé fíor bhuíoch de na an cinneadh a rinne mo mham chun mé agus mo deartháireacha a chuir chuig bunscoil lán-ghaeilge.”

ADVERTISEMENT

D’fhreastail Art ar Ghaelscoil Cois Feabhail agus tar éis sin ar Choláiste Cill Eoin. Bhí sé ag labhairt faoina thaithí féin leis an nGaeilge agus an tábhacht a bhaineann léi: “Thug an Ghaeilge deiseanna iontacha domsa fosta agus me ag aisteoireacht, thar na blianta chuidigh na teileanna Gaeilge dom taithí a fháil ar chláir and ar scannáin dhifrúila. Gan na teileanna seo, béim cinnte nach mbeann na deiseanna ceanna agam”

Bhí sé dáiríre faoin tábhacht a bhain leis an nGaeilge agus é ag bogadh tríd a shaoil mar aisteoir. Dúirt sé go raibh an Ghaeilge an úsaideach le haghaidh rudaí níos spraoiúila mar ag déanamh pleananna rúnda lena chuid deartháireacha agus iad ag iarraidh ealú ón dteach freisin.

Labhair Blánaid Ní Chearnaigh, reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, faoin tábhacht a bhaineann le haoichainteoirí a bhfuil Gaeilge acu. “Caithfidh muid níos mó Art Parkinsons sa domhain,” a dúirt sí le gáire beag.

Lean an comhrá idir Blánaid agus Art ar aghaidh – labhair siad faoi thaithí Airt le Game of Thrones, agus conas nach raibh cead aige breathnú ar an gcéad shéisiúr é fhéin mar go raibh sé ró-óg. Labhair siad faoi na meáin Ghaeilge taobh amuigh de TG4 agus conas nach bhfuil móran achmhainní ar fáil ar líne.

Labhair sé faoi a shaol sa bhaile agus an post beag atá aige i gcaife a thuistí i nDún na nGall, agus faoi na daoine a thagann isteach ag labhairt Gaeilge leis.

Tar éis caint le Blánaid bhí seans ag an lucht féachana a gceisteanna féin a chur. Cuireadh ceisteanna faoin méid taistil a bhí ar Art a dhéanamh mar aisteoir, agus conas a bhí Kit Harrington – a bhí Jon Snow ar an tsraith iomráiteach – mar dhuine.

Críochnaigh an lá amach le Parkinson ag rá ba cheart go mbeadh apps agus suíomhanna greasáin gur feidir breathnú ar cláranna agus físeáin as Gaeilge, chun an teanga a spreagadh níos mó. Thug an Cumann cóip den chéad leabhar Game of Thrones as Gaeilge, a d’aistrigh Oisín Ó Muirthile, a bhí ina bhall den Chumann Gaelach nuair a bhí sé ina mhac léinn. Is caint shuimúil agus spraíúil a bhí ann, lán le scéalta greannmhara agus ceisteanna suimiúla.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.