Comment & Analysis
Eagarfhocal
Aug 12, 2021

Is mar seo a Chuimhneofar ar Patrick Prendergast

Cé gur ceart an t-iarPhropast a mholadh as a rinne sé i rith a thréimhse oifige, is iomaí fadhb a bhí ann freisin.

Leis an mBord Eagarthóireachta

I bpictiúir foilsithe ag an Irish Independent sa bhliain 2011, sheas Patrick Prendergast go fuinniúil ar chéimeanna an Phroinntí, gealgháireach agus é ag breathnú amach ar an gCearnóg Thosaigh, a mhac fionn ina bhaclainn aige agus a iníon ag breith barróga ar a ghualainn.

Gealltanas le ré nua a bhí sa phictiúir, ré a theastaigh ó na mílte daoine i rith ainnise thobchliseadh an gheilleagair. Cosúil leis an lá ar thoghadh Barack Obama mar Uachtarán na SAM, bhí an Tríonóid tar éis casadh ar an óige chun na praisí a réiteach – praiseach nár éirigh leis na seanfhir a chur i gceart.

Ar bhain sé an sprioc seo amach le linn a chuid ama mar phropast? Níor bhain. Ach níorbh fhéidir sin riamh.

ADVERTISEMENT

An ceart Prendergast a mholadh as a chuid ama in oifig? Is ceart. Ach is iomaí fadhb a bhí ann freisin.

Is minic a chuimhnítear ar phropaist na Tríonóide de réir a tharla le linn lár a gcuid ama i gceannaireacht: cuimhnítear ar John Hegarty de réir an athstructúrú a rinne sé ar shaoráidí na Tríonóide sa bhliain 2008, ar Tom Mitchell de réir a cheannaireachta le linn chur chun cinn mór tógála sa Tríonóid, agus ar Bill Watts as a rinne sé chun ullmhú don cheiliúradh ceithre chéad bliana ar an bhfód i 1992.

Tá Coláiste na Tríonóide, Éire, agus an Domhan ar fad tar éis dul trí athrú iomlán sa deich mbliana seo caite, agus mar sin seasann Prendergast amach ar leith: ní féidir a cheannaireacht mar phropast a achoimriú. Is mar sin, is dócha, gurb é a thréimhse mar phropast ceann de na cinn is tábhachtaí.

Géarchéim: Bhí an Tír ag Titim as a Chéile

Roghnaigh an t-iarPhropast Patrick Prendergast an tréimhse ama is measa, seans, ón Dara Cogadh Domhanda chun an phoist is airde sa Tríonóid a ghlacadh.

Thosaigh sé a chuid ama in Uimhir 1 Sráid Grafton i lár tobchliste an gheilleagair nuair nach raibh pingin rua fágtha ag an tír, agus d’fhág sé an oifig le linn na paindéime is mó ann ón bhfliú Spáinneach, paindéim a chuir an domhan as a chéile agus a dhún go forleathan coláistí agus an ardoideachas.

Bhí a réiteach do na dúshláin seo – fiú nach raibh sé foirfe – an t-éacht is mó a rinne sé mar phropast. Nuair a bhí ganntanas airgid ann agus an rialtas dírithe ar chaiteachas poiblí a scriosadh chun an gheilleagair a shábháil, chur sé fadhbanna an airgeadais faoina smacht aige go héifeachtach, fiú más go crua freisin a bhí sé.

Amach ansin, tuigtear go soiléir cén fáth a rinne sé iarracht an Tríonóid a chur as spleáchas ar rialtas sprionlaithe trí dhaonchairdeas, trí idirnáisiúnú, trí shaoirse níos leithne a thabhairt do scoileanna – an sampla is cáiliúla ná Scoil an Ghnó – a rogha rud a dhéanamh, agus, cinnte, trí thráchtálú a chothú.

Tá an tráchtálú tar éis fearg na mac léinn a tharraingt air féin go deimhin. Tá an Leabhar Ceannais mar shiombail choláiste atá sásta neamhaird a dhéanamh ar na mic léinn chun tús áite a thabhairt do thurasóirí.

Is minic a bhí an cáineadh seo míchuí áfach, agus níor thugadar san áireamh go raibh an t-airgead ag filleadh díreach ar an ollscoil agus – dá bharr sin – ar shaol na mac léinn. Fiú go bhfuil cuma an Death Star ar an Aonad Ioncaim Tráchtála, bhí níos mó maitheasa ná dochair á dhéanamh aige sna cúrsaí acadúla.

Chabhraigh Prendergast leis an Tríonóid a oscailt don saol mór, ag spreagadh teacht isteach na mac léinn idirnáisiúnta agus á cur i dtionscadal mar Chonradh Coláistí Taighde na hEorpa.

