Comment & Analysis
Eagarfhocal
Dec 7, 2021

Is Deas an Rud é Uirlis Tuairisce Anaithnide – ach ní ach Céim Amháin é

Tig le mic léinn an uirlis a úsáid chun ciapadh, mí-úsáid, nó bulaíocht déanta ag baill foirne nó ag mic léinn eile a thuairisciú gan ghearán foirmeálta chur isteach.

Leis an mBord Eagarthóireachta

Chuir an Tríonóid ardán tuairisce anaithnide ar fáil níos luaithe an tseachtain seo le haghaidh tarlúintí bulaíochta, leatroim, ciaptha, agus ionsaithe.

Tig le mic léinn “Speak Out” a úsáid chun a leithéid d’iompar a thuairisciú gan gearrán foirmeálta a chur isteach.

Iarrann an suíomh ar mhic léinn sraith ceisteanna ilrogha a fhreagairt maidir le gcineál agus le ham na faidhbe, an aicme daoine (mac léinn, ball foirne, srl) a bhí bainteach leis san áireamh. Ní iarrtar riamh ainmneacha na ndaoine a bhí bainteach leis, ná cur síos a dhéanamh air. Ar deireadh, cuirtear eolas tacaíochta agus slite chun gearrán a chur isteach – más mian leo é sin a dhéanamh – roimh na tuairisceoirí.

ADVERTISEMENT

Dúirt an Coláiste go mbaileoidh sé sonraí ón suíomh agus go n-úsáidfear é chun polasaithe nua a cheapadh. Is tionscadal dearfach é seo cinnte. Tá a fhios ag an Tríonóid agus ag na mic léinn araon gur iomaí fadhb mar seo atá ann, ach is cúnamh a bheas ann staitisticí a bhailiú faoi a ligfeadh don Choláiste na saghsanna ciaptha agus bulaíochta is coitianta ann a thuiscint le dul i ngleic leo. Thairis sin, tugann an tionscadal seo deis d’íobartaigh an fhadhb a thuairisciú tamall níos déanaí ón lár arna tharla sé, gan bheith orthu gearrán oifigiúil a chur isteach.

Tá an tionscadal mar chuid d’iarracht an Phropaist Linda Doyle “chultúr neamhfhulaingthe” a chothú sa Choláiste. Ach ní hionann fadhb a thuairisciú agus í a réiteach. Fiú go ligeann Speak Out do mic léinn tuairisc a dhéanamh, ní chuireann sé freagracht ar na hionsaitheoirí.

Caithfidh an Coláiste aidhm na huirlise seo, agus na roghanna agus polasaithe a thagann amach as, a fhógairt go léir. Is céim chun cinn é seo, agus níor cheart do bheith mar an t-aon fhreagra amháin ag an Tríonóid ar fhadhbanna eindéimeacha cosúil le hionsaí gnéis.

Bhí comhráite maidir le hathruithe molta ar pholasaí na Tríonóide faoi dhínit agus faoi mheas in ainm a tharlú i Mí na Samhna, ach níor cuireadh amach dátaí agus amanna na gcruinnithe sin ar fáil do mhic léinn mar ab ceart. Móide sin, cáineann an polasaí láithreach cheana a leithéid d’iompar, agus léiríonn sé slite gearrán atá ar fáil d’íobartaigh. Tá a fhios ag mic léinn agus ag baill foirne cheana gur fhadhbanna forleathana iad seo, agus níl mórán muiníne ann sa Tríonóid dul i ngleic leo.

Más mall é teacht Speak Out, is mithid. Tá sé tábhachtach sonraí a bhailiú agus polasaithe a chur i bhfeidhm, agus tá cuma ar an scéal nach bhfuil mórán díocais ar cheannaireacht na Tríonóide dul i ngleic leis na fhadhbanna seo go gníomhach.