Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 9, 2021

Is Córas Briste é SUSI, agus is Masla gan Chiall iad na hÍocaíochtaí Déanacha

An tseachtain seo, labhair The University Times le lucht faighte an deontais faoin gcéad íocaíocht a bhí curtha siar.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Is iomaí mac léinn a bhfuil fadhbanna acu teacht ar an gcoláiste mar gheall ar na praghsanna arda. Anois agus an chéad íocaíocht SUSI curtha siar go dtí 8 mí Dheireadh Fhómhair, is bliain deacair as an ngnáth a bheas ann.

An tseachtain seo, labhair The University Times le lucht faighte dheontas SUSI maidir leis na híocaíochtaí déanacha. Ba léir a radharc: tá an deontas ró-bheag cheana féin chun costas an Choláiste a íoc, agus toisc go dtagann an chuid is mó den chostas i mí Mheán Fhómhair, is cúis buartha móire é an chéad íocaíocht a bheith curtha ar 8 mí Dheireadh Fhómhair.

Ba cheart don rialtas – a bhíonn de ghnáth neamhchúiseach faoi dheacrachtaí na mac léinn agus faoi chostais maireachtála in Éirinn – tús áite a thabhairt do chur i gceart SUSI. Is léir nach n-oibríonn an córas in aon chor – is minic agus mic léinn gan a bheith in ann tacaíocht ar bith a fháil mar gheall ar cúpla euro sa bhreis a bheith acu, nó uair nó dhó sa bhreis curtha isteach ag obair.

ADVERTISEMENT

Léiríonn fágáil ar lár thuairisc Cassells – ina léirítear trí slí chun fadhbanna an ghéarchéim airgeadais san ardoideachas a réiteach – gur cuma leis an rialtas fadhbanna an tríú leibhéil fiú agus géarghá ann. Is díreach mar sin a bhíonn a neamhshuim sa SUSI freisin.

Anois agus costais chónaithe i bhfad as cuimse agus na praghsanna ardoideachais is airde san Aontas Eorpach againn, níl sa SUSI ach cuid bheag de chiogal gránna in aghaidh na mac léinn.

Caithfidh an t-athbhreithniú reatha ar SUSI an easpa airgid atá curtha ar fáil a chur san áireamh. Caithfidh sé na tairseacha crua do-athraithe – a bacann ar ró-mhéid mac léinn tacaíocht a fháil – a athrú go hiomlán.

Is léir ó na cáilíochtaí crua do SUSI – agus anois an íocaíocht dhéanach – go bhfuil an córas réidh le mic léinn atá i nganntanas airgid a fhágáil ar lár.

Tá íocaíochtaí cíos, trealaimh, agus iompair le híoc i mí Mheán Fhómhair. Nach raibh duine ar bith taobh thiar den rogha seo in iúl dó sin?

Níl an íocaíocht dhéanach seo go leor do na mic léinn atá ag streachailt chun fiú íoc as costais an Choláiste.