Comment & Analysis
Eagarfhocal
Nov 18, 2021

Ní Mór don Leas-Uachtarán ar son Gníomhú Aeráide Buckley a Bheith Láidir

Is reitric chumasach gan ghealltanas a bhí i dtráchtanna de chuid an Leas-Uachtaráin ar son Gníomhú Aeráide.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Idir léiriúcháin foilsithe sa nuachtán seo le déanaí gur theip ar an gColáiste chist dearlaice a dhídhílsiú ó chomhlachtaí breoslaí iontaise – dá ainneoin a mhalairt a rá – agus diúltú an Phropaist Linda Doyle tacú le gealltanas chun bheith neodrach ar thaobh carbóin de roimh 2030 agus ise i mbun toghchánaíochta, ní haon áibhéal a rá nár thug an choláiste freagra tapa ar cheist an athrú aeráide.

Tá an easpa díocais céanna le feiceáil san eagarfhocal tuairimíochta de chuid an Leas-Uachtaráin ar son Gníomhú Aeráide Yvonne Buckley a foilsíodh sa The University Times.

Tá ar an Tríonóid ról lárnach a bheith aici sa troid in aghaidh an athraithe aeráide – agus is gá, mar sin, fasach láidir a chur mar shampla ceannaireachta.

ADVERTISEMENT

Beidh cúlra Buckley mar mhíoleolaí ina chúnamh láidir di agus ise ina ról nua, ach tá uirthi cur in iúl do dhaoine ón tús go mbeidh an géarchéim aeráide – fiú le láimhseáil cheart uirthi – níos measa ar gach duine ná an pointe is treise den paindéim.

Beidh ar phobal na Tríonóide íobairtí a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim, toisc go mbeidh ar ghach duine a leithéid d’íobairtí a dhéanamh. Tuigeann an Coláiste nach leor taighde agus fuinneamh in-athnuaite ina n-aonar mar ghníomhú aeráide. Beidh cuid mhór de costasach agus le droch-cháil air: insliú foirgnimh, uasghráduithe fuinnimh, bheith gan astaíochtaí ar bith, laghdú mór ar fhritháirimh charbóin laghdú ar líon na gcarranna ar an gcampas, cur chun cinn iompair poiblí, agus taistil idirnáisiúnta nach bhfuil gá leis a bhaint amach.

Is minic go bhfuil sár-mhoill ar chur i bhfeidhm athruithe ag an Tríonóid. Ach caithfidh Buckley – agus Doyle – léiriú anois go mbeidh tús áite ag gníomhartha in aghaidh an athraithe aeráide, agus nach maisiúchán a bheas san oifig inbhuanaitheachta.

Tá Buckley ag iarraidh go mbeidh an Tríonóid ina ceannaire ar ghníomhú aeráide, ach caithfidh an Coláiste éirí as a sean-chleachtadh athruithe a bhacadh de bharr maorlathais.

Ní hamháin go bhfuil ar Buckley bheith réidh seasamh ar a thaobh seo in aghaidh frithfhreagartha, ach tá ar an gColáiste dul i mbun gníomhaithe. Ní leor reitric a thuilleadh. Is gá gníomhartha forásacha a chur i bhfeidhm.

Fiú nach féidir gníomhartha Buckley a mheasúnú – ní thosóidh sí go mí Eanáir – tá dóchas ann go mbeidh an Tríonóid dár gcur i dtreo todhchaí níos fearr, ach beidh ar Buckley tús a chur lena tréimhse oifige le físeán i bhfad níos láidre na an ceann atá léirithe aici san nuachtán seo.