Tá seans nach raibh ionadh ar éinne nuair a nochtadh líomhaintí chiníochais in aghaidh Cumann Stairiúil an Choláiste (an Hist) – an cumainn is sine sa Choláiste agus ceann de na cumainn is cumhachtaí de chuid na Tríonóide.
Ar an gcéad dul síos, níl ann sna líomhaintí a rinne Gabrielle Fullam, ball sinsir don Hist, ach liomhaintí, faoi láthair. Maíonn sé go rinneadh ionsaí rialta uirthi le ráitis chiníocha. B’fhéidir go gcloisfimid a thuilleadh faoi na líomhaintí ar leith roimh i bhfad, nuair a chuirtear deireadh le tréimhse thoghcháin an chumainn.
Mar sin féin: ní ábhar iontais í an tuairim go bhfuil ciníochas le fáil laistigh den Hist.
Is steréitíopa coitianta é go bhfuil a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil an scothroghnachas craobhaithe go smior i mbunclocha na Tríonóide, agus cumainn an Choláiste san áireamh. Tá cuid mhaith de na heagraíochtaí atá ar champas ann le breis is céad bliain, agus níos minice ná a mhalairt, bíonn iarsmaí conspóideacha an tseansaoil fós le feiscint sna heagraíochtaí, de dheasca gnás nó trí dhearmad.
Cé nach bhfuil mionsonraí líomhaintí Fullam le fáil againn, níl sé deacair a shamhlú go dtarlaíonn a leithéad de idirgníomhú laistigh de chumainn ar nós an Hist – agus laistigh de chumann eile de chuid na Tríonóide.
Tá sé soiléir nach bhfuil sé cóir nó cothrom go mbeadh ar na híospartaigh agóid a dhéanamh i gcoinne iompair mar seo – ach fós féin, níos minice ná a mhalairt, is orthu atá an dualgas agus leanann an status quo mar a bhíonn sé i gconaí.
Gan fhianaise dhaingean – atá deacair a bhailiú – is gnách nach gcuireann eagraíochtaí stop le na nósanna caolchúiseacha a spreagann an chiníochas, chomh maith le fadhbanna eile a bhaineann le neamhionnanas.
Is léir do chách go bhfuil morán oibre fós le déanamh ag na heagraíochtaí seo – agus is léir seo, ní amháin ó nuacht na seachtaine seo, ach ó scannail mór le rá san am a chaitheadh – ó úsáid an “focal n” ag an Phil an bhliain seo caite go dtí an léiriú a tharla ar chleachtais méalaithe an chumainn rúnda do fhir ar champas.
Níl sé éasca ar chumann éirí réidh le neamhionnanas seanchaite atá fréamhaithe ina bhonn. Ach ar champas na Tríonóide, áit a bhfuil buneolas faoi na ceisteanna seo níos airde ná riamh – níl leithscéal ar bith ann do bhearta siombalacha nó neamhaird a dhéanamh den tslí go bhfuil an cineál seo eisiamh struchtúrach.
Arís eile, tugann líomhaintí mar seo deis do institiúidí chumhachtacha na Tríonóide sos a thógaint, agus le cúnamh Dé, gníomhú.