Radius
Dec 1, 2021

Pléann an Cumann Gaelach Dlíthe Drúgaí ina gCraobh Diospóireachta Maidens

Bhailigh pobal Gaeilge an Choláiste le chéile sa GMB chun féachaint ar Chraobh Díospóireachta Maidens an Chumainn Ghaelaigh.

Abigail MoriartyScríbhneoir Cúnta
blank
Emily de Barra

Agus muid ag druidim chuig deiridh na téarma, caithfimid slán a fhágáil leis na rudaí is fearr linn faoi shaol an Choláiste – na daoine dathúla, an inspioráid faisin, agus dar ndóigh, an díospóireachta Maidens leis an gCumann Gaelach. Ghlac neart daoine páirt i mbliana agus bhí an caighdeán an-ard. An rún a bhí á phlé acu oíche Dé Máirt ná “Déanann na dlíthe maidir le drugaí in Éirinn níos mó dochair ná maitheas”. Rún conspóideach, casta a bhí i gceist ach bhí argóintí spreagúla annl ó gach taobh den scéal.

Chuir Maedhbh Ní Cheallacháin tús leis an oíche, agus í ag labhairt ar son an rúin. Chuir sí a smaointe i leith an ábhair seo in iúl dúinn. Bhí pointe an-suimiúil aici maidir leis na dlíthe i dtíortha eile. Dúirt sí go bhfuil “níos mó daoine in Éirinn ag fáil báis de bharr drugaí ná go bhfuil san Phortaingéil.” Dar léi, tá an fhírinne bhrónach s’againne ag braith ar ár ndlíthe maidir le drugaí.

Bhí Oisín O’Keefe, buaiteoir na hoíche, ag labhairt in aghaidh an rúin. Ba léir go ndearna sé cás áititheach ar a shon. Chuir sé an fhadhb is mó, dar leis, os ár gcomhair – cultúr an hólacháin sa tír. Tá an fhadhb ag dul in olcas lá i ndiadh lae. Dúirt séise go mbeadh eagla air dá mbeadh na dlíthe níos boige ó thaobh na substainte de. Chuir sé todhchaí indéanta, tromchúiseach os ár gcomhair go héifeachtach agus go healaíonta ina óráid.

ADVERTISEMENT

Ansin, labhair Chloe Ní Ghríofa ar son an rúin. Fuaireamar dearcadh nua uaithi – ba cheart go mbeadh na drugaí díchóirithe. Seo smaoineamh conspóideach atá go mór i mbéal an phobail le blianta beaga anuas. Ina tuairim, ba chóir go mbeadh deis ag daoine gafa le drugaí cabhair a fháil agus a bheith ar bhóthar na leasa arís.

Bhí óráid chumhachtach ag Tara Ní Bhroinn agus í ag labhairt in aghaidh an rúin. Dúirt sí go bhfuil bás na n-andúileach ar leibhéal eipidéimeach sna Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ach cén fáth nach bhfuil an fhadhb seo inár dtír? De bharr na dlíthe in Éirinn. Labhair Ní Bhroinn le muinín daingean ag léiriú tuiscint dhomhain ar an rún, agus mar sin ní haon ionadh é gur tháinig sí sa dara háit.

Thosaigh Sibéal Ní Dhuibhir an dara leath den chraobh le hóráid bunaithe ar an seanfhocal is fearr le gach duine – “Mol an óige agus tiocfaidh sí, cáin í agus titfidh sí”. Tá an nath cainte seo cloiste ag gach mac léinn arís agus arís, ach d’éirigh le Ní Dhuibhir gné nua den sheanfhocal a chur in iúl dúinn agus í ag labhairt ar son an rúin. Mhínigh sí a taithí phearsanta féin leis “an gclub gan ainm”. Oibríonn sí le daoine óga atá ag fulaingt de bharr na ndlíthe drugaí in Éirinn. Thug Ní Dhuibhir léargas an-soiléir dúinn ar na lochtanna maidir le caomhnú na n-óg ó dhrugaí sa tír.

Bhí Aoife Ní Mhainnín, buaiteoir eile na hoíche, ag caint i gcoinne an rúin. Thug sí an meabhrúchán dúinn gur fáinne fí í fadhb na ndrugaí. Tá fadhb mhór againn sa tír seo maidir leis na daoine gan dídean, agus is minic a théann siad i dtreo na drugaí mar gheall ar an easpa seirbhísí ar fáil dóibh. “Tá dlíthe dian ag teastáil go géar uainn ionas nach rachaidh an aimsir in olcas”, arsa sise. Chuir sí argóint sofaisticiúil agus praiticiúil os ár gcomhair, agus ní fhéadfaí a shéanadh nach raibh an bua tuillte aici.

Ba é Emmanuel Ntemuse an chéad cainteoir eile. Ag labhairt ar son an rúin, bhí sé den tuairim go bhfuil na dlíthe drugaí in Éirinn ag déanamh níos mó dochair ná maitheas. In ainneoin ár ndlíthe, tá úsáid na ndrugaí forleathan. “Díoltar drugaí i scoileanna, i gcoláistí, i gcúinní sráideanna, go bunúsach, i ngach áit”, a dúirt sé. Is cinnte go raibh a phointí éagsúla mínithe go paisteanta, agus ní raibh aon amhras gur chuir sé argóint chuimsitheach ar fáil dúinn.

Tháinig James Mac Cionnaith chuig an póidiam, agus tháinig an dráma leis. Agus é ag labhairt i gcoinne an rúin, níor ghlac sé le haon phointe eolais a bhí á roinnt ag Ní Dhuibhir. Bhí diongbháilteacht láidir le braith lena fhocail: ‘Tá dlí agus ord ag teastáil uainn.” Labhair Mac Cionnaith faoi ról na bpáistí i ndomhan na ndrugaí. Is pointe úr é seo a thug ábhar machnaimh dúinn. Chuir sé críoch den scoth leis an díospóireacht.

Bhí beirt aoi-mholtóir i láthair – Antóin Delap agus Emmet de Barra. Sula bhfógraíodh na torthaí, thug Delap a óráid féin. Bhí sé an-tógtha leis an gcaighdeán Gaeilge a bhí ann. Bhuaigh Oisín O’Keefe agus Aoife Ní Mhainnín an chéad duais, ticéid luachmhara T-Ball agus tháinig Tara Ní Bhroinn agus James Mac Cionnaith sa dara háit.

Is cinnte go raibh rath mór ag an gCumann an téarma seo agus táimid ag tnúth go mór leis an chéad téarma eile.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.