Comment & Analysis
Oct 14, 2025

Rás na hUachtaránachta: Cá Seasann an Ghaeilge?

Pléann Sophie Jones ábharthacht na Gaeilge sa toghchán uachtaránachta i mbliana

Sophie JonesLeas-Eagarthóir Nuachta Gaeilge

Ní féidir éisteacht leis an nuacht na laethanta seo gan rud éigin a chloisint faoi rás an uachtaráin. Ach, is beag a chloistear faoin ról atá ag an Gaeilge sa phost seo. Cén fáth? An bhfuil sí fos tábhachtach? An gá go mbeadh líofacht na Gaeilge ag uachtarán na tíre?

Ar an gcéad dul síos, déarfainn go bhfuil. Is tír dhátheangach í Éire. Deirtear in Alt 8 dár mBunreacht gurb í an Gaeilge teanga oifigiúil an stáit. Nach bhfuil an bunreacht féin sin scríofa i nGaeilge? Is cuid lárnach dár gcultúr agus dár n-oidhreacht í an Ghaeilge. Foghlaimímid ar fad an Ghaeilge ó aois óg ar scoil. Is rud beag a bhfuil againn nach bhfuil ag aon tír eile. Mar sin, tá sé ríthábhachtach go bhfuil ceannaire na tíre in ann í a thuiscint agus í a labhairt. 

Ar an lámh eile áfach, tá an Béarla ag gach duine sa tír. Ni hamháin sin, ach tá an Béarla mar an teanga is mó labhartha san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain. Nach leor sin? Cén fáth go mbeadh an Ghaeilge mar riachtanas freisin? Anuas ar sin, tá Éire ag éirí níos ilchultúrtha lá i ndiaidh lae. Is iomaí daonra na tíre nár fhás aníos anseo, agus nach bhfuil focal Gaeilge acu dá bharr. An bhfuilimid chun cosc a chur ar chuid mhór dár ndaonra seasamh d’uachtarán?

ADVERTISEMENT

Díospóireachtaí uachtaránachta 

Tá muintir na hÉireann, agus daoine óga ach go háirithe i bhfad níos bródúla as ar gcultúr agus as ár dteanga dúchasach sna blianta beaga anuas. Cé go mbreathnaítear ar an nGaeilge mar theanga atá i mbaol, tá fás agus forbairt mór tar éis teacht ar an meon aicme na ndaoine ar an nGaeilge le blianta beaga anuas, i measc daoine óga agus i gceantair uirbeacha ach go háirithe. Dá bhrí sin, is cúis díomá é nach bhfuil díospóireachtaí uachtaránachta ar siúl i nGaeilge a thuilleadh, agus nach bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh sa rás uachtaránachta. 

Cháin Catherine Connolly, iarrthóir uachtaránachta agus cainteoir líofa Gaeilge, cinneadh TG4 gan díospóireacht uachtaránachta a eagrú i nGaeilge, ag rá gur díomá é nach dtugtar an deis seo i stát atá dátheangach. Thug sí faoi deara gur sa bhliain 2011 gur tharla an díospóireacht dheireanach den chineál seo (as Gaeilge) agus d’áitigh sí go laghdaíonn eisiamh na Gaeilge a ról sa saol poiblí. Is í Connolly an t-aon iarrthóir atá líofacht na teanga aici, agus tá Gaeilge theoranta ag a cuid iomaitheoirí Heather Humphreys agus Jim Gavin. Dúirt sí gur léirigh go leor vótálaithe imní faoin easpa ábhair Ghaeilge sa bhfeachtas atá acu. 

Dalta Ghaeilge? 

Tá gealltanas déanta ag Heather Humphreys, iarrthóir uachtaránachta Fhine Gael, go bhfoghlaimeoidh sí an Ghaeilge dá dtoghfaí í, beagnach 11 bliana tar éis di gealltanas a thabhairt don chéad uair go bhfeabhsódh sí a cuid Gaeilge siar in 2014, nuair a bhí sí ina hAire don Ghaeltacht. Dúirt an Irish Times gur éirigh léi an Ghaeilge a bhaint amach ina hArdteistiméireacht ach nár úsáid sí mórán í, agus go bhfuil sé i gceist aici anois filleadh ar an nGaeltacht le staidéar a dhéanamh. Áfach, cén fáth go bhfuil brú curtha uirthi an Ghaeilge a fhoghlaim? Cloistear an scéal sin go minic. Níl aon amhras ach go ndéarfadh formhór mhuintir na hÉireann an rud céanna. D’fhoghlaim siad Gaeilge dá nArdteistiméireacht agus tar éis blianta gan í a úsáid, chaill siad smacht ar an teanga. 

I measc na hUachtaráin roimhe seo, ní raibh ach ceathrar as naonúr uachtarán a bhí líofa sa Ghaeilge – mar sin cén fáth ar chóir Heather Humphries a cáineadh as a heaspa líofachta? Nach bhfuil sé níos tábhachtaí go bhfuil sí inniúil i scileanna eile atá riachtanach don uachtaránacht? Mar shampla, ní raibh Mary Robinson líofa ach bhí uachtaránacht cheannródaíoch aici ar go leor cúiseanna eile. Ach é seo ráite, bhí lámh láidir ag Mary MacAleese sa teanga agus d’úsáid sí í go minic i measc an phobail. 

Uachtarán Gaelach

Ós rud é gur post searmanais den chuid is mó atá in Uachtaránacht na hÉireann, ciallaíonn sé sin go bhfuil gné siombalach suntasach aici mar léiriú ar an Stát agus a luachanna. Dá mbeadh líofacht sa Ghaeilge ag teastáil ó iarrthóirí uachtaránachta, dheimhneofaí stádas bunreachtúil na teanga agus chinnteofaí sé go bhféadfadh ceannaire na tíre í a úsáid go héasca ag ócáidí oifigiúla, i bpobail Ghaeltachta, agus fiú ar an ardáin idirnáisiúnta. Ach, má dhéantar riachtanas dian den Gaeilge, tá an baol ann go n-eisiatar iarrthóirí cumasacha eile a d’fhéadfadh sár-ionadaíocht a dhéanamh don náisiún ach nach raibh an deis nó an cúlra acu chun líofacht sa teanga a bhaint amach. 

 

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.