Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 30, 2020

Bhí Ollscoileanna Rómhall Agus iad ag Deileáil le Ciapadh Gnéis ar a gCampais

Nocht tuairisc nua go bhfuil leibhéal ard de chiapadh agus ionsaí gnéasach ag tríú-leibhéal.

Leis an mBord Eagarthóireachta

An tseachtain seo léirigh torthaí ó shuirbhé le hOllscoil na hÉireann Gaillimh agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn rud a bhí ar eolas againn cheana féin faraor – go bhfuil ciapadh gnéasach agus ionsaithe coitianta ar champais.

D’fhoghlaimíomar go mbíonn treáigh neamhthoiliúil ag triúir ban as deichniúr i rith a gcuid ama sa choláiste, agus gur fhulaing níos mó ná leath díobh le ciapadh gnéasach i bhfoirm éigin.

Má tá na torthaí seo uafásach, níl haon iontas iad ach an oiread.

ADVERTISEMENT

Léiríonn siad easpa iarrachta ó thaobh na n-ollscoileanna de chun dul i ngleic leis an bhfadhb. Agus go dlúth ar shála an doiciméid ó rialtas nua na tíre seo a rinne mór is fiú de mholtaí ó thuairisc ón mbliain seo caite a chur i bhfeidhm, rud a léiríonn nár chaith an rialtas leis an bhfadhb seo amhail is gur eigeandáil a bhí ann.

Níl aon smaointeoireacht nua ag baint leis an dréachtchlár don rialtas – geallann siad chun “suirbhé a choimisiúin” anseo agus “plean gníomhaíochta a chruthú” ansin, a thagann salach ar fhadhb a dúirt Aontas na Mac Léinn in Éirinn gur “eipidéim” atá ann.

Is doiligh aon ghníomh a fheiceáil i ndiaidh láinseáil an fhráma 14 mhí ó shin, agus ní léir cá ndeachaigh an €400,000 maoiniú a bhí geallta. Léiríonn an dréachtchlár rialtais go bhfuil ollscoileanna ag tosú ag a náid nuair atáthar ag plé athruithe suntasacha a chur i bhfeidhm.

Scríobh an Bord Eagarthóireachta seo tráth go raibh sé thar am na comhráite faoin gcaoi a gcaitheann ollscoileanna le ciapadh gnéasach a chloisteáil. Tá Éire fillte ar an ré #MeToo ar líne, agus tá gníomhaíocht shoiléir ag teastáil chun deileáil le fadhb fhairsing, agus práinneach.

Le blianta beaga anuas is iad na mic léinn seachas na hollscoileanna atá tar éis an phríomhpháirt a ghlacadh maidir le tionscadail cosúil leis an toiliú. Bhunaigh Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide ranganna toilithe, mar shampla, agus bíonn Aontas na Mac Léinn in Éirinn réamhghníomhach leis an bhfadhb seo, mar a léirigh an tuairisc chuimsitheach ón tseachtain seo.

Ach ní chóir go mbeidh ar mhic léinn an leisce a bhaineann le húdaráis na n-ollscoileanna, nó an rialtas, le fadhbanna chomh tromchúiseacha. Is coireanna iad an t-eigniú agus ciapadh gnéasach – tá sé thar am go gcaitheann ollscoileanna iad mar sin.