Tá Oíche Shamhna bunaithe, cosúil le mórán de na rudaí is fearr ar domhan, i gcultúr na hÉireann. Nó ba chirte dom a rá, i gcultúr na Págánachta in Éirinn.
Go dtí teacht Naomh Pádraig in Éirinn, ba í an Phágántacht an creideamh is mó a raibh tóir uirthi sa tír. Nuair a scaip na manaigh teagasc Críostaí ar fud na tíre, cuireadh an Pháganacht faoi chois de réir a chéile. Ní bhfuair sí bás, áfach. Bhreac na manaigh síos scéalta págánacha i lámhscríbhinní ársa agus mar gheall ar sin, tá na scéalta miotaseolaíochta iontu fós beo. Idir an fianaise liteartha sin agus seachadadh an bhéaloidis ó ghlúin go glúin, tá bailiúchán ábhair luachmhar ann a thug deis don nua-Phágántacht forbairt sa lá atá inniu ann. Mar sin, cé gur chuir an Chríostaíocht an Phágánacht faoi chois, thug an Chríostaíocht an bheatha shíoraí uirthi chomh maith.
Is creideamh ildiach í Págántacht Éireannach a gcuireann béim ar shácráilteacht an imshaoil agus fórsaí an dúlra. Creideann págánacha i bpaintéón de dhéithe agus spioraid ársa a bhfuil nasctha leis na heilimintí nádúrtha, cosúil leis an ghrian, an ghealach, an fharraige, an talamh, agus a leithéidí. B’fhéidir gur chuala tú trácht ar Bhríd, Bandia na filíochta agus an leighis. I measc na ndéithe eile, tá an Daghdha, ionadaí athrach na Págántachta, agus an Mór-Ríoghan, Bandia an chogaidh.
San fhéilire Págánach, is ócáidí céiliúrtha iad athruithe na séasúr. Creidtear go bhfuil athrú an tséisiúr ag léiriú an bealach a bhfuil saol agus nósanna an duine ag athrú agus ag forbairt i gcónaí.
Na cianta ó shin, cheiliúir Éire Feis na Samhain: feis phágánach ar a dtugtar Oíche Shamhna anois. Léirigh Samhain an pointe leath-bhealaigh idir chónocht an fhómhair agus grianstad an gheimhridh.
Is í Samhain ceann de na ceithre laethanta Ceilteacha spioradálta, mar aon le Imbolc, Bealtaine, agus Lúnasa.
Dar le seantraidisiún Págánach, creideadh gur éirigh an deighilt idir an saol seo agus an saol eile ní b’éadroime i rith am Samhain, agus mar sin creideadh go raibh na spioraid ábalta imeacht tríd. Mar gheall ar sin, bheadh daoine gléasta suas i bhfeisteas agus masc, chun bréagaíocht a chur orthu féin. Bhí lasadh tine cnámh ar cheann de na traidisiúin a bhí ann, agus leanann an traidisiún sin ar aghaidh go dtí an lae inniu le traidisiún Oíche Shamhna.
Tá ceiliúradh na Samhna le feiceáil ar fud na hÉireann, cuid acu níos ceangailte don oidhreacht Phágánach ná na cinn eile. Fásann speis i gceiliúradh Págánach ó bhliain go bliain, a thugann léargas dúinn ar athbheochan na Págántachta sa saol atá inniu ann.
Is eagraíocht í an Scoil Phágánach Gaeilge a múineann ar an dtradisiúin Págánach. Tógann siad cur chuige Nua-Phágánach, bunaithe ar chaidreamh leithleach an duine féin leis na ndéithe. Forbraíonn siad a gcreideamh le guí, deasghnáth, agus machnamh.
Cé go bhfuil an Nua-Págántacht beo in eagraíochtaí faoi leith, tá sí beo i ngnáthshochaí na hÉireann freisin. Tá siomhailí Págánacha le feiceáil ar sheodra agus tatúnna comhaimseartha, cosúil leis an Triskele nó an Triquetra.
De réir Daonáireamh na hÉireann, bhí 3,868 Págánacha sa tír i 2022. Mhéadaigh an figiúr sin faoi thrí ó 2002, agus ceaptar go mbeidh sé ag méadú sna blianta atá amach romhainn.
Deirtear go bhfuil athbheochan na Págántachta cosúil le hathbheochan na Gaeilge le blianta beaga anuas. Ar go leor bealaí, is í an Ghaeilge teanga na Págántachta, agus tá sí sáite inti. Léiríonn an dá rud naisc láidre leis an domhain agus an t-imshaol. Is Gaeilgeoirí agus Págánacha iad sinsir na hÉireann, agus ní féidir ach trí dhearcadh na gcultúr seo fíornádúr na hoidhreachta a thuiscint.