Comment & Analysis
Eagarfhocal
Mar 12, 2018

An Iliomad Mí-Áirimh i Scigdhráma na Táillí Athscrúduithe

Chruthaigh gníomhartha TCDSU agus an Choláiste leamhsháinn éachtach.

Read Editorial in English (Léigh as Bearla an t-Eagarfhocal) »
Leis an mBord Eagarthóireachta

Beagnach deich mbliana ó shin, chonaic campas na Tríonóide beart díreach stiúrtha ag Aontas na Mac Léinn Choláiste na Tríonóide (TCDSU). I mí na Shamhna 2009, d’áitigh thart ar 60 mic léinn an leabharlann mar agóid in aghaidh uaireanta leabharlanna laghdaithe.

Ach tá blianta fada imithe gan agóid chomh tromchúiseach le agóid Dé hAoine taobh amuigh den Long Room.

Bhí scála na hagóide suntasach. Bhí aird an meán náisiúnta an aidhm, ach taispeánadh frustrachas folaithe na mac léinn, frustrachas faobhraithe le blianta de ciorruithe buiséid. Chruthaigh mic léinn na Tríonóide gur féidir leo agóid a dhéanamh arís.

ADVERTISEMENT

Is léir gur gníomh millteanach é chun doras an taispeántas Leabhair Cheannanais, a fhaigheann airgead ó níos mó ná 2,000 cuairteoirí gach lá, a bhacadh. Ach, is cuimhin linn céard a déartear faoi uaireanta millteanacha.

Tá sé deacair a thuiscint, áfach, conas a shroicheamar na uaireanta millteanacha.

Ar dtús, molann an Coláiste táillí athscrúduithe go minic i rith na mbliana. Agus gach uair, bíonn TCDSU go dubh i gcoinne iad – ag bagairt beart díreach agus ag slógadh mic léinn go sciobtha nuair a chloistear an focail “táillí” – agus bíonn siad stoptha go sealadach. Siúd is go n-aontóimís nach bpléfimís cúrsaí an cháis, bheiféa ag súil go mbeadh náire ar ceannairí TCDSU toisc gur tharla sé nuair a bhí siad ag stiúradh an aontas.

Dealraíonn cheist na táillí athscrúduithe beagnach micreascópach i gcomórtas leis an bhfadhb maoinithe sa rannóg ard-oideachais. Ach tháinig cinneadh na Tríonóide iachall a chur ar mhic léinn chun táille €450 a íoc chun scrúdaithe a athdhéanamh ón neamart poilitiúla náisiúnta. Ar feadh beagnach deich mbliana, bhí an rannóg ard-oideachais ag fanacht ar réiteach do géarchéim a dhearan dochar uafásach do choláistí na tíre. Scríobh an Bord Eagarthóireachta faoi seo an iomarca uair i rith na mblianta.

Mar gheall ar an géarchéim seo, ní raibh an Tríonóid in ann billí modúlacha a chur i bhfeidhm – rud deimhneach a ceadódh mic léinn na modúil a theip orthu amháin a athdhéanamh, seachas an bhliain ina iomlán – gan airgead a aimsiú in áit éigin eile. Ach, dár ndóigh, ní thugann sé sin an cearta don Triónóid táillí píonósach a chur i bhfeidhm. Ná chreid focail plámásach an Leas-Propast, Chris Morash, agus é ag rá go gcaithfidh na dhá cheist neamhspléach a bheith ceangailte le chéile; is fírinne simplí gur féidir leat billí modúlacha a chur i bhfeidhm gan táíllí píonósach athscrúduithe a chur i bhfeidhm freisin.

Rinne an dhá thaobh sa suíomh seo an iliomad mí-áirimh a chruthaigh an leamhsháinn seo. Is deacair a thuiscint anois díospóireachtaí comhairle TCDSU i mí Eanair – díospóireachtaí seafóideacha agus fada faoi rogha pobalbreithe faoin gceist.

Níor inis Uachtarán TCDSU Kevin Keane do mhic léinn gur mhol Comhairle Airgeadais an Choláiste na táillí a thabhairt isteach mí iomlán roimhe sin. B’fhéidir gurbh é a shoineantacht ba chúis leis an easpa easaontú a thug sé don Chomhairle – ní luadh aon easaontú i miontuairiscí na cruinnithe – nó b’fhéidir gur gcuir sé an iomarca muinín i “gComhpháirtíocht Mic Léinn”. Frithchaitheann creideamh TCDSU go n-éisteodh an Choláiste le torthaí pobalbreithe na míosa seo chaite an soineantacht céanna agus an mhuinín gan bhonn i gcomhobair leis an gColáiste. Tá dhá féidearthachtaí ann, gur theip ar an aontas go hiomlán ag míniú an oiread a raibh siad i gcoinne na táillí seo, nó gur rinne oifigí an aontais botúin ollmhór, ag samhlú go raibh sibhialtacht cothrom le caidreamh bunaithe ar chomh-mheas.

Taispeánann an fírinne go bhfuil cuma ar Morash go bhfuil uafás air toisc go bhfuil mic léinn ar buile mar thug an Choláiste neamhaird do torthaí na pobalbreithe go bhfuil stiúrthóirí na hollscoile go hiomlán as tiúin lena mic léinn. Níos suntasaí, taispeánann sé gur cheap sé go mbeadh TCDSU rí-neamhinniúil ag obair i gcoinne an cinneadh.

Ach an mí-áirimh poilitúla is mó sa chás seo ná an leibhéal táille a chur an Coláiste i láthair. Dealraíonn a aonsmaoineamh le “neodracht costais” – an téarma a usáideann sé chun rá “ag fáil airgead ó áiteanna eile chun costas billí modúla a laighdiú” – an-ghearr-radharcach. Samhlódh duine, ag féachaint ar an freagairt mí-éifeachtach TCDSU roimh na seachtaine seo, go mbeadh freagairt níos lú dá gcuirfeadh táille €100 i bhfeidhm.

Níor cheart go n-aontódh mic léinn le aon táille athscrúduithe ar bith, ach is dócha go mbeadh an Choláiste a aidhm chun táillí athscrúduithe a chur i bhfeidhm a bhaint amach. Agus, mar atá ar eolais againne, nuair atá táille curtha i bhfeidhm, ní deacair é léibhéal na táille a ardú go staidéartha. (An eiseamlár is gránna ná an “táille síntiúise mic léinn”, a raibh €500 nuair a cuireadh é i bhfeidhm ar dtús ag deireadh na nóchaidí. Tá sé €3,000 anois, an dara costas mar sin is mó sa EU.)

Ag an bpointe seo, tá an díospóireacht seo beagnach acadúla. Agus, siúd is nach mbeadh freagairt TCDSU an seachtain seo riachtanach dá ndéanfadh sé a phost go díograiseach roimhe seo, rinne sé iarracht thar barr ag slógadh na mic léinn chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinneadh na Tríonóide. Níor cheart don aontas cuntasacht a sheacaint, ach nuair a deir daoine gur ceart go díreoimid ár fearg ag an gColáiste amháin anois, tá an ceart acusan.

Anois, tá beart díreach leanúnach riachtanach. Caithfidh sé a bheith dírithe agus neamhthrócaireach, go dtí go dtugann an Tríonóid faoi dheara nach stopfaidh na mic léinn.