Comment & Analysis
Eagarfhocal
Jan 12, 2022

Tá Imní ar a lán Coláistí de bharr an Bhille HEA. Tá Gá le Cur Chuige Pragmatach Anois

Tá ré nua tagtha ar an chaidreamh idir an Tríonóid agus an rialtas.

Leis an mBord Eagarthóireachta

I ndiaidh bheith buartha leis na blianta faoin rialtas ag cur a ladair isteach in ollscoileanna na hÉireann, faoi dheireadh thiar thall tá fís an Roinn Ardoideachais maidir leis an chaidreamh a bheas idir an tÚdarás um Ard-Oideachas (HEA) agus na hollscoileanna feasta leagtha amach acu. Ó thaobh na gcoláistí de, ní dea-scéal atá ann.

Is féidir pionós a ghearradh ar ollscoileanna má theipeann orthu cloígh leis na “creatlacha” a leagann amach na téarmaí agus coinníollacha ar a dtugtar maoiniú dóibh ón státchiste – chomh fada leis an mhaoiniú sin a choinneáil siar nó a thabhairt ar ais.

Céim chun tosaigh do na coláistí roinnt ghnéithe den bhille. De réir an bhille caithfear 17 duine a bheith páirteach sna comhlachtaí rialaithe – bhí imní ann go mbeadh an líon seo chomh híseal le 12 duine. Glacadh leis an eisceacht a d’iarr Coláiste na Tríonóide í, go pointe áirithe; mar bhreis ar na 17 mbaill, tá cead ag Bord an Choláiste comhaltaí a cheapadh, fad is nach comhaltaí atá i níos mó ná 40% den Bhord ar an iomlán. Níor tugadh eisceacht iomlán ar na rialacha nua do Choláiste na Tríonóide, ach bhí an roinn sásta géilleadh chun an struchtúr cinnteoireachta traidisiúnta ag an choláiste a chaomhnú go pointe áirithe.

ADVERTISEMENT

Cinnte, cuirfidh lucht cáinte an bhille in iúl nach bhfuil sé seo an eisceacht a bhí á lorg acu. Rinne an earnáil cáineadh ar na hathruithe le bliain anuas, ach ní mór dó cur chuige pragmatach a ghlacadh anois.

Is éigean do Choláiste na Tríonóide agus d’ollscoileanna eile sonraí níos cruinne ar na creatlacha seo a éileamh – tá an bille lán d’fhrásaí éiginnte maidir leis an méid a caithfidh, nó nach gcaithfidh, le ollscoileanna a dhéanamh chun an t-airgead ón stát a choinneáil. Cad is “rialachas maith” ann? Cén cuma a bheas ar “easnaimh móra” ar thaobh cloí leis na creatlacha de? Mhol an tAire Ardoideachas Simon Harris an bille mar chosaint ar infheistíocht an rialtais, rud atá go maith ar thaobh muinín an phobail a chothú – ach cúpla blianta ar aghaidh sa chomhrá seo faoi riaracháin agus faoi fhreagracht, níl na hollscoileanna áitithe go fóill.

Tá sé scríofa ag an Bhord Eagarthóireachta seo cheana gur chóir don rialtas comhoibriú a chothú in áit athruithe móra a chur i bhfeidhm nuair atá coláistí ag déanamh gearán fúthu má tá sé dáiríre faoina chaidreamh leis na hollscoileanna a fhorbairt. Ach anois, tá go leor gearáin déanta ag na coláistí. Muna dtagann siad le chéile anois chun na mionsonraí an bhille seo a shocrú, beidh siad níos measa as dá bharr.