Is beag an baol nach bhfuil an scéal uafáis is déanaí as na Stáit Aontaithe cloiste ag an léitheoir, ach ar eagla na heagla, déanfaidh mé léirmheas tapaigh air a thabhairt daoibh. An tseachtain seo, bheartaigh Trump is a dhrong giollaí a gcuid iarrachtaí frith-dhaonlathacha a dhíriú i dtreo nua, ní ar a gcuid saoránach latino ná ar dhaoine neamhurchóideacha i mbád sa mhuir Chairib, ach ar láithreoir teilifíse. Tar éis do Kimmel cáineadh sách lag a dhéanamh ar lucht MAGA is a gcuid iompair i ndiaidh fheallmharú Charlie Kirk, rinne Brendan Carr, cathaoirleach an FCC, bagairt phoiblí ar chomhlachtaí teilifíse a dhéanann craoladh ar ábhar cosúil leis a cháineann an rialtas. Mar thoradh díreach ar an mbagairt sin, d’fhógair ABC go ndéanfaidís clár Kimmel a chur ar fionraí ar feadh achar ama neamhshainithe.
B’é an cinneadh sin a tharraing aird an phobail arís ar an bhfeachtas cinsireachta atá á fhearadh ag foireann Trump ónar tháinig sé i dtreis an darna uair, feachtas atá tar éis ionsaithe a dhéanamh tríd na cuairteanna ar iriseoirí agus tráchtairí bainteach le foilseacháin chomh stairiúil leis an Wall Street Journal agus an New York Times.
Chuir an eachtra seo mé ag macnamh ar an gcinsireacht inár sochaithe daonlathacha, iartharacha faoi láthair. Go minic, tá an dearcadh ag daoine san Iarthar gur fadhb í an chinsireacht i dtíortha i bhfad i gcéin, sa Rúis is sa tSín, mar shampla. Ar ndóigh, is dearcadh thar a bheith saonta é sin, tuigeann éinne a raibh deartháir nó deirfiúir acu gurb í an chéad instin atá ag éinne nuair a chloiseann siad caint a chuireann isteach orthu ná iarracht a dhéanamh an guth sin a bhalbhú, ní comhrá múinte, aibí a osclú ar an dtopac.
Tá féith an chinsire ionainn uilig, is thar na blianta tá sé sin fíoraithe ag achan sochaí daonna. Lena cheart a thabhairt dóibh, tá córas na Meiriceánach sách uathúil ann féin, is níor mhaith liom a mhaíomh go bhfuil sé in aon bhealach cosúil leis na córais bhrúidiúla ar úsáideadh in áiteannaí cosúil leis an APSS nó san Iodáil faoi Mussolini, ach is cinsireacht é fós féin. I Meiriceá agus i ndaonlathais cosúil lenár gceann féin, feidhmíonn an chinsireacht ar roinnt bealaí éagsúla.
Is cás an-suimiúil ar fad é cás Kimmel. Níorbh é gur ndearnadh cinneadh cúirte a dúirt go raibh an méid a bhí ráite aige mí-dhleathach. Tá an comhthéacs thar a bheith tábhachtach leis an méid ar tharla a thuiscint. Tá an comhlacht theilifís satailíte Nexstar faoi láthair ag déanamh a n-iomaitheoirí Tegna a cheannach, agus leis an mbeart sin a chur i gcríoch tá athruithe á lorg acu ar rialacha frith-mhonaplachta an FCC, toisc go ndéanfadh siad 80% den mhargadh i Meiriceá a choimsiú má éiríonn leo Tegna a cheannach, thart ar dhá oiread an uasmhéid atá i bhfeidhm faoi láthair ag rialacha an FCC, 39%. Mar sin, nuair a rinne Carr a bhagairt nach dtabharfar ceadúnas dóibh chun é seo a dhéanamh dá leanfaidís orthu ag déanamh craoladh ar láithreoirí ar nós Kimmel, rinne Nexstar an rud ar iarradh orthu láithreach. Tógadh Kimmel as aer go hiomlán, cé go bhfuil sé anois fillte ar chainéal cábla ABC agus a chlár ar fáil go fóill ar theilifís satailíte.
Mar sin, cé go raibh cuma neamhbhalbh, rí-shoiléir ar an gcinsireacht a tharla do Kimmel, ba phróiséas sách casta é nuair a dhéantar mionscrúdú air. Ba léir go raibh sé mí-chóir, agus gur chuir sé i gcoinne spiorad Chéad Leasú na Bunreachta, ar a laghad.
Anseo san Eoraip, breathnaíonn muid thall ar seo ar fad is é ag titim amach agus arís, tá an dearcadh seo againn gur rud uafásach é, ach gur rud é atá ag tarlú i bhfad uainn, go bhfuil muid slán anseo leis an Aigéan Atlantach againn mar chosaint. Ach nach bréag í sin? Féach ar chás Mo Chara. Caitheadh amach inniu é, ach caitheadh amach é ar chúis mhaorlathach thar aon rud eile, botún páipéarachais a rinne na póilíní. Nach bhfuil sé sin míle uair níos scanrúile, is níos scanaillí, ná rud ar bith ar tharla do Kimmel? Níor cuireadh cor ar bith i leith Kimmel, ní raibh baol príosúin ann dó ariamh. Ní raibh ina cheallú ach iarracht eile de chuid mórchomhlachta a chinntiú go leanfadh a bhrabús ag fás, rud a tharlaíonn chomh minic sin inár sochaí caipitleach nach fiú trácht air go hiondúil.
Feictear domsa go bhfuil muid i bhfad éireann ró-bhogásach lenár gcearta sibhialta thall anseo san Eorap. Breathnaíonn muid ar iompar Trump is a chomghlacaithe is cuireann sé olc orainn, ach tá an méid sin is níos measa cheana féin ag tarlú mórthimpeall orainne.
Más féidir le deá-rud ar bith eascrú as cásanna Kimmel is Ó hAnnaidh, tá súil agam gurb é go nglacfaimid leis an gcinsireacht mar fhadhb nach bhfuil fuascailte againn go fóill, agus seans maith nach bhfuasclófar é ina hiomláine go deo. Ní mór dúinn an glór is an raic chéanna, agus b’fhearr go mór go mbeadh sé níos mó, a chruthú is ar cruthaíodh le feachtas FreeMoChara is an feachtas a thacaigh le Kimmel chuile uair go dtarlaíonn aon rud dá leithead. Ní ceadmhach neamhshuim.