Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 29, 2021

Ní Mór don Choláiste níos mó a Dhéanamh do Mhic Léinn a Bhraitheann Scoite Uaidh

Bhí Students4Change, brúghrúpa easaontach, ag stiúradh agóid na seachtaine seo in aghaidh an easpa teagaisc aghaidh ar aghaidh.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Drochsheachtain a bhí ann d’íomhá phoiblí na Tríonóide: rinne roinnt de na meáin náisiúnta tuairisc ar an agóid a d’eagraigh mic léinn chun níos mó teagaisc aghaidh ar aghaidh a éileamh, agus mar bharr ar an donas tá príomhscéal á dhéanamh d’fhadhbanna na Tríonóide.

Bhí an Cláraitheoir Neville Cox ag streachailt nuair a cheistigh mic léinn agus tuismitheoirí é ar Liveline. Dar le tuismitheoirí agus le mic léinn, tá an iomarca airgid caite acu ar bhliain eile ar Zoom, nuair atá scoileanna agus roinnt choláistí eile ag feidhmiú mar is gnách. Tá cuma easnamhach ar leithscéal na Tríonóide maidir leis an droch-chóras aerála sna seanfhoirgnimh agus tá go leor mac léinn ann a airíonn gur caitheadh go dona leo agus go mbraitheann siad gur cuireadh ar mhíthreoir iad/.

Is cosúil go bhfuil scoilt sa ghluaiseacht mhac léinn atá ag iarraidh tuilleadh teagaisc aghaidh ar aghaidh. Bhí cuma mhíchompordach ar an Aontas na Mac Léinn i gColáiste na Tríonóide (TCDSU) agus iad ar imeall na hagóide Students4Change agus an grúpa Aghaidh ar Aghaidh Choláiste na Tríonóide (TCD F2F) Dé Céadaoin. Cé go raibh roinnt pointí bailí acu, d’fhéadfadh leis an chaint ghríosaitheach ó chuid de na heagraithe, a bhí an-difriúil ó dhearcadh níos stuama an Aontais, coimhthíos a chothú idir na mic léinn nach bhfuil chomh radacach sin.
Mar shampla, mhaígh ceann de na cainteoirí go n-íocann táillí na mac léinn as tuarastail na foirne teagaisc, rud a bhí conspóideach agus nach bhfuair mórán tacaíochta. Ina theannta sin, de réir cothromaíocht inscne na gcainteoirí a bhí i láthair i bhfoirgneamh an Phroinntí – fir den chuid is mó – ní léiriú ar bith í an chaint seo ar dhearcadh chuile mhac léinn.

ADVERTISEMENT

Tá sé tábhachtach, mar sin, go ndéanann an Coláiste dealú idir an chaint áibhéalaí faoin Tríonóid agus an frustrachas sothuigthe atá ar mhic léinn faoin easpa uaireanta a bhfuil acu i mbun ranga ar champas. Bhí an ceart ag Cox nuair a dúirt sé le Joe Duffy go raibh imní ar chuid den phobail maidir leis an bhfilleadh ar theagasc aghaidh ar aghaidh – níl comhaontú ann sa Choláiste maidir leis an athoscailt.

Ach tá an Tríonóid ag ligean síos na mic léinn sin a mhothaíonn go bhfágtar ar lár iad ón ollscoil arna bhfuil siad ag caitheamh a lán airgid chun freastail uirthi – go háirithe na mic léinn nach bhfuil ach ag cuir tús lena gcuid staidéar agus a d’fhéadfadh a bheith ag cailleadh amach ar an deis buaileadh lena gcomhscoláirí fiú.

Léirigh an Propast Linda Doyle go bhfuil sí ag iarraidh éisteacht leis na rudaí atá mar chúis imní do mhic léinn. Le cuidiú Dé, beidh gníomhartha, seachas caint amháin, á ndéanamh aici.