Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 2, 2020

Tarraingíonn Praiseach an Toghcháin GSU níos mó Ceisteanna ná Freagraí

Lig an córas vótála d’ionadaithe ranga an GSU do mhic léinn vótáil i rás ar bith, an líon uaireanta agus ar mhiste leo.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí toghcháin Aontas na Mac Léinn Iarchéime (GSU) breac le hearráidí, agus – rud atá ina chúis imní níos mó fiú – ná gur dhiúltaigh an t-aontas glan chun a shoiléiriú cé chomh leathan agus atá na hearráidí seo.

Chaith an nuachtán seo laethanta ag lorg conas go díreach a ritheadh toghcháin ionadaithe ranga an GSU i mbliana. Ba léir gur tharla botúin fhollasacha leis an gcóras vótála a lig do dhuine ar bith vótail pé mhéid uaireanta agus ba mhian leo – rud a thug an GSU aitheantas dó i ráiteas chuig The University Times.

Ach níor freagraíodh ceisteanna simplí faoi na toghcháin – is é fírinne an scéil ná gur dhiúltaigh an t-Uachtarán GSU Gisele Scanlon chun freagra a thabhairt orthu agus thug oifigigh GSU neamhaird arís agus arís eile ar iarratais do thrácht. Ceisteanna cosúil le cathain ar ritheadh na toghcháin agus an raibh gach toghchán chun a bheith rite arís mar gheall ar an “sárú slándála” a aimsíodh sa chóras vótála, a bhí iontu.

ADVERTISEMENT

Ina áit, tar éis go leor ceisteanna le haghaidh soiléireachta agus ráitis, ar aistí an tsaoil rinne an t-Uachtarán GSU iarracht aird a tharraingt óna thréimhse thoghcháin achrannach, go dtí toghcháin ionadaithe ranga Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU), a síneadh ar feadh tamall gairid mar gheall ar an moill a bhí ar sheoladh amach nascanna vótála do mhic léinn.

Ba chóir gur sheachnaíodh an botún seo ar ndóigh, ach is botún amháin a bhí ann a deisíodh go tapaidh. Ar an iomlán, d’oibrigh toghcháin TCDSU go han-mhaith agus bhí siad slán – ní raibh an botún a luaigh Scanlon ach ina rud beag bídeach i ndáiríre. Níl aon chomparáid ann idir é seo agus na fadhbanna mórthimpeall toghchán an GSU, a sháraigh a bhunreacht agus nár shroich aon rud cosúil le toghchán ceart.

Ní hamháin sin, ach tá sé uafásach gur sheachain Scanlon ceisteanna simplí faoi thoghcháin an GSU a ba chóir go mbeadh ar eolas ag gach éinne, agus in ionad, gan móran cúise, locht a chur ar aontas atá an GSU le bheith ag obair in éineacht leo.

D’ainneoin tuairisceoireacht an nuachtáin seo, tá brat mistéir fós ag crochadh ar thoghcháin an GSU. Tá ionadaíocht de dhíth ó iarchéimithe anois níos mó ná riamh, agus le bailíocht na toghchán in amhras – agus gan aon fhreagraí ar na bacáin go dtí seo – níl sé seo maith go leor, amach is amach.