Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jul 13, 2021

Is Beart Siombalach ach Baolach é Ceadú do Mhic Léinn Scaradh ón TCDSU

Mhol grúpa scríofa an bhunreachta nua beart ina mbeidh cead ag mic léinn scaradh ón TCDSU.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Ní hannamh a luaitear ceist chead scartha ón TCDSU, ach is annamh go bhfuil mórán daoine ar a taobh. Is féidir go mbeidh athrú ag teacht ar an scéal sin i mbliana, áfach, agus ceannairí an TCDSU ag plé bunreacht nua ina mbeidh cead ag mic léinn scaradh ón TCDSU.

Tá sé ráite ag an mBord Eagarthóireachta cheana nach bhfuil ballraíocht riachtanach ina daorsmacht gránna mar a deir lucht stiallta an aontais, toisc go bhfuil difríocht mhór idir cheardchumann gnáthúil agus an TCDSU.

Sa chás seo, bheadh ar an aontas bheith mar ionadaí do na mic léinn ar fad, bíodh siad ina mbaill nó nach mbíodh, agus bheidís uile fós in ann leas a bhaint as seirbhísí an aontais. An t-aon difríocht phraiticiúil ná nach mbeadh cead acu páirt a ghlacadh i dtoghcháin an aontais.

ADVERTISEMENT

Thairis sin, tá sé deacair a rá gur ceart daoine a bhrú isteach in eagraíocht ar bith gan an dara rogha acu, ach go háirithe agus an eagraíocht sin ag seasamh go láidir ar thaobh conspóidí an lae.

Ní hionann sin is a rá nach bhfuil baol ann agus saoirse tugtha do na mic léinn ar fad scaradh ón aontas, áfach. Bheadh mic léinn in ann scaradh ina sluaite ón TCDSU dá mbeadh dearmad nó rogha conspóideach déanta ag an aontas. Fiú go bhfuil cuma neamhbhuartha ar lucht scríofa an bhunreachta nua, bheadh bánú mór mar sin in ann dochar mór a dhéanamh don aontas agus a cumas idirbheartaíochta a scriosadh.

Ina theannta sin, ní rud éasca é súil ghéar a choinneáil orthu siúd atá tar éis scaradh ón aontas, go háirithe le linn toghchán. Tá tábhacht mhór ag líon na mac léinn a vótálann sna toghcháin, agus níl slí fhoirfe ann chun liosta mac léinn scartha a choinneáil gan fhadhb.

An tseachtain seo caite, labhair an Bord Eagarthóireachta amach in aghaidh na praisí móire a rinneadh as an mbunreacht nua. Tá an scéal seo mar údar amhrais eile i roghanna an ghrúpa sin: cén fáth a chuireadar isteach clásal an-chosúil le ceann a chasadh amach é – fiú ar éigean – i dtoghcháin eile le blianta beaga anuas?

Anois agus tuairimí poiblí ar chead scartha ón aontas léirithe i measc úsáideoirí Twitter amháin, ní fios go fóill céard a bheas mar fhreagra ag pobal na mic léinn ar fad. Ach ba cheart go mbeadh an aontas réidh le súile géara a bheith casta air maidir leis.

Ní ceart neamhchúram a dhéanamh do chead scartha ón TCDSU – fiú go bhfuil difríocht bheag ann ar thaobh na praiticiúlachta laethúil de, agus fiú gur cuma le líon mór mac léinn é, tá seans ann go mbeadh dochar déanta don aontas dá bharr.