Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 18, 2021

Caithfidh Cás an Athraithe Aeráide Mic Léinn a Thabhairt le Chéile Arís

Tá ról lárnach ag gníomhaíochas mac léinn i bhforbairt na ngealltanas lag a bhí tugtha ag COP26

Leis an mBord Eagarthóireachta

Bhí na sluaite mic léinn, gléasta i ngeansaithe dubha na haisghairme, ar Dhroichead Uí Chonaill ag éileamh reifreann ar an Ochtú Leasú i Mí Márta 2017.

Cúpla mí ina dhiaidh sin, chuaigh 30,000 ar na sráideanna ag éileamh an rud céanna. Níos lú na bliain ina dhiaidh sin, bhí an léasú a chur cosc ar an ghinmhilleadh in Éirinn caite ar leataobh.

Thaispeáin Stike4Repeal ní amháin go raibh neart mic léinn dubh dóite leis na sean- rialacháin maidir leis an ghinmhilleadh, ach go raibh mic léinn de thuairimí éagsúla polaitíochta ábalta teacht le chéile chun tacú le athruithe riachtanacha.

ADVERTISEMENT

Ar ndóigh ní féidir comparáid dhíreach a dhéanamh idir cearta ginmhillte agus an athrú aeráide, ach tá neart le foghlaim ón dóigh ar thug mic léinn in aghaidh na dlíthe ginmhillte. In dhiaidh cruinniú mullaigh mealltach an COP26, caithfidh ceannairí mac léinn greim a fháil ar ab chumhacht agus ar an diongbháilteacht a bhí le feiceáil le linn na gluaiseachtaí aisghairme agus le linn an reifreann ar chomhionannas pósta.

Bhí an athrú a rinneadh ar an fhriotal ag an bhomaite deireanach– a bhrúigh an tSín agus an India tríd– sa chomhaontú ar thángthas ar ag COP26 chomh gearr-radharcach sin go raibh sé greannmhar. Is deacair a shamhlú an tionchar uafásach a d’fhéadfadh a tharlú má thagann ardú de níos mó na 1.5 chéim ar teocht na cruinne nuair atá ceannairí domhanda ag argóint faoi cé acu frása is fearr– “céim síos” le húsáid an ghuail nó “deireadh a chur” le húsáid an ghuail. Ní gá a rá nach mbeidh cuid mhór de na toscaire ag COP26 beo chun an chuid is measa den athrú aeráide a fheiceáil – agus níl cónaí ar chuid mhór acu in áiteanna atá faoi stró dá bharr. Ní gá a rá nach mairfidh cuid mhaith de na toscairí chun na héifeachta is measa den athrú aeráide a fheiceáil, agus níl an chuid is mó acu ina gcónaí sna háiteanna atá ag fulaingt cheana féin.

D’aontaigh toscairí ar an fhoclaíocht a chuirfeadh chun cinn a gcompord féin, agus a chuirfidh brú as cuimse ar ord sibhialta na ndaoine.

An rud a deirtear i ndiaidh COP26 ná nach leor an méid a bhí aontaithe, ach go bhfuil súil ag ceannairí go mbeadh tuilleadh birt ann dá bharr na ciorruithe agus go mbeadh líon níos mó gealltanais ann de réir a chéile.

Tá ról lárnach ag na mic léinn chun cinntiú go dtarlóidh sé seo. Bhí an agóid 2,000 duine in aghaidh teip COP26 beag ar fad i gcomparáid le hagóidí na haisghairme. Ba í an aisghairm an uair dheireanach a raibh tionchar ag gníomhaithe mac léinn ar chinntí Theach Laighean – má tá na gealltanais laga chun dul i bhfeidhm agus dul i láidreacht, beidh ar mhic léinn an chumais eagraithe agus an diongbháilteacht céanna a chur i bhfeidhm ar Theach Laighean.