Mar chuid den iarratas airgid a shaothrú, tá an radharc idirnáisiúnta seo buanaithe sa Tríonóid anois, agus tá an Coláiste i bhfad níos ilchultúrtha. Ach d’fhéadfadh sé níos mó a dhéanamh ar thaobh na Tríonóide a ullmhú le haghaidh Eoraip iar-Bhreatimeachta; móide sin, tá dochar déanta don Choláiste agus mic léinn idirnáisiúnta á bhfeiceáil mar thálaithe airgid.

Ar deireadh na 2010eanna, tháinig dúshlán formhór eile ina aghaidh: an coróinvíreas. D’fhreagair an Tríonóid é go tapa tríd an gColáiste a dhúnadh agus a bhogadh ar líne le luas suntasach, go háirithe nuair a áirítear gur fuath le hacadóirí athruithe móra.

Agus an campas dúnta, agus d’ainneoin pleanáil leathan an Choláiste, bhí an cuma ar an scéal go raibh Prendergast ag iarraidh cuid den Choláiste a choinneáil ar oscailt ar a laghad. D’fhan na leabharlanna ar oscailt den chuid is mó, agus cuireadh ollphubaill díonta in aghaidh an coróinvíris – a bhí folamh an chuid is mó den bhliain – sa Chearnóg Nua agus i mBá na Luibheolaíochta. I rith an earraigh agus an tsamhraidh, shuigh mic léinn ar chathaoireacha deice i gCearnóg na Leabharlainne agus i gCearnóg na gComhaltaí, agus bhíodar in ann áit a chuir in áirithe don Bhutrach chun teacht ar an gcampas.

Ach ní shin ach cuid de chur chuige Prendergast in aghaidh na ngéarchéimeanna. Mar innealtóir, bhí sé dírithe ar mhodheolaíochtaí agus bhí cur chuige córasach i gcónaí aige – agus is beag an chomhbhá a bhí fágtha i ndiaidh sin.

 

Is minic nár cheap Prendergast faoi na cúrsaí praiticiúla a bhí mar chuid lárnach d’ollscoil a raibh spiorad coláisteach fada aici.

Sam McAllister ó The University Times

Bíonn deacrachtaí ag a lán scoileanna – acadóirí sóisearacha agus mic léinn PhD ach go háirithe – le linn déine. Níor éirigh le gach duine acu, fiú agus fadhbanna na laethanta ag laghdú. Tháinig a lán mac léinn go hÉirinn, díreach chun a fháil amach nach raibh aon ghá dóibh a bheith ann. Is mór líon na mac léinn míshona a bhí i Hallaí na Tríonóide. Agus ba rogha ró-thapa gan chomhbhá é mic léinn a casadh amach as árasáin chónaithe an Choláiste gan choinne, rogha a bhí níos deacra fós orthu siúd nach raibh in ann dul ar eitleán nó ar bhus láithreach.

Cé go raibh sé cleachta dul i ngleic le dúshláin láithreacha, is í an chomhairle í a theip ar Prendergast agus, is cosúil, an rud is láidre chuir an Propast Linda Doyle chun cinn sa toghchán i Mí Aibreán.

Comhairle: ‘Mo leithscéal má bhí cuma an deachtóra orm’

Agus í i mbun toghchánaíochta, chuir Linda Doyle béim i gcónaí ar thábhacht an daonlathais a athspreagadh sa Choláiste, ag tabhairt na cumhachta fheidhmiúcháin don ghnáthdhuine.
Bhí an impleacht soiléir: bhrúigh Patrick Prendergast gnáthbhaill de phobal na Tríonóide amach, agus gheall Doyle iad a thabhairt isteach arís ón imeall. Is drochléargas é ar an tréimshe a chaith Prendergast mar phropast gur bhain Linda Doyle leis an ngealltanas “go mbeadh meas orthu agus go mbeadh siad páirteach i bpróiseas chinnteoireachta an phobail”.
Is léir go raibh rud ar bith a chuir moill ar an gcinnteoireacht ina chrá chroí ag Prendergast. Chuir an cur chuige dian a bhí aige i leith cathaoirleachta a dhéanamh ar Bhord an Choláiste é féin i dtrioblóid cúpla uair.

Bhí dóigh an-chríochnúil aige, ach ar an drochuair is minic a thug sé neamhaird ar dhuine ar bith a bhí ar mhalairt tuairime, agus ar an saol in ollscoil a raibh meas mór aici ar an gcomhghleacaíocht agus an traidisiún ar feadh na mblianta.
Taobh amuigh d’uasaicme an Choláiste, lean an fhadhb ar aghaidh. Bhí tuairimí daingne i measc na mball foirne agus na mac léinn go raibh an Coláiste neamhchúiseach faoina n-anchaoi agus faoin easpa inrochtaineachta.

