Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 7, 2021

Tá an GSU ag Snámh in Aghaidh Easa an Chirt Arís Eile

Tá an t-aontas tar éis a cruinniú ginearálta bliantúil a chur ar athló chun liosta lucht vótála a dheimhniú.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Tá Aontas na Mac Léinn Iarchéime (an GSU) ar na ceannteidil arís agus droch-chúiseanna leis sin. Agus céard é coir na seachtaine seo? A chruinniú ginearálta bliantúil (CGB) a chur ar athló chun deimhniú nach bhfuil ach iarchéimithe reatha i measc lucht vótála. Beagnach dhá bhliain istigh sa phaindéim seo, is cosúil nach dtuigeann an GSU go fóill conas toghchán slán ar líne a chur i gcrích.

Is coir bheag í seo i gcomparáid leis na cinn eile. Bhí cúpla mí ciúin ag an aontas agus an Lárchoiste Caipitíochta fós gan gníomhú ar fhadhbanna na bliana seo caite. Ar shlí amháin, b’fhéidir gur ceart an t-aontas a mholadh as an cúram breise seo. Dála an scéil, ba é ceann de na fadhbanna a chur droch-cháil ar a CGB i Mí an Aibreáin ná go raibh daoine nach baill den GSU iad in ann vótáil an oíche sin.

Ach tar éis gach coir eile de chuid an GSU, tá sé deacair gan bheith amhrasach. Tá an CGB déanach cheana – cé gur áitigh an tUachtarán Gisèle Scanlon go géar nach raibh sé amhlaidh. Agus fiú roimh an gcruinniú, bhí fadhbanna bunreachta ann – an ceann is mó acu ná toghadh ceannairí an aontais roimh ré, seachas lena linn.

ADVERTISEMENT

Tá tuairisciú leathan déanta ag an mBord Eagarthóireachta seo ar neamhchúram ar dhaonlathas – nó, cinnte, ar an easpa tola rudaí a dhéanamh i gceart – sa GSU. Is léir nach fadhb mór é i radharc na n-iarchéimithe – dá raibh, ní bheadh Scanlon agus a leas-Uachtarán Abhisweta Bhattacharjee tar éis a ndara théarma a bhuachaint sa GSU. Ach is rud tábhachtach fós nach n-éiríonn an easpa cúraim seo – bíodh sé de bharr drochrúin nó neamhinniúlachta – ina ghnáthrud.

Is deacair a cheapadh nach dtarlóidh a leithéid sin, áfach. Beidh Scanlon ag díriú ar a feachtas ar shuíochán oscailte na Tríonóide sa Seanad, agus cinnte ní bheidh sí ag iarraidh go ndíreofaí ar cé chomh dona is a éirigh an GSU agus ise i réim air.

Móide sin, tá Comhaontas na nOibrithe Iarchéimithe – an grúpa is mó a bhí ag cáineadh an GSU anuraidh – ag díriú ar a fheachtas náisiúnta, agus is beag go bhfuil sé ag dul in aghaidh sárú daonlathais an GSU go poiblí a thuileadh.

Má tá baill den GSU sásta leis an gcaoi a reáchtáiltear é, bíodh mé mar sin. Ach tá sé tábhachtach cuimhneamh nach mar seo ab ceart do rudaí a bheith, agus go bhfuil cumas an GSU curtha amú dá bharr seo.