Ní féidir a shéanadh gur streachail an Ghaeilge thar na blianta. Is mar gheall ar an dul chun cinn atá ar bhun ag an teanga go bhfuil brí éagsúil ag an Ghaelachas sa lá inniu éagsúil ó mar a bhí sé fadó. Cuireann an Ghaeilge go mór leis an ionannas Gaelach mar ba chóir go mbeadh muid bródúil agus í á labhairt. Is fiú plé a dhéanamh, áfach, ar ar féidir féiniúlacht chultúrtha na hÉireann a mhaígh gan cumas Ghaeilge a labhairt.
Oireann sé seo do chásanna ar nós Ed Sheeran, arbh as Éire iad a sheantuismitheorí, agus a fhás aníos i dteaghlach a bhraith ar nós gnáththeaghlach Éireannach, ach amháin go raibh sé suite in Iarthar Sasana. Labhraíonn Sheeran go ceanúil ar chuimhní a óige faoin tuath in Éirinn agus is léir go raibh tionchar suntasach ag an dlúthchaidreamh leis an tír ar a fhéiniúlacht phearsanta go maíonn sé gur Gael cultúrtha é, cé nach bhfuil sé in ann an Ghaeilge a labhairt.
Níl Sheeran leis féin sa bhraistint féiniúlachta seo. Feictear daoine cáiliúla ar nós Oasis, fuirseoir Jimmy Carr, Morrissey, Dominic Purcell agus, fiú, Martin Sheen atá tuismitheoir Éireannacha acu. Ní dhéantar tagairt do na daoine seo mar dhaoine Éireannacha sna meáin riamh, agus níl aon Gaeilge acu ach in oiread, ach an bharántaíonn sé sin a gcearta dá chultúir a chéiliúradh a bhaint dóibh?
Is tír bheag í Éire. Tá daonra timpeall cúig million aici, ach tá nascanna láidre aici le dhaoine ar fud an domhain. Imirce is ea cúis amháin leis sin dar ndóigh, le slua mhór de dhaoine atá ina gcónaí faoi láthair ar shiúl ón mbaile ag lorg post nó eispéireas nua. Cúis eile ná an cultúr uathúil atá againn ó thaobh na healaíona de. Ní gá gur rugadh thú sa tír chun an nasc sin a mhothú nuair a chloistear amhrán traidisiúnta nó nuair a léitear leabhar Oscar Wilde. Ní thagann téarmaí agus coinníollacha le cultúr na hÉireann a mholadh. Is rud é le bheith bródúil as, agus le céiliúradh nuair a théann gnéithe uathúil na tíre i bhfeidhm ar dhaoine nach chónaíonn inti.
Tá an-chuid modhanna chun súil a choimeád ar chultúr Gaelach sa lá inniu a bhuí le céiliúradh na healaíona sa tír. Tá bealaí comhaiseartha le feiceáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa tír, a thacaíonn le daoine Gaeilge a imeascadh ó lá go lá, ar nós podcraoladh How to Gael agus clár teilifíse Grá ar an Trá. Ag deireadh an lae, is é an grá don teanga agus don tír, atá ag croílar cultúr Gaelach. Cabhraíonn daoine cáiliúla ar nós Ed Sheeran, le ceangal leis an tír, leis seo a fhorbairt go forleathan.
Faraor, conas a thomhaistear cé chomh Éireannach is ea duine amháin? Níl scála ann. De réir daonáireamh 2022, tá níos lú ná leath na tíre in ann Gaeilge a labhairt (39.8%). As an gceatadán sin, deir 55% dóibh nach féidir leo í a labhairt go maith. Is figiúr fíor íseal é cé go bhfuil ról riachtanach ag an Gaeilge laistigh de pholaitíocht na féiniúlachta. In 2005, aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúla an Aontas Eorpach, agus in 2022 ardaíodh an stadás sin ó theanga oififiúla go theanga oibre. Éacht stairiúl a bhí ann gan amhras, agus céim ollmhór i dtreo spreagadh na Gaeilge lasmuigh den tír. Mar a luaitear, is cuid lárnach í an Ghaeilge d’oidhreacht chultúrtha na hÉireann a neartaíonn an gaol idir traidisiún stairiúl agus an lae inniu i bhfoirm ceol, damhsa, pros agus spóirt. É sin ráite, cé nach bhfuil Gaeilge ag formhór na tíre ní bhaintear iontaofacht óna bhféiniúlacht phearsanta mar Éireannaigh.
An rud céanna atá i gceist le Sheeran. Níl Gaeilge ag Sheeran, ach ní gá go mbeadh ionas go n-aithnítear a dlúthchumann atá aige lena thaobh Éireannach. Is é an tuairim atá ag roinnt daoine ná go bhfuil daoine cáiliúla ar nós Sheeran ag baint mí-úsáid as a fhéiniúlacht chultúrtha agus nár cheart dó teacht i dtír ar a oidhreacht. I ndeireadh na dála, níor chailleadh féiniúlacht náisiúnta a seanthuismitheorí nuair a d’fhág siad Éire, go háirithe ó thaobh cultúir de. Is iontach an iarracht atá dhéanamh aige chun an dlúthghaol sin a choinneáil láidir a fheiceáil agus é ag déanamh aithrise ar a fhuil Éireannach. Ní ag na hÉireannaigh a gcónaíonn in Éirinn amháin go bhfuil an cead acu páirt a ghlacadh i gcultúr na hÉireann.