Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 10, 2021

Is Léir ó Chiorruithe PUP go Bhfuil sé Furasta don Rialtas Mic Léinn a Ionsaí

Fógraíodh an tseachtain seo nach mbeadh mic léinn in ann cáiliú don Íocaíocht Dífhostaíochta Phaindéime ó 7ú Meán Fómhair ar aghaidh.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí an fógra an tseachtain seo go ngearrfar mic léinn ón íocaíocht dífhostaíochta phaindéime (PUP) ó 7ú Meán Fómhair ar aghaidh – roimh na hoibrithe uilig eile sa tír – míchóir agus pianmhar ó thaobh airgid de dóibh siúd a bhfreastalaíonn ar choláistí.

Tar éis gur thuairiscigh an Irish Daily Mail ar thagairtí ó aire rialtais anaithnid faoi mhic léinn “ag luí sa leaba agus ag baint sult as an deontas PUP” cúpla seachtain ó shin, ba léir go raibh seans mhaith go mbeadh ciorruithe ar an mbealach.

D’ainneoin gur cháin an tAire Ardoideachais Simon Harris agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI) na tagairtí – i dtaca le cáineadh forleathan ó mhic léinn – is léir nach raibh an frithfhreagairt seo a dóthain chun airde nach raibh de dhíth a tharraingt ó mhic léinn.

ADVERTISEMENT

Ach in ainneoin gur mhaígh Harris nach n-ionsófar mic léinn, léirigh an tseachtain seo caite go raibh mic léinn scartha ó ghrúpaí eile sa tsochaí.

Níl aon leithscéal ann mic léinn a bhaint ón scéim PUP roimh gach éinne eile sa tír.

D’áitigh an rialtas ina plean eacnamíochta go raibh an ciorú “ar aon dul le gnáth cúinsí ina nach gcáilíonn mic léinn d’íocáíocht dífhostaíochta fad agus atá ag freastal ar an gColáiste”.

Ar an gcéad dul síos, níl na cúinsí faoi láthair mar ghnáth cúinsí – táimid ag maireachtáil le linn paindéime ina buaileadh mic léinn go dona agus inar chaill léir mór dóibh a bpoist.

Ar an dara dul síos, más rud é go bhfuil leithscéal measartha suarach go leor ón rialtas ceart, cén fáth go raibh mic léinn in ann leas a bhaint as PUP d’os cionn bliana?

Is í an chúis ná go bhfuil ar mhic léinn obair chun maireachtáil le linn an Choláiste – a chiallaíonn gur oibrithe atá iontu. Ní cóir go gcuirfeadh an chaoi go bhfuil siad mar mhic léinn freisin bac orthu tairbhe a bhaint as na buntáistí céanna a bhfaigheann oibrithe eile sa tír.

Cosúil le gach éinne eile, tá mic léinn tar éis go leor íobairtí a dhéanamh le bliain anuas. Tríd iad a bhaint ó PUP roimh gach éinne eile – fad agus go bhfanann siad ar vacsaínithe nó ag streachailt leis an saol mar gheall ar chaillteanas poist pháirt-aimseartha – mar ghníomh míbhuíoch agus cruálach ón rialtas.