Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 5, 2021

Gearrann Coláistí Táillí Arda Árasáin, an Réiteoidh Siad Deacrachtaí Lóistín?

Tá sé ráite ag Clare Austick, Uachtarán AMLÉ, go mbeadh lóistín ar leis an gcoláiste é níos saoire do mhic léinn.

Leis an mBord Eagarthóireachta

De réir cosúlachta, síleann cuid mhór de pháirtithe leasmhara gurb ionann lóistín faoi úinéireacht an choláiste agus lóistín ar chostas íseal.

In agallamh a rinneadh an tseachtain seo caite, d’áitigh Clare Austick, Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éireann (AMLÉ), “má bhíonn a lóistín féin ag coláistí beidh costas níos ísle ann” – ach an bhfuil an ceart aici, i ndáiríre?

Agus ar cheart d’ionadaithe mhic léinn árasáin ar leis an gcoláiste iad a chuir i láthair mar shlánaitheoir na mac léinn atá ag lorg lóistín inacmhainne?

ADVERTISEMENT

Léiríonn na blianta deireanacha seo gur ar éigean atá coláistí in ann fadhb na gcíosanna arda a réiteach. Is annamh a bhíonn an lóistín a chuireann siad ar fáil níos saoire ná lóistín a d’fhéadfadh mic léinn a fháil in áit éile, agus is beag an spreagadh atá ann d’ollscoileanna – atá ar bheagán airgid cheana féin – le lóistín inacmhainne a chur ar fáil.

Is furasta le costas lóistín ar champas Choláiste na Tríonóide bheith níos airde ná €7,000 sa bhliain acadúil, agus níl Halla na Tríonóide i bhfad ar gcúl. Tá roinnt lóistín ar champus UCD le hardú go dtí beagnach €10,000 in aghaidh na bliana acadúla, de réir na n-arduithe cíosa atá beartaithe.

Is cuid den mhargadh tithíochta mífheidhmiúil iad na cíosanna míréasúnta seo. Léiríonn cliseadh an rialtais chun teacht ar réiteach na faidbhe maidir le tithíocht mhic léinn neamhshuim maidir le riachtanais mhac léinn.

Caithfidh plean fadtéarmach inbhuanaithe i gcomhair tithíocht do mhic léinn, a théann go díreach i ngleic leis an easpa lóistín atá ar fáil do mhic léinn, a bheith mar chuid de phlean an rialtais, ‘Housing for All,’ atá le teacht.

Ba cheart go mbeidh lóistín ar rátaí níos ísle agus ar leis an gcoláiste iad mar chuid de, ar ndóigh, ach is deacair a cheapadh go bhfuil seo mar réiteach iomlánna faidhbe nuair a chuirtear san áireamh gur cosúil go bhfuil ollscoileanna ag baint úsáid as lóistín do mhic léinn chun airgid a shaothrú.

Tuairiscíodh go maith é gurb iad na táillí ardoideachais in Éirinn iad na táillí is airde san AE, ach de thairbhe go bhfuil Baile Átha Cliath ar an gcúigiú cathair is costasaí le teach a fháil ar cíos, ní hiad na táillí amháin atá ag cuir mic léinn amach as an ardoideachas.

Baineann ionadaithe mic léinn sa USI – agus an tAire Ardoideachais Simon Harris – úsáid as lóistín ar leis an gcoláiste iad mar chineál réitigh draíochta ar an bhfadhb. Is cinnte gur cheart d’ollscoileanna dul sa bhearna bhaoil chun margadh tithíochta na mac léinn a dhéanamh níos inacmhainne. Ach fágann an fhianaise atá faoin lámh go bhfuil sé furasta a bheith soiniciúil.