Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 16, 2021

Beidh Athoscailt an Champais níos Sláine níos Éasca de bharr na mBónas Vacsaíní

Mhol an Propast Linda Doyle córas “bónais” do lucht faighte an vacsaín.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Mhol an Propast Linda Doyle go mór “bónas” vacsaíní mar spreagadh do mhic léinn na Tríonóide an vacsaín a fháil – bónas a ligfeadh do lucht faighte an vacsaín teacht ar imeachtaí taobh istigh, i measc roinnt ceadanna ar leith eile.

Anois agus a lán ollscoileanna sna Stáit Aontaithe ag cur polasaithe vacsaíní riachtanacha i bhfeidhm, níl cuma radacach air in aon chor.

Níl ach buntáiste ar son saol na mic léinn ag smaoineamh Doyle. Roghnaigh sí gan polasaí vacsaíní riachtanacha a chur isteach toisc nár chreid sí go gcuirfeadh an rialtas a leithéid i bhfeidhm. Thairis sin, dá mbeadh a fhios ag mic léinn ag tús an tsamhraidh thús an tsamhraidh go mbeadh teacht orthu níos tapúla ar imeachta taobh istigh ar an vacsaín a fháil, seans go mbeadh níos mó acu á iarraidh.

ADVERTISEMENT

Tá an Bord Eagarthóireachta seo tar éis roinnt fhógraí de chuid an Choláiste a cháineadh toisc go raibh siad ró-dhéanach agus doiléir. Tá sé éasca an fógra seo a fheiceáil leis an radharc céanna – ba cheart go mbeidh a leithéid d’fhógra fógartha i bhfad roimh tús an téarma seachas cúpla lá roimhe.

Tá líon mór daoine ag fáil an vacsaín in Éirinn, agus mar sin ní dóigh go mbeidh mórán daoine ar chor ar bhith sa Tríonóid in aghaidh polasaí riachtanais vacsaíní. Is féinriail leighis a luaitear go minic mar chás in aghaidh vacsaíní riachtanacha – ach cé go bhfuil an ceart ag daoine roghnú an bhfuil siad ag iarraidh an vacsaín a fháil, tá an ceart ag gach duine bheith i gcomhshaol slán freisin.

Is fíor nach mbeidh na vacsaíní ábalta fáil réidh go hiomlán leis an víreas, ach cuirfidh siad sláinte campas agus tíortha chun cinn.

Mar sin, cé chaoi is féidir a rá go bhfuil sé ceart iarraidh ar mhic léinn – go speisialta iad a bhfuil riochtaí sláinte nó easpa imdhíonachta orthu – filleadh ar áit ina bhfuil daoine ann nach bhfuil vacsaínithe?

Ní hea nach bhfuil an Tríonóid ag dul sa treo ceart. Is slí maith iad na preab-ionad vacsaíní chun teach ar a chur ar fáil do ghach mac léinn an vacsaín a fháil, agus is ar fheabhas a rachaidh líon na ndaoine atá á iarraidh vacsaíní de bharr an bhónais. Ach tá seo ró-dhéanach anois an cur chun cinn seo a fheiceáil ar tús an athoscailte.