Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jun 10, 2021

Léiríonn Toghchánaíocht an GSU an Damáiste atá Déanta don Aontas i mBliana

Thosaigh an tréimhse ghearr toghchanaíochta GSU le toghchánaíocht amháin ar 4ú Meitheamh.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Thosaigh toghcháin d’Aontas na Mac Léinn Iarchéime (GSU) gan mórán poiblíochta ar an Aoine. Níl ach toghchánaíocht amháin i dtréimhse toghchánaíochta gearr go leor, ina bhfuil iarrathóir uachtaráin John Tighe in ann é féin a idirdhealú ón uachtarán atá ann faoi láthair Gisèle Scanlon.

D’ainneoin seo, ní raibh mic léinn iarchéime agus na ceisteanna laethúla atá os a gcomhair i lár an aonaigh ag an toghchánaíocht. Mar gheall ar thromchúis na gconstaicí atá os comahair na mac léinn – ach go háirithe leis na contúirtí airgeadais a bhaineann le PhD a dhéanamh – bhí sé seo fíordhíomách.

Seachas iad seo, bhí an lámh in uachtar ag láimhseáil toghcháin ionadaithe ranga, sáraithe bunreachtúla an ag CGU an GSU agus táinseamh féideartha Scanlon sa toghchánaíocht, fad agus a chuireadh ceisteanna laethúla atá ag mic léinn iarchéime ar leataobh.

ADVERTISEMENT

Ní féidir a shéanadh go mba chóir Scanlon agus an Leas-Uachtarán Bahisweta Bhattacharjee a cheistiú maidir lena gnóthaí na bliana seo – táinseamh féideartha Scanlon ach go háirithe – ach léiríonn an chaoi gur chuir an aird seo isteach ar cheisteanna tábhachtacha eile an damáiste a rinneadh don GSU i mbliana.

Níl sé soiléir conas go rachaidh na toghcháin anois. Tarlóidh siad tar éis scrúduithe nuair a nach mbeidh mórán daoine ag breathnú ar cad atá ar bun sa Choláiste. Os cionn sin, tá an tréimhse toghcháin measartha gann: níl ach toghchánaíocht amháin agus níos lú ná seachtain amháin feachtasaíochta sula dtosaíonn an vótáil ar an gCéadaoin.

I dtaca sin, níor fógraíodh an t-aon toghchánaíocht a tharla tráthnóna Aoine – ní raibh ach ríomhphost go déanach san oíche le nasc Zoom. Níl mórán deiseanna ag mic léinn iarchéime iarrathóirí a cheistiú agus páirt a ghlacadh sa phróiséas toghcháin.

Léirigh an toghchánaíocht nach bhfuil an aontas ag tabhairt airde – tá siad gafa le conspóid agus fearg, gan aon fhís shoiléir ionadaíocht a sholáthair do mhic léinn iarchéime i dtréimhse atá sé de dhíth go mór.