Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 27, 2020

Mí amháin óna cruthaíodh é, tá an Roinn Ardoideachais ag Cruthú a Fhiúntais

An tseachtain seo, d’fhógair an rialtas go mbeidh pacáiste €168 milliún ar fáil don tríú-leibhéal, díreach cúpla mí tar éis a rá go mbeidh ar ollscoileanna soláthar a dhéanamh dóibh féin le linn na paindéime.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Dá ndéarfá le páirtithe leasmhara an ardoideachais roinnt míonna ó shin go gcuirfeadh an rialtas pacáiste €168 milliún ar fáil d’institiúidí tríú-leibhéal chun tacaíocht a thabhairt dóibh le linn na paindéime, bheadh deacrachtaí acu é a chreidiúnt.

I mBealtaine, dúirt an rialtas sealadach le hollscoileanna nach mbeidh aon phacáiste tarrthála ar fáil don earnáil – is é sin le rá, shíl coláistí go mbeadh orthu soláthar dóibh féin in earnáil atá cráite le heaspa maoiniúcháin fiú amháin roimh an phaindéim. I Meitheamh, mar shampla, nochtaigh an nuachtán seo go raibh baol ann nach mbeidh aon airgid ag an Trionóid faoi Mheán Fomhair 2021.

Níl aon iontas mar sin go bhfuil ríméad ar dhaoine móra le rá san ardoideachas.

ADVERTISEMENT

Dúirt an Phríomhstiúrathóir Chomhlachas na n-Ollscoileanna Éireannacha Jim Miley, go bhfuil sé mar fhianaise “d’aitheantas an rialtais den ról lárnach atá ag an ardoideachas agus taighde in athspreagadh an gheilleagair”.

Ó a tháinig sé i gceannas ar an Roinn Ardoideachais nua, tá Simon Harris tar éis díograis a spreagadh san earnáil, rud a bhí géarghá leis. Tá an pacáiste seo mar léiriú ar a chur chuige bríomhar.

I dtaca sin, d’fhógair an roinn go mbeidh réimse soláthar dírithe ar chúnamh a thabhairt do mhic léinn ann: méadú i dtacaíochtaí choláiste, seirbhísí meabhairshláinte, agus scéim deartha chun cabhrú le mic léinn atá deacrachtaí le rochtain idirlín acu. Tá an cuma ar an scéal go bhfuil níos mó i gceist le gealltanais “comhtháthú sóisialta agus comhionnanas” Harris ná giotáin cainte.

I Meitheamh, shínigh beagnach 2,000 acadóir litir oscailte ag impí ar an rialtas roinn tiomnaithe don tríú-leibhéal a chruthú. Thuig ollscoileanna nach raibh fiúntas lena n-iarrachtaí stocaireachta, agus go mbeidh níos mó tionchair ag ionadaí comh-aireachta ar pholasaithe rialtais ná aon rud eile.

Mí amháin atá ann óna cruthaíodh an roinn sin- is léir nach raibh in litir oscailte gan toradh.

In ainneoinn go bhfuil sé ró-luath teacht ar aon chinntí móra, léiríonn an pacáiste €168 milliún go bhfuil seans go ndéanann sé difear mór ionadaíocht a bheith ann ar bhord na n-airí i ndeireadh na ndála.