Feidhlim Seoighe | Leas Uachtarán don Gaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn
Is teanga an-chosúil leis an Ghaeilge í an Ghàidhlig. Agus tá naisc láidir idir an dhá teanga a théann siar na mílte bliain, agus atá fós ann inniu. Bíonn fiú roinnt mírlíne ar Nuacht TG4 ó BBC Alba, agus tá an Ghaeilgeoir sláintiúil in ann an chuid is mó de cad atá á rá a thuiscint, gan mórán stró.
Tá an feachtais ar son neamhspleáchais tar éis a léiriú go mbeadh an Ghàidhlig lárnach agus tír nua, agus bunreacht nua, atá á chuir le cheile. Ach mar a tá a fhios againn, bhí an bua ag an feachtais fanacht laistigh den Aontas. Anois is ga féachaint ar todhchaí an teanga mar mhionteanga lastigh den Ríocht Aontaithe.
Níl an teanga tar éis teacht suas mórán sna díospóireachtaí maidir leis an neamhspleáchais. Tá cúrsaí eile, ar nós an tsaoir oideachas, an córas sláinte, an airgeadais, agus an geilleagar, chomh maith le stoc ola na tíre, tar éis lár stáitse a thógáil. Agus thuigeadh seo i comparáid leis na hábhar eile atá á phlé, mar nach bhuil ach 1.1% (daonáireamh 2011) den dhaonra a dheirtear go bhfuil cumas na Ghàidhlige acu, i gcomparáid leis an 1.77 milliún a dheir go bhfuil cumas an Ghaeilge acu. Ba mór-cuspóir a bhí ann, don fheachtais neamhspleáchais, go mbeadh áth-bheocháin ealaíona agus cultúrtha le tarlú san tír nua.
Tá rud amháin a shroicheann Gaeilgeoirí ar fud na tíre, Tír gan Teanga, Tír gan Anam. Agus is léir go bhfuil an smaointeacht seo le feiceáil i measc na Ghàidhligeoirí chomh maith.
Tá Rialtas na hAlbain tar éis a teacht amach agus a fhógairt go mbeadh meathlú na Gàidhlige á mhoilliú san tír neamhspleách. Ach anois agus muintir na tíre théis an chinne dhaonlathach a dhéanamh fanacht leis an Aontas, an ndéanfar an méid céanna infheistíocht, agus oibre, chun an Teanga a chur chun cinn.
“Bheadh áit lárnach ag an Ghàidhlig i saol phoiblí Albain neamhspleách” a deir Páirtí Náisiúnta na hAlbain. Trí tacú le seirbhísí na meán Ghàidhlige, BBC Alba, agus Radio nan Gàidhlig, agus dár ndóigh seirbhísí Rialtais as Gàidhlig a chuir ar fáil dóibh siúd a labhraíonn an teanga, bhí dul chun cinn mór le déanamh. Tá sé re-thábhachtach tacú lena bunseirbhísí seo chun na Gàidhlige a chosaint. Gan iad, ní fás a thiocfaidh ar an teanga, ach a mhalairt.
Is cuid lárnach í an teanga i stair, oidhreacht, agus cultúir na tíre. Tá Rialtais Westminister tar éis a fhógairt go mbeidh i bhfad níos mó chumhachtaí déabhlóidte (devolved) go Rialtais Dhún Éideann sna míosa beaga amach romhainn, ach feiceadh muid an dtacóidh siad le dul chun cinn teanga dhúchais na hAlbain.
Tharla réabhlóid teanga san Bhreatain Bheag leath chéid bliain ó shin, agus i mó thuairim, tá réabhlóid teanga ag tarlú leis an Ghaeilge i láthair na huaire. Tá réabhlóid teanga ag teastáil uaidh an Ghàidhlig. Níl na cearta céanna acu siúd a labhraíonn an teanga, níl sí scríofa mar príomh-theanga in aon bunreacht, nó níl aon Acht Teanga a sholáthraíonn cearta ar shaoránaigh ann.
Feiceadh muid an dtiocfadh na cearta seo, ó Westminister, do na Ghàidhligeoirí amach anseo. Seans go bhfuil sé ró dheireanach don Ghàidhlig, drochsheans go bhfuil suim dá laghad ag Rialtas Londain ar mhionteanga atá á labhairt suas sna Garbhchríocha.