Feb 3, 2026

Theip sa Dáil ar Bhille ag Lorg Cosc ar Shealgaireacht Sionnaigh

Pléann Clogadh NicFhloinn saincheist an tsealgaireacht sionnaigh

Clodagh NicFhloinnAoiscríbhneoir
blank
Photo from WikiCommons

Ar an 17ú de mhí na Nollag, rinneadh vótáil sa Dáil ar an mBille Sláinte agus Leasa Ainmhithe (Toirmeasc ar Fhiach Sionnaigh) 2025. Thug an TD Pobal Seachas Brabús Ruth Coppinger an bille isteach i mí Bealtaine chun an t-Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe 2013 a leasú. Theip sa Dáil ar an mbille ag lorg cosc ar shealgaireacht sionnaigh le toradh 124 – 24. Is léir ón dtoradh seo nach bhfuil na polaiteoirí sa Dáil sásta an bac a chur i bhfeidhm in aicearracht. Tá cosc ar shealgaireacht sionnaigh i Sasana agus sa Bhreatain Bheag ó 2004, agus san Albain ó 2002. Táimid taobh thiar dár gcomharsana sa bhealach seo.

Ar an lá bhí na trí phríomhpháirtí Fine Gael, Fianna Fáil agus Sinn Féin in aghaidh an coisc. Ach chuir polaiteoirí cosúil le Réada Cronin ó Sinn Féin in iúl go m’bhfearr leo vótáil sa slí eile. Chuir ceangal aoireachta an pháirtí cosc orthu, in ainneoin glaonna le haghaidh vótáil oscailte.

Tháinig sealgaireacht sionnaigh suas mar phointe díospóireacht i rith an toghcháin uachtarántachta i mí Dheireadh Fómhair. Rinne an t-iarrthóir uachtarántachta Heather Humphreys cur síos ar an gcleachtadh mar ‘rural pursuit’ in agallamh le RTÉ. Dúirt sí gur cuid d’ár gcultúr agus d’ár noidhreacht í sealgaireacht sionnaigh agus mar sin thug sí a tacaíocht dó.

ADVERTISEMENT

Rinne Ireland Thinks suirbhé roimh an vótáil sa Dáil. Uathu siúd a ceistíodh, dúirt 72% gur cheart cosc a chur ar shealgaireacht sionnaigh. Chomh maith le sin, dúirt 98% den daonra nár ghlac siad páirt riamh i seilg. Dá mbeadh tú ag breithiúnas ar chinneadh na Dálal ar an ábhar seo, shílfeá go mbeadh freagra i bhfad níos difriúla sa suirbhé. Ní leiríonn torthaí an tsuirbhé go bhfuil sealgaireacht sionnaigh ina ‘rural pursuit’ atá ríthábhachtach dár gcultúr agus dár n-oidhreacht mar thír. Dóibh siúd atá bainteach leis an gcleachtadh, is dóigh go bhfuil sé tábhachtach mar dhóigh bheatha, agus is argóint é sin in aghaidh an cosc. Ach is dóigh bheatha atá ag brath ar ag scláradh sionnach le haghaidh siamsaíochta. 

I rith sealgaireachta sionnaigh tradisiúnta, cuirtear gadhar sionnaigh amach in áit go bhfuil sionnaigh. Faigheann siad boladh an tsionnaigh agus leanann siad á lorg. Téann na marcaigh leis na gcapaill ina dhiaidh. Leanann an tóir ar aghaidh go dtí go ngabhfar an sionnach, agus maraítear é de ghnáth. 

Go ginearálta faigheann an grúpa sealgaireachta cead ó na feirmeoirí sa cheantar chun dul in a bpáirceanna. Ach uaireanta, nuair a mbíonn na gadhair sionnaigh amach ag seilg, téann siad isteach ar thalamh príobháideach. Ó am go ham, déanann siad damáiste. É sin ráite, tá cód iompraíochta curtha i bhfeidhm ag na cumainn fiaigh. Baineann siad leis na hainmhithe a mbíonn ag seilg agus an meas a caithfidh baill an ghrúpa a thaispeáint go dtí na húinéirí talúna. 

Is argóint é in aghaidh an bhaic ná go cuireann na sionnaigh isteach ar fheirmeoirí agus a mbeostoc. Cinnte, is bagairt iad sionnaigh in aghaidh cearcanna ina gcúb agus in aghaidh uain uaireanta. Chomh maith le sin, mar nach bhfuil aon chreachadóir nádúrtha ag an tsionnach, tá imní ann faoina dtionchar ar éin atá ag neadú ar an dtalamh. Ach an bhfuil sealgaireacht sionnaigh ina bealach réasúnta chun smacht a choimeád ar dhaonra na tsionnaigh? Nach bhfuil ciondíothú níos cothroime ann don sionnach seachas iad a mharú le cú? Is féidir le feoirmeoirí a mbeostoc a chosaint ó ionsaí gan iad a mharú le haghaidh spórt. 

Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil nasc láidir idir an choilíneachas agus sealgaireacht sionnaigh. Tá sé ceangailte go géar le piardaí na ndúiche agus impiriúlachas na Breataine in Éirinn. Sa lá atá inniu ann, ní na huaisle amháin atá páirteach sna seilg, agus tá argóint gur bhfuil sealgaireacht bainteach le seantraidisiúin na hÉireann. Ach bhí an cleachtadh mar atá sé in Éirinn inniu forbairthe ag aicme cheannais na Breataine. Tá sé seo léirithe sa gCumann Máistrí na gCon Sionnach Éireannach a bunaíodh i 1845 i lár an Ghorta Mór. Tá iorón i gceist mar tá cosc ar shealgaireacht sionnaigh sa Bhreatain anois, ach ní fheicimid an gá chun bac a chur air in Éirinn. 

Taobh thiar den tradisiún agus an ‘rural pursuit’, is spóirt fola é an sealgaireacht sionnaigh, i ndáiríre. Mar a dúirt Oscar Wilde, séard atá ann ná ‘an dothuigthe sa tóir ar an neamh-inite ’. B’fhéidir go mbeidh dearcadh difriúil ag an Dáil air sa todhchaí.  

Sign Up to Our Weekly Newsletters

Get The University Times into your inbox twice a week.