Comment & Analysis
Eagarfhocal
Sep 16, 2021

Tá ar an Hist agus ar an Phil Fáil Réidh leis na Seanstructúir Cumhachta sa GMB

An tSeachtain seo, nocht an University Times an méid tromaíochta agus ciaptha a bhí ag tarlú sna cumann seo.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Nuair a thuairiscigh The University Times an tseachtain seo go raibh tromaíocht agus ciapadh ag tarlú go forleathan sa Hist agus sa Phil, is beag duine a raibh iontas orthu.

Tá rún gránna amháin de chuid na Tríonóide ar eolas ag madraí an bhaile: bhíonn struchtúir cumhachtaí diúltacha sa dá chumann díospóireachta. Cothaíonn an díospóireacht uaillmhian agus feargacht go leathan – agus fiú nach bhfuil ionsaí agus ciapadh gnéis sa Foirgneamh Cuimhneachán na gCéimithe (an GMB) amháin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil slí reatha ag an Hist agus ag an Phil íobartaigh a chur ina dtost agus ionsaitheoirí a chosaint. Agus i gcultúr ina bhfuil an mhéid sin cumais ag na ceannairí, is minic a mothaíonn daoine nua nár cheart dóibh labhairt amach. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an Hist agus an Phil ag cothú córas urchóideach ina gcuirtear íobartaigh ina dtost agus a thugann cosaint d’ionsaitheoirí.

Is í an cheist anois ná cén dóigh leis an fhadhb a réiteach. D’áitigh ceannasaithe an dhá gcumann nach mór don choláiste a thuilleadh a dhéanamh d’íospartaigh – seans gur amhlaidh an scéal, ach is comhartha é gur fágadh an fhreagracht as teacht ar réiteach na faidhbe seo faoi dhaoine eile, gur theip ar an Phil agus an Hist feabhas a chur ar a gcóras tuairiscithe féin agus seasamh in aghaidh daoine throdacha i measc a gcosmhuintir féin.

ADVERTISEMENT

Ba cheart a admháil nár chruthaigh Reachtaire an Hist Maggie Larson ná Uachtarán an Phil Eleanor Moreland na fadhbanna seo – tháinig siad orthu. Tá na fadhbanna seo sáinnithe sna dá chumann, agus ní féidir leo ná lena gcuid comhairlí a rá nach bhfuil siad in iúl orthu a thuilleadh.

Ní réiteach casta a bheadh ann, go teoiriciúil ar a laghad: ní cóir go gceapfadh na ceannairí go bhfuil an ceart acu buntáiste a bhreith ar lucht na céad bliana ná a gcumas a úsáid chun iad féin a bhrú ar mná (nó duine ar bith eile). Ach is léir go bhfuil a leithéid go domhain i gcultúr an Hist agus an Phil, agus ní féidir iad a bhaint amach thar oíche.

Is léir gur gá brú ón taobh amuigh a chur chun an t-athrú ceart a fheiceáil. Caithfidh an Coláiste teacht isteach agus comhairle a thabhairt – deireadh an scéal, is ar son sláinte agus leasa na mac léinn atá sé, agus níl fianaise ann go bhfuil an dá chumann in ann a fhadhb a réiteach gan chúnamh.

Ach ní leor ceardlann toilithe nó coiste nua anseo is ansiúd: is gá go bhfuil sé soiléir do bhaill an dá chumann nach mbeidh fáilte rompu má dhéanann siad ciapadh ar dhaoine eile – nó má iarrann siad bac a chur ar an chóras tuairiscithe.

Tógann sé roinnt mhaith ama fáil réidh le lucht ciapadh agus polasaí iomlán láidir in aghaidh an ciapadh féin, ach caithfidh sé tosú anois díreach.