Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 21, 2020

Tá Mic Léinn ag Labhairt Faoi Chiníochas ar Champas. Is Gá Go n-Éisteann Ollscoileanna Leo

Tugadh neamhaird do shuarachas an chiníochais ar champais ollscoileanna le fada, ach diaidh ar ndiaidh tá sé ag teacht chun solais.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Nochtaigh tuairiscí an chiníochais ar champais Éireannacha cé chomh díon agus cé chomh fairsing agus atá an ciníochas in ollscoileanna na hÉireann – agus conas go scriosann sé an t-eispéireas sa choláiste do neart daltaí.

Ó dheargidirdhealú agus réamhchlaonadh go dtí mionionsaithe, bhí na scéalta san alt coscrach.

Ar an iomlán, bhí freagra na Trionóide ar na líomhaintí ciníochis ar champas inmholta. Níor sheachain Clodagh Brook , an comhlach leas-propast don chomhionnanas, éagsúlacht agus uilegabhálacht, an fhadhb, ag rá bhfuil gur gá don Choláiste “aitheantas a thabhairt ar cé mhéid oibre atá le déanamh chun dul i ngleic le fréamhacha an chiníochais agus athruithe struchtúrtha a chur i bhfeidhm”.

ADVERTISEMENT

Thug Brook achoimre ar na tionscnaimh atá ar bhonn ag an gColáiste chun dul in éadaoin an chiníochais, ina measc, grúpa oibre chun inúchadh a dhéanamh ar an gciníochas ar thaithí oibre clinicúla agus tús a chur le tréimhse comhairliúcháin leis an bhfoireann agus mic léinn ar an gciníochas chun teacht ar an mbealach cheart chun cabhrú le mic léinn a dhéileálann leis an gciníochas.

Luaigh sí freisin, an díchóilíniú ar churaclam na Trionóide agus an bunú oifige nua comhionnanais, atá an frithchiníochais mar chuid dá dualgas.

Ba chóir go mbeidh fáilte roimh na céimeanna seo. Tá polasaithe le an-mhacnamh déanta orthu riachtanach chun dul i ngleic le ceist sistéamach ar an gcuma seo.

Níl ionann sna gealltanais seo áfach ach an chéad chéim- agus ní thugann sé seo an deis don Choláiste a scíth a ligint. Le blianta, cuireadh an ciníochas faoi cheilt agus thóg sé gluaiseacht domhanda chun go ndíreoidh an Coláiste aird air.

Is gá don Trionóid cinntí maithe agus inbhraite a dhéanamh i mbliana, agus a chinntiú go mbrathann mic léinn a fhulaingíonn ón gciníochas i láthair na huaire iad- ní hamháin na mic léinn i gceann cúig bliana.

Tá sé in am freisin, do chlubanna agus cumainn macnamh a dhéanamh ar a gclaontachtaí agus conas gur féidir leo an éagsúlacht a fheabhasú. Tá freagracht ar mhic léinn troid i gcoinne an chiníochais agus a bheith níos oscailte agus níos tacúla- níl an fhreagracht seo ar riarachán an Choláiste amháin.

Tá níos mó i gceist leis an Trionóid ná a bheith mar choláiste- is éiteas atá inti freisin. Mar a dúirt Brook, tá an uileghabhálacht agus éagsúlacht mar luachanna atá an Trionóid bródúil as. Anois, níos mó ná riamh, ba chóir di iad a ghlacadh.

Tá sé in am don Choláiste éisteacht agus gníomhú.