Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 31, 2022

Is mór an Cúnamh do Ghlór na Mac Léinn ar Bhord an Choláiste é an Reo Táille

Roghnaigh an Propast Linda Doyle táillí a reo don bhliain acadúil seo chugainn an tseachtain seo, seachas táillí mac léinn neamh-AE a ardú.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Léiríonn cinneadh an phropaist táillí a choinneáil mar atá á thábhachtaí is atá sé go mbíonn ionadaíocht ag mic léinn ag an leibhéil is airde de phróiseas cinnteoireachta an choláiste.

Is sampla den scoth é an chinneadh a ghlac an choláiste gan táille a ardú do mhic léinn cén fáth gur drochsmaoineamh a bheadh ann an tionchar atá ag mic léinn ar an údarás ceannais is airde i gColáiste na Tríonóide a laghdú.

B’fhíor an sean-nath nach tálaithe airgid iad mac léinn. Is follasach go bhfuil arduithe táillí do mhic léinn neamh-AE – gan aon fheabhas ar chaighdeán an oideachais – míchothrom. Bhain an choláiste úsáid as an bhoilsciú as cuimse chun na harduithe a bhí beartaithe a chosaint, ag déanamh dearmad, is cosúil, go bhfuil an boilsciú ag cur as go mór do dhaoine chomh mór, nó níos mó, is a chuireann sé as d’institiúidí.

ADVERTISEMENT

Tá leasuithe ar na bacáin chun laghdú a dhéanamh ar líon na mac léinn ar an mBord – measadh gur chomhréiteach réasúnta atá ann agus an rialtas meáite ar neamhspleáchas Coláiste na Tríonóide a chúngú.

Cé nach féidir leasuithe a sheachaint faoin tráth seo, déanfaidh an laghdú ar an tionchar atá ag mic léinn dochar do leas na bhfochéimithe agus na n-iarchéimithe. Thug roinnt chomhaltaí ar an Bhord tacaíocht do mhic léinn agus níor aontaigh siad leis na arduithe – ach bhí ar na mic léinn ar an bhord stocaireacht a dhéanamh sular ghlac siad an seasamh seo.

Tá gach uile seans ann go mbeadh táillí arda ar chuid mhór fochéimithe agus iarchéimithe murach an líon mór ionadaithe a bhí ag troid ar leas na mac léinn.

Agus sin ráite, tá aitheantas tuillte ag an Phropast Linda Doyle as na harduithe ar tháillí a chaiteamh amach. Mar is eol do chách, ní thaitníonn comhdhearcadh bhríoch leis an mBord, ach tá an cuma ar an scéal go bhfuil Doyle á ghlacadh i ndáiríre.

Is maith an rud é cinneadh an Bhoird do mhic léinn agus don Choláiste ar an iomlán, agus cuidíonn sé le pobal an choláiste go bhfuil aird a thabhairt orthu – príomh-ghealltanas de chuid Doyle agus í ag cur isteach ar an phost mór.

Nuair a ghlactar ceist na na n-arduithe táillí roimh an Bhord arís, le cuidiú Dé cuimhneoidh Doyle ar an ghealltanas sin, seachas na mic léinn a fhágáil ar lár.