Ciara Heneghan
Mar chuid den fheachtas atá ar bun ag an gCumann Gaelach agus Aontas na Mac Léinn le Seomra Caidrimh a bhunú ar champas tá dhá imeacht mhóra eagraithe don tseachtain seo.
Léirigh reachtaire an Chumainn Ghaelaigh, Pádraig Schaler, go raibh seomra caidrimh i ngach coláiste sa tír ach amháin i gColáiste na Tríonóide agus go raibh sé mar aidhm aige rud éigin a dhéanamh faoi.
Dar leis, “tá na céadta duine i gColáiste na Tríonóide le Gaeilge agus tá lár-ionad uainn dóibh. Áit gur féidir leo ar fad teacht le chéile agus an teanga a labhairt, mar atá in ollscoileanna eile ar fud na tíre. Tá sé deacair cuir síos a dhéanamh ar an difríocht go bhféadfadh seomra simplí a dhéanamh don Ghaeilge san ollscoil seo.” Faoi láthair na huaire tá seomra beag ag an gCumann san Atrium, ceann a bhíonn plódaithe gach Mairt agus na Ciorcail Comhrá ar siúl acu.
Gealladh seomra caidrimh in Ionad na Mac Léinn, an ‘Student Centre’ a bhí le tógadh san áit ina bhfuil Luce Hall anois. Thiteadh an plean sin as a chéile sa reifreann anuraidh agus anois tá plean malartach ag teastáil. Rinneadh iarracht rud éigin a eagrú i rith an tsamhraidh ach dúirt an Space Allocations Committee ag an am nach raibh sé in a thosaíocht.
Sa Town Hall Interview i Deireadh Fómhar bhí an méid seo le rá ag an Propast “This is an issue that really is important. I do believe that the Irish language is important (…) and I look forward to going myself to the Seomra Caidrimh to speak Irish with students.”
Ar an Máirt seo beidh seastán i mBloc na nDámh ó 10a.m. – 4p.m. áit go mbeidh an deis ag mic léinn agus foireann na hOllscoile a n-ainm a chur leis an achainí atá againn lena dtacaíocht don Seomra Caidrimh a léiriú. Tá os cionn 200 duine tar éis an achainí a shíniú cheana féin agus táimid dóchasach go mbeidh 1,000 síniú againn roimh Dhéaradoin.
Ar an gCéadaoin seo beidh an Parlour (sa JCR ar 44 Sráid an Phiarsaigh) á úsáid mar Sheomra Caidrimh sealadach idir 10am-4pm. Cé go bhfuil seomra atá suite i gcroílár an champais de dhíth don Seomra Caidrimh, tá an seomra seo á úsáid don lá le léiriú go bhfuil géar-ghá agus éileamh ar Sheomra Caidrimh. Beidh tae, caife agus brioscaí ar fáil ann saor in aisce.