Ghlac Éire le hárais mháithreacha agus leanaí le lúcháir arrachtach– níos mó ná aon tír ar domhan, dar leis an gCoimisiún Imscrúdúcháin ar Árais Mháithreacha agus Leanaí.
Chuaigh tuairim agus 56,000 bean agus 57,000 páiste tríd na hárais seo. Fuair os cionn 15 faoin gcéad den 57,000 páiste bás sna hárais. Tá stair ghruama ag Éirinn nuair a thagann sé go dtí an tslí ar chaith sí le mná agus páistí, agus léiríonn an córas cruálach eagraithe ag an Eaglais agus stát an chruálacht seo.
An tseachtain seo, thuairiscigh an University Times gur éascaigh agus gur ghlac iar-léachtóir Tríonóide– Dr Victoria Coffey– páirt i dtrialacha vacsaíne mí-eiticiúla in árais mháithreacha agus leanaí sna 1960dí.
Bhí an áras a raibh sí bainteach le mar cheann de na hárais a ghlac le na líonta is mó máithreacha faoi ocht mbliana déag d’aois.
D’ainneoinn go raibh an pháirt a ghlac an Tríonóid sna hárais mháithreacha agus leanaí beag, tá sí náireach agus ba cheart go n-aithneofar é.
D’inis Catherine Corless do Newstalk i ndiaidh tuairisce an Choimisiúin nach raibh marthanóirí ag lorg cúitimh, ach aitheantas “ó na daoine a ghortaigh iad agus a chur iad sa chás seo”.
Is cinnte go gceapfadh páistí i gceann de na hárais seo a tugadh leigheas trialach dóibh gan toiliú tuismitheora, go raibh Coffey mar chuid den chóras a bhain a n-óige uathu.
Is fiú don Tríonóid agus ollscoileanna Éireannacha eile aitheantas a thabhairt dá ról sna hárais mháithreacha agus leanaí– d’ainneoinn cé chomh beag agus atá sé– agus cabhróidh sé le marthanóirí chun deileáil leis na huafáis a tharla dóibh.
Chaith an Eaglais agus stát go hainnis le mná agus páistí– agus lig neart daoine orthu nach raibh a fhios acu cad a bhí ar siúl. Tugadh neamhaird orthu do i bhfad an iomarca ama. Thug daoine cosúil le Corless guth dóibh. Tá sé suas chuig institiúdí móra na hÉireann– cosúil leis an Tríonóid– chun éisteacht leo, agus an rud a thabhiart dóibh a chaitheadar na blianta ag fanacht ar: aitheantas ar cad a tharla dóibh.