Tá Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) tar éis a rá go bhfuil siad “go daingean” i gcoinne pointí breise a thabhairt isteach do dhaltaí Ardteiste a thugann faoin gcúrsa nua Gaeilge atá beartaithe do ghaelscoileanna agus cainteoirí líofa.
In alt ó Tuairisc.ie dúirt an ceardchumann go mbeadh “bearna pribhléide ó thaobh na Gaeilge” ann dá dtabharfaí pointí sa bhreis don chúrsa nua T1.
Ag cruinniú choiste Oireachtais na Gaeilge dúirt Ard-Rúnaí Cúnta Aontas Múinteoirí Gaeilge John MacGabhann gur “ábhar buartha” é do TUI go raibh “tuairim láidir amuigh ansin” ag eagraíochtaí Gaeilge agus pobal na Gaeilge go mba chóir pointí breise a chur ar fáil leis an gcúrsa.
Dar le MacGabhann: “Bhronnfadh sé buntáiste breise áit a bhfuil neart buntáistí faoi láthair. I scoileanna nárbh fhéidir leo TI a chur ar fáil, scoileanna sa scéim DEIS ach go háirithe, chuirfí na daltaí níos faide chun cúil.”
“Níor mhaith linn go n-osclófaí bearna pribhléide den sórt sin ó thaobh na Gaeilge de idir scoileanna T1 agus scoileanna T2.”
Dúirt sé go gcreideann an ceardchumann múinteoirí “go dionghbháilte” nach mbeadh sé “ceart ná cóir” socruithe nua curaclaim a thabhairt isteach “a dhéanfadh leatrom ar aicmí áirithe de dhaltaí na tíre.
Dar leis tá sé “de chuspóir ag cách cion agus meas ar an nGaeilge agus cumas sa teanga labhartha a chothú agus a láidriú i ngach aon dalta, is cuma cad as don dalta, cá dtéann sí ar scoil nó cé chomh saibhir nó bocht is atá a muintir”.
Mar fhreagra ar seo, dúirt Fíona Uí Uigínn, urlabhraí Gaeloideachas agus iarphríomhoide Gaelcholáiste in alt Tuairisc.ie : “Más ag caint faoi chothrom na Féinne atá muid, cén fáth nach bhfuil cúrsa níos éasca sa Bhéarla ar fáil do dhaltaí Gaeltachta nó daltaí atá atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge?”
“Más é an múnla seo, T1 and T2, an rogha atá curtha os ár gcomhair, ní fhéadfaí a bheith ag súil go ndéanfadh daltaí scrúdú níos dúshlánaí agus cúrsa a bhfuil níos mó oibre i gceist leis gan cúiteamh a dhéanamh leo. I gcomhthéacs an chórais CAO, níl bealach ar bith le cúiteamh a thabhairt seachas pointí breise a chur ar fáil.”
Dar le Dónal Ó hAiniféin Cathaoirleach An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) : “ Tá rogha ag gach scoil T1 nó T2 a ghlacadh agus tá sé de rogha ag gach dalta, is cuma cén meán teagaisc, is cuma cén cúlra, is cuma an Gaelcholáistí DEIS nó meánscoileanna Béarla iad.”
Ag trácht ar dhearcadh an TUI maidir le pointí bónais dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go raibh “an-díomá” air faoi.
Dar leis sheachain an TUI freagra a thabhairt ar an gceist “mura mbíonn pointí bónais ann do dhaltaí as scrúdú níos dúshlánaí a dhéanamh, cén fáth a ndéanfaidís é?”
I Mí Márta shínigh trí ghrúpa déag litir ag éileamh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) agus an t-Aire Oideachais Norma Foley stop a chur leis an bpróiséas comhairliúcháin don chúrsa nua Gaeilge. I measc na ngrúpaí a shínigh an litir ná Aontas na Mac Léinn in Éirinn (USI), Conradh na Gaeilge agus Gael Linn.
I Mí Bealtaine d’fhoilsigh An Gréasán torthaí shuirbhé ar mhúinteoirí trasna na tíre a léirigh go raibh 80 faoin gcéad de mhúinteoirí ar son pointí bónais nó cúiteamh sa bhreis a chur ar fáil do dhaltaí a thugann faoin gcúrsa T1.
Tá sé beartaithe dhá chúrsa nua Gaeilge a thabhairt isteach don ardteist – cúrsa T1 do dhaltaí i nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta agus cúrsa T2 oiriúnach do scoileanna Béarla amháin.