An dá chiseadh is mó le rá a bhí ann ná an “Tionscamh Aitheantais” agus Tóg an Tríonóid ar Ais.

Bhí an Tionscnamh Aitheantais sa bliain 2013 mar eiseamláir phatrúin na Tríonóide a ndeachaigh ó bhotún go praiseach. D’éirigh an tionscnamh ina phraiseach nuair a chuaigh céimithe agus an campas ar fad le báiní mar gheall ar athbhrandáil ainm agus lógó an Choláiste. Thaispeáin sé go soiléir an mhíshástacht faoi chur chuige Prendergast a ghlac le comhairleoirí dea-íoctha agus saineolaí brandála gan pobal an Choláiste a chur san áireamh.

Ach beidh Tóg an Tríonóid ar Ais mar cheann de na smáil is mó ar a oidhreacht. Léirigh iarratas an Choláiste táillí sa bhreis a chur ar scrúduithe breise – a bhí mar chúis le hagóidí móra ar an gcampas – agus agus a mhalairt intinne faoi go raibh sé gearrtha amach as saol na mac léinn agus nár thuig sé an mhéid feirge is míshástachta a bhí orthu ag an am.

Beidh Tóg an Tríonóid ar Ais mar ceann de na smáil is mó ar oidhreacht Prendergast.

Ivan Rakhmanin for The University Times

Beidh tábhacht leanúnach ag Tóg an Tríonóid ar Ais le blianta suas agus daoine ag cuimhneamh ar cé chomh mór is a chuaigh sé i bhfeidhm ar cheannaireacht na Tríonóide. Ní dócha anois go mbeidh rogha chomh tubaisteach sin déanta ag an Tríonóid chun mic léinn a spreagadh chuig agóid os comhair an Phroinntí agus iad ag canadh “ní teipfidh ar mhic léinn aontaithe riamh” go láidir in aghaidh riaracháin an Choláiste.

Ach b’fhearr de Prendergast é: chur sé teagmháil leis na mic léinn chun cinn i ndiaidh na n-agóidí, agus bhí an cuma ar an scéal go rabhadar níos measta aige le linn deireadh a thréimhse mar phropast.

Dá ainneoin sin, bhí Oideachas na Tríonóide – .i. Tionscnamh Oideachais na Tríonóide – lán le dearmaid ghnáthúla na Tríonóide, agus is dócha go mairfidh an mhíshástacht ó na hathruithe móra curaclaim i bhfad sa chúl sna blianta le teacht.

Is rud tábhachtach é mic léinn, baill foirne, agus airgead an Choláiste a láimhseáil – agus mar sin is ceart béim láidir a chur air. Ach d‘fhág cur chuige corparáideach Prendergast – agus a bbéim ar fhiontraíocht – ar lár na daoine a bhí ag iarraidh cuma ollscoile a bheith ar an ollscoil.

Airgead: ‘Is fadhb i ndiaidh faidhbe a tháinig as dul ar laghad maoinithe ón Stát’

Is airíonna éiritheacha iad na ceannairí: ní hamháin conas a leanann siad ar aghaidh, ach na daoine a cheapann siad agus a ngaois chun freagraí a thabhairt d’fhadhbanna an lae, atá taobh leo i gcónaí.

Bíonn tionchar ó thaobh amuigh i gcónaí ar cad gur féidir a leo agus ar nach féidir leo a dhéanamh.

Deireadh an lae, is é an t-airgead an rud is mó a theastaíonn ó ollscoileanna chun dul chun cinn a dhéanamh. Agus d’ainneoin an chaint maidir le daonchairdis agus maidir le neamhspleáchas, tá ollscoileanna na hÉireann spleách ar an rialtas dá gcuid airgid.

Bíonn tionchar ó thaobh amuigh, an rialtas reatha mar shampla, i gcónaí ar cad gur féidir agus nach féidir le propaist a dhéanamh.

Edmund Heaphy for The University Times

Mar sin, mar fhreagra ar mhórchuid de na gearáin in aghaidh an t-iarPhropaist, bheadh an ceart aige a rá go raibh an locht ar easpa tacaíochta ón rialtas agus ar thobchliseadh an gheilleagair.

Tá sé seo soiléir sna ranguithe. Thit rangú na Tríonóide go mór i rith ceannaireachta Prendergast, agus tá an Coláiste tar éis iarracht láidir a bhaint as sin a stopadh. Tá sé scríofa ag an mBord Eagarthóireachta seo cheana go gcuimhneofaí ar Prendergast as na ranguithe – agus is fíor sin – ach ní hionann ranguithe níos lú agus teip ar cháilíocht an Choláiste.

