Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 11, 2022

Tá ar Harris agus ar Ruane comhoibriú chun dul i ngleic le bunchúis na NDAanna

Tar éis gur maíodh go raibh comhaontuithe um neamhnochtadh in úsáid chun íobartaigh a chur ina dtost in institiúidí tríú leibhéal, tá ar an stát mhachnamh ceart a dhéanamh air.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Thug an tAire Ardoideachas Simon Harris achasán d’ollscoileanna na hÉireann an tseachtain seo nuair a d’easaontaigh sé lena gcuid gealltanas nár úsáid siad comhaontuithe um neamhnochtadh riamh i gcásanna bulaíochta ná ciaptha. Luaigh Harris staitisticí a bhí bailithe ag Seanadóir de chuid na Tríonóide, Lynn Ruane, a thaispeáin go raibh ar 30 faoin gcéad de daoine a chuir gearrán isteach faoi bhulaíocht nó faoi chiapadh NDA a shíniú.

Go bunúsach, mhaígh Harris go raibh na coláistí ag insint bréaga – ach is féidir go bhfuil an fhírinne níos casta mar atá ráite ag Harris agus ag Ruane. Níl aon sainmhíniú uilíoch don téarma “comhaontú um neamhnochtadh” agus, mar a luaigh Ruane leis an nuachtán seo, is minic nach dtugtar “NDA” ar a leithéid seo de chomhaontuithe. Seans gur féidir leis na hollscoileanna a mhaíomh go teicniúil nár úsáid siad conarthaí den saghas a bhí i gceist ag Harris agus ag Ruane, mar sin.

Tá fíorghá go ndéanfaí soiléiriú ar na comhaontuithe ar fad – más ea go bhfuil clabhsúr agus príobháid ag teastáil ó roinnt íospartach, tá siad ina theideal sin. Ach má tá ciúnas brúite ar dhaoine, is scéal iomám eile é sin ar cheart stop díreach a chur leis.

ADVERTISEMENT

Pé scéal é, ní oireann troid téarmaíochta d’am de chuid reachtóirí. Ba cheart moladh a thabhairt don Aire Ardoideachas Simon Harris as an gcáineadh a rinne sé ar úsáid na NDAanna sna hollscoileanna, ach anois tá air breathnú níos doimhne ar an gcultúr a chuireann brú ar lucht gearrán conarthaí mar sin a shíniú, nó a chuireann cuma ar an scéal nach bhfuil an dara rogha acu.

Níl i gceist le orduithe gobáin ar chásanna mí-úsáide, ciaptha, agus bulaíochta ach srian ar eolas agus ar an bhfírinne – ba cheart d’ollscoileanna seasamh go hiomlán ina aghaidh sin.

Tá ar Harris, ar Ruane, agus ar institiúidí tríú leibhéal a fháil amach cén sórt conarthaí atá á síniú, agus cén fáth. Más ea go raibh NDAanna in úsáid nó murab ea, ba cheart d’ollscoileanna aird a thabhairt ar na cásanna atá taobh thiar dóibh, agus a bheith toiliúil obair dáiríre a dhéanamh i gcoinne bunchúiseanna na bulaíochta agus an chiaptha leathan.

Is féidir am a chaitheamh ag iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar théarmaí agus ar bhríonna, ach sin an phríomhfhadhb ná cén fáth a bhí a leithéid sin de chonarthaí in úsáid ar chor ar bith. Is spreagadh atá ann sa cháineadh a rinne Harris , ach anois tá air obair lámh i lámh le hinstitiúidí chun cinntiú nach bhfuil na conarthaí seo in úsáid chun íobartaigh a chur i gciúnas. Agus más in atá i ann, caithfidh sé stop a chur leis.