Comment & Analysis
Eagarfhocal
Apr 20, 2021

Tá an GSU ag Titim as a Chéile. Cad is Féidir a Dhéanamh Faoi?

Tá roinnt mhaith iarchéimithe ag éileamh do tháinseamh uachtaráin agus leas-uachtaráin an aontais.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá bliain acrannach lán le heasaontas in Aontas na Mac Léinn Iarchéime (GSU) tar éis críochnú le teacht chun cinn gluaiseachtaí chun Uachtarán an Aontais Gisèle Scanlon i dtaca lena leas-uachtarán Abhisweta Bhattacharjee a bhaint óna bpoist.

Le bliain anuas, thug an Bord Eagarthóireachta seo aghaidh go minic ar stádas an GSU. Chomh luath le mí Deireadh Fómhair, léirigh éagumas an aontais chun toghchán d’ionadaithe ranga a reáchtáil agus an conspóid a tháinig leis, an ainriail bhí le teacht.

Os cionn mí níos déanaí, ar deireadh rith an GSU a chéad CGB den bhliain, roinnt mhaith seachtainí tar éis go raibh orthu de réir an bhunreachta. Níorbh fhada go raibh an CGB ina cíor thuathail. Gheall an GSU chun cruinniú ginearálta eile a reáchtáil– ba léir go raibh a lán freagraí ar cheisteanna á lorg ag iarchéimithe– agus an tseachtain seo caite, reáchtáileadh an cruinniu, arís le moill.

ADVERTISEMENT

Bhí os cionn 500 ball i láthair ag an gcruinniú– tinreamh sár-ard a bhí ann. Ní féidir anseo dul isteach go mion san iliomad conspóid a tháinig amach as an gcruinniú anseo, ach is dócha gurb é an ceann is imníoch ná an córas vótála neamhshlán a úsáideadh chun glacadh le haisghairmeacha agus rúin, a dhéanann na rudaí a tharla ag an gcruinniú go hiomlán neamhbhailí.

Anois tá baill ag éileamh ar bhriseadh Scanlon agus Bhattacharjee. Nuair a smaoinítear ar na tubaistí riaracháin, daonlathacha agus bunreachta a luadh thuas, is léir nár tháinig sé seo gan choinne.

Ní chabhróidh drochiarmhairtí an táinimh, áfach, leis an bpraiseach a leigheas, muna bhfuil éinne ann chun áit Scanlon agus Bhattacharjee a thógáil. Ní mór mar sin do bhaill an GSU a cheistiú: cad é an plean?

I dtaca seo, tá seans go mbeidh ar an gCoiste Caiptíochta seasamh sa bhearna agus cabhrú leis an bhfadhb a réiteach. Níl sé soiléir áfach cé mhéid gur féidir leo a bhaint amach áfach leis an riarachán reatha in áit agus gan mórán ama fágtha roimh dheireadh na bliana.

Sa deireadh, tá ról tábhachtach ag an GSU mar ghrúpa ionadaíochta do roinn de mhic léinn nach gcuimhnítear orthu go minic, agus atá ag deireadh an lae ag lorg ionadáíochta.

Ach anois tá sé ag titim as a chéile. Theip air a chumas a léiriú a bhunreacht a leanúint, cruinnithe ginearálta a rith agus vótáil slán a reáchtáil. Tá géarghá le GSU nua, ach tá seans go bhfuil sé ródhéanach an aontas ina iomlán a scaradh óna chéile.

Ní mór do chobhsú an aontais, toghcháin shabóideacha atá cothrom agus sábháilte a reáchtáil agus an damáiste bunreachta mar gheall ar an vótáil neamhbhailí ag an CGU a fhreaschur a bheith mar phríomhthosaíochtaí do bhaill an aontais agus an Coiste Caiptíochta.