I ndáiríre, den chuid is mó, tá an ollscoil tar éis feabhsú agus dul chun cinn ó tháinig Prendergast in oifig. Séard atá i gceist ná níor fhás sí chomh mór is a d’fhás roinnt ollscoileanna eile – agus tá an t-airgead mar chúis réasúnta leis sin.

D’fhéadfadh a lán de ghearáin na foirne agus na mac léinn a chur os comhair an rialtais seachas os comhair Uimhir 1 Sráid Grafton.

Cé gur theip ar Prendergast fadhb an airgid a réiteach, tá taobhanna dearfacha dá cheannaireacht. Tá an Tríonóid tar éis – de chuid áirithe – a cháil ardnósach éilíteach a chaitheamh amach i hallaí Teach Laighin. Sna míonna beaga anuas, bhí an tAire Ardoideachais Simon Harris feicthe ar an gcampas á dheasú fhéin le Prendergast agus le cibé duine eile a bheadh ann.

 

Bua Prendergast ab ea é brú a chur ar rialtas sprionlaithe infheistíocht a dhéanamh ina phlean le haghaidh na Tríonóide.

Ivan Rakhmanin for The University Times

Tá an rialtas tar éis glacadh le meon comhghéillte maidir leis na dlíthe nua conspóideacha ar riarachán coláistí – fiú go raibh moill ar Prendergast glacadh leis na hathruithe seo– agus beidh siad ag cur an-mhéid maoiniú ar fáil don Sean-Leabharlann, don Teilgcheárta Foghlama E3, agus don Tríonóid Thoir.

Tá deis ag an Tríonóid anois a bheith mar cheann de na hollscoileanna Béarla is láidire san Eoraip trí mhic léinn agus trí acadóirí atá míshásta leis an Ríocht Aontaithe iar-Bhreatimeachta a mhealladh isteach. Móide sin, tá an cuma ar an scéal go bhfuil Harris ar tí rogha a dhéanamh maidir le tuairisc Cassells, agus go bhfuil sé chun rath airgeadais fhadtéarmach an ardoideachais a chur chun cinn.

In ainneoin a chuid smaointe faoi scéimeanna iasachta, bhí Prendergast go mór i bhfabhar maoiniú a chur chun cinn roimh dheireadh a thréimhse in oifig, agus ní raibh eagla air labhairt amach os ard in aghaidh an rialtais agus an easpa maoinithe uaidh. Ach i ndáiríre, níor athraigh mórán ar thaobh an rialtais de le linn na deich mbliana seo caite: dhiúltaigh rialtais Fine Gael i ndiaidh a chéile maoiniú a chur ar fáil, agus bhí ar an Tríonóid a cuid airgid fhéin a shaothrú.

Ní comhtharlú é gur cruthaíodh roinn um ardoideachas agus Prendergast mar cheann de na daoine is mó le tionchar aige sa tríú leibhéal. Seans go mbeadh an roinn nua ina bua mór d’earnáil atá fágtha ar lár ag an rialtas le fada an lá.

Agus Doyle g teacht i gceannas, tá dóchas ann go mbeidh an ghéarchéim seo a chráigh Prendergast go mór ag dul i laghad, agus tá sé soiléir anois go bhfuil bua beirthe ag an smaoineamh go mbeidh ollscoileanna poiblí maoinithe ag an rialtas.

Ach má leanann an ghéarchéim maoinithe ar aghaidh, léirigh Prendergast gur féidir leis an Tríonóid a bheith uaillmhianach lena cuid tionscadal caipitil. Thairis sin, tá an campas feabhsaithe go mór aige, agus bunús todhchaí na Tríonóide leagtha amach aige.

Cé go bhfuil fearg luchta Fhoirgneamh na nEalaíon intuigthe agus a bhfoirgneamh ag titim as a chéile, beidh athruithe Prendergast ar an gcampas mar chuid mór dá oidhreacht. Seans go mbeidh an Scoil Gnó – a tógadh gan mhaoiniú ón Stát – mar an gceann is mó cáil dóibh.

Seans go mbeidh an Tríonóid Thoir ina bua mór don Choláiste – tá an-chuid de phleananna Doyle bunaithe air – agus is mar gheall ar Prendergast gur chur an rialtas sprionlaithe airgid ar fáil ar a shon.

Seans maith gur sin an bua a chuirfidh rath ar thodhchaí na Tríonóide tar éis géarchéimeanna na deich mbliana seo caite a bheith imithe tharainn.