News
Mar 17, 2022

Léiríonn Suirbhé go bhfuil Ógánaigh Bhaile Átha Cliath ar son na Gaeilge

Léirigh 61 faoin gcéad de lucht freagartha go rabhadar ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid i mBaile Átha Cliath.

Siothrún SardinaEagarthóir na Gaeilge

D’fhoilsigh Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath torthaí a suirbhé “Your Dublin, Your Voice” le déanaí. Sa tsuirbhé, a bhí ag díriú ar an nGaeilge sa chathair agus léiríodh éileamh mór don Ghaeilge sa chathair, go háirithe i measc an aois óg.

Léirigh 61 faoin gcéad de lucht freagartha go rabhadar ag iarraidh níos mó Gaeilge a úsáid i mBaile Átha Cliath. Bhí 28 faoin gcéad den mhéid sin ag iarraidh níos mó ranganna a bheith ar fáil leis an teanga an fhoghlaim.

Bhí 69 faoin gcéad ar son níos mó Gaeilge a fheiceáil ar chomharthaí, i siopaí, agus araile, agus 66 faoin gcéad ag iarraidh tuilleadh Gaeilge a chloisteáil timpeall ar an gcathair agus ar an raidió.

ADVERTISEMENT

I measc na ndaoine nach raibh líofacht sa teanga acu, bhí suim ag 59 faoin gcéad acu níos mó a fhoghlaim – ach i measc daoine a raibh cumas comhráite bainte amach acu sa teanga, bhí 82 faoin gcéad ag iarraidh tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim.

Dúirt ocht faoin gcéad go raibh Gaeilge á húsáid acu go laethúil, agus 12 faoin gcéad eile go raibh sí á húsáid acu ar bhonn seachtainiúil. 46 faoin gcéad a bhí á húsáid níos annaimhe ná sin. Ba é an baile an áit ab coitianta le Gaeilge a labhairt de réir torthaí an tsuirbhé, agus an córas oideachais an áit ab lú coitianta ann i gcomhair úsáid rialta an teanga acu.

Léirigh an suirbhé freisin go raibh suim níos láidre ag an aois óg sa teanga: ba iad na daoine idir 18 agus 34 bliana d’aois ná daoine a raibh an ráta labhartha na Gaeilge is airde acu. Thairis sin, as 15 faoin gcéad de na daoine a léirigh go raibh Gaeilge sa teach a bhí acu agus iad an fás aníos, ba é an aois óg an grúpa is mó ann.

Bhí 53 faoin gcéad de na daoine sa tsuirbhé ag iarraidh go mbeadh níos mó Gaeilge ag gnóthaí de chuid na cathrach, ach mheas 19 faoin gcéad acu nach raibh fiúntas eacnamaíochta ag an nGaeilge i mBaile Átha Cliath. Ina theannta sin, mheas 11 faoin gcéad de lucht an tsuirbhé gur cur amú ama a bhí ann i gcur chun cinn na teanga.

Ag tús na bliana seo seoladh an feachtas “BÁC le Gaeilge” le húsáid na Gaeilge a spreagadh i lár na hard cathrach mar aon le plean ceathrú Gaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath.

Tá sé mar sprioc ag “BÁC le Gaeilge” ghnólachtaí a spreagadh le comharthaí, suíomhanna idirlín, biachláir agus fógraíocht i nGaeilge a úsáid i mbialanna agus i gcaiféanna.
Is é Baile Átha cliath an tríú contae in Éirinn leis an méid is mó cainteoirí Gaeilge lasmuigh de scoileanna. Díreoidh ‘BÁC le Gaeilge’ ar an 17,000 cainteoir Gaeilge laethúil i mBaile Átha Cliath.

Ar an iomlán, is féidir le breis agus 431,413 duine Gaeilge a labhairt in Éirinn dar leis an daonáireamh.

In alt le Tuairisc dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn “go bhfuil borradh faoin spéis sa teanga agus úsáid na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, go háirithe i measc daoine óga”.